le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Ní foláir do CESE a bheith rannpháirteach ó thús i dtionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh ionas gur féidir an comhar a dhéantar leis an tsochaí shibhialta a neartú. A bhuí leis an staidéar atá beartaithe ag CESE maidir le Cleachtais an idirphlé shibhialta a mhapáil in institiúidí an Aontais, is féidir ionchur luachmhar a chur ar fáil, dar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE.

Tar éis thús thimthriall polaitiúil nua an Aontais, agus tar éis Straitéis AE maidir leis an tsochaí shibhialta a thacú, a chosaint agus a chumhachtú a fhógairt don tríú ráithe de 2025 i gClár Oibre an Choimisiúin, thionóil Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta comhdháil d’fhonn aird a dhíriú ar na príomhghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le linn théarma 2024-2029. An 3 Márta, d’fhreastail tuairim is 100 duine ar an gcomhdháil, idir ionadaithe ó eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha de chuid na sochaí sibhialta (ESSanna) agus saoránaigh.

Dúirt Séamus Boland, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, go bhfuil ról ag na ESSanna maidir lena áirithiú go gcuirtear riachtanais na saoránach san áireamh agus beartais á gceapadh d'fhonn freastal orthu. Dhearbhaigh sé athuair go bhfuil iarrtha ag an nGrúpa agus ag an gCoiste araon go mbeadh baint ag CESE le hArdán na Sochaí Sibhialta atá beartaithe ag an gCoimisiún.

‘I bhfianaise na taithí atá aige, ní áirím an t-ardán a chuireann sé ar fáil, ní foláir do CESE a bheith rannpháirteach ó thús i dtionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh ionas gur féidir an comhar a dhéantar leis an tsochaí shibhialta a neartú. Ní mór lámh a bheith ag CESE i gcúrsaí rialachais agus ba cheart ról lárnach a thabhairt dó sa tionscnamh maidir le hArdán don tSochaí Shibhialta a chruthú,’ arsa an tUasal Boland.

D’áitigh sé, ina theannta sin, gur cheart idirphlé sibhialta atá struchtúrtha, rialta, trédhearcach agus cuimsitheach a chothú ag tógáil dóibh ar na struchtúir atá ann cheana, sin agus na geallsealbhóirí ábhartha uile a thabhairt le chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha meitheal um idirphlé sibhialta a chruthú agus CESE ag feidhmiú i gcáil éascaitheora ina leith.

‘D’fhéadfadh meitheal um idirphlé sibhialta treoirphlean a cheapadh maidir le conas timpeallacht níos fabhraí a chruthú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas múnlaithe beartas,’ arsa an tUasal Boland.  Céim thosaigh a bheadh ann i dtreo idirphlé sibhialta níos struchtúrtha agus b’fhéidir dul i ngleic leis na ceisteanna seo a leanas dá réir: cé leis a rachfar i gcomhairle, cé na saincheisteanna is cóir a chur san áireamh, cad iad na spriocanna a bheidh ann ó thaobh amlíne de agus cén toradh a bheidh ar an idirphlé féin?

Ar a mhuin sin, d’fhéadfadh an mheitheal atá molta leas a bhaint as an staidéar dar teideal Cleachtais an idirphlé shibhialta a mhapáil in institiúidí an Aontais atá beartaithe ag CESE faoi na cleachtais idirphlé atá ann cheana.

Rinne CESE an staidéar a choimisiúnú arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Táthar ag súil leis go mbeidh torthaí an staidéir ar fáil ó mhí Iúil 2025 i leith. Sa staidéar tugtar faoin idirphlé sibhialta a mhapáil mar a chleachtar é in institiúidí an Aontais féachaint cad iad na próisis atá i bhfeidhm faoi láthair a thugann ról do ESSanna agus cén cineál modheolaíochta a úsáidtear chucu. A bhfuil d’eolas againn faoi na cleachtais atá in úsáid cheana, ba cheart tarraingt air d’fhonn tacú leis an obair atá ar siúl ar son idirphlé sibhialta níos struchtúrtha sa timthriall reachtach nua. Chuir Berta Mizsei ón Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS) réamhthorthaí an staidéir i láthair cheana féin ag an gcomhdháil.

Cuireadh i bhfáth ag an gcomhdháil freisin gur réamhchoinníoll é bail cheart airgeadais a bheith ar na ESSanna d’fhonn idirphlé a chothú agus d’fhonn ligean do lucht ceaptha beartas freastal ar riachtanais na saoránach. Ní foláir a gcobhsaíocht airgeadais agus a neamhspleáchas a ráthú.

conclúidí agus moltaí na comhdhála le fáil ar shuíomh gréasáin CESE.