Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) In eagrán 2025 de YEYS tugadh le chéile thart ar 90 dalta ón Aontas Eorpach, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Tháinig Valeriia Makarenko an bealach ar fad ó limistéar cogaíochta Kharkiv san Úcráin chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann a tíre ag an ócáid. Labhair sí faoina thábhachtaí atá YEYS d’aos óg na hÚcráine agus d’inis sí faoin dóchas atá aici go mbeidh todhchaí níos gile i ndán don Úcráin mar thoradh ar an nglúin óg a fuair taithí ar an teacht aniar agus ar an aontacht le linn an chogaidh.

1) Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach go bhfreastalódh daoine óga ar imeachtaí Eorpacha ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat?

Creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfreastalódh daoine óga ar imeachtaí Eorpacha ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat! toisc go dtugann siad ardán dóibh a dtuairimí a roinnt, páirt a ghlacadh i bplé fiúntach agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú. Cuireann na himeachtaí sin deiseanna fíorluachmhara ar fáil ónar féidir foghlaim faoi phróisis chinnteoireachta, scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus nasc a dhéanamh lenár gcomhaoisigh i dtíortha eile. Tá an rannpháirtíocht sin níos tábhachtaí fós d’aos óg na hÚcráine toisc go dtugtar deis dúinn ár dtaithí féin a roinnt, tacú le lánpháirtiú na hÚcráine san Eoraip agus an dlúthpháirtíocht a chothú i measc aos óg na hEorpa.

2) Cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar aos óg na hÚcráine?
Gan amhras ar bith, tá saol aos óg na hÚcráine athraithe go mór mar gheall ar an gcogadh, mar atá, i réimsí an oideachais, na meabhairshláinte agus na slándála i gcoitinne. Mar shampla, b’éigean do lear mór daoine óga dul in oiriúint don fhoghlaim ar líne nó lonnú go háiteanna eile, faoi dhálaí dheacra éagobhsaí go minic. Mar sin féin, chothaigh an cogadh an teacht aniar sin atá ionainn – ní hamháin gur siombailí den chumhacht agus den neart iad aos óg na hÚcráine anois, ach tá páirt níos gníomhaí acu freisin san obair dheonach, sa ghníomhaíochas agus in iarrachtaí atógála, ar nós tionscadail pleanála uirbí. In ainneoin na ndeacrachtaí atá ann, tá rún daingean againn ár bhféiniúlacht a chosaint agus todhchaí ár dtíre a thabhairt slán.

3) Cén dóchas atá agat do thodhchaí aos óg na hÚcráine?
Is cinnte gur ceist chasta í ceist na todhchaí do gach ógánach san Úcráin. Tá súil agamsa agus ag mo phobal go mbeidh gach duine óg san Úcráin in ann teacht ar oideachas den chéad scoth, ar dheiseanna chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm agus ar thodhchaí shlán in Úcráin láidir neamhspleách. Tá súil agam freisin go leanfaidh an pobal idirnáisiúnta de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus í i mbun atógála ionas go mbeidh daoine óga ag déanamh go maith agus nach díreach ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal a bheidh siad. Tá an-acmhainn in aos óg na hÚcráine, agus is ábhar misnigh é níos mó daoine óga a fheiceáil ag glacadh páirt i dtionscadail éagsúla san oideachas, san eolaíocht, in athchóiriú an bhonneagair agus i réimsí eile. Thar aon ní eile, tá súil agam go mbeidh todhchaí níos gile, níos nuálaí agus níos daonlathaí i ndán don Úcráin mar thoradh ar an nglúin óg a fuair taithí ar an teacht aniar agus ar an aontacht le linn an chogaidh.

4) Cé na smaointe deiridh atá agat faoin imeacht seo?  

Fuair mé an-spreagadh agus mé anseo. Fiú trí chomhrá a dhéanamh nó a bheith ag éisteacht agus anailís a dhéanamh ar a raibh á rá ag rannpháirtithe eile, is féidir liom a rá gur fóram an-chumhachtach atá ann, agus gur leor teacht le chéile chun an rud is féidir linn a chur i gcrích le chéile a thaispeáint. Mar shampla, roinnt de na tionscadail a chuireamar i gcrích, ba chabhair mhór iad linn chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar thíortha eile. Chuir mé eolas ar an oiread sin rudaí spéisiúla nua faoi thíortha éagsúla. Táim an-sásta gur ghlac mé páirt san imeacht agus táim bródúil as go raibh mé anseo. 

Is dalta 16 bliana d’aois as Kharkiv na hÚcráine í Valeriia Makarenko. Tá sí i mbliain 10 ag Lyceum #99 in Kharkiv.