European Economic
and Social Committee
Athléimneacht agus iomaíochas a neartú i Seimeastar Eorpach 2025
Tá a phríomh-mholtaí eisithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) maidir le Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair, mar atá infheistíochtaí straitéiseacha agus comhar níos láidre chun athléimneacht agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú.
Is i dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Feabhra a chuir CESE na moltaí sin chun cinn. Leag sé béim inti ar an inbhuanaitheacht, ar athchóirithe ar mhargadh an tsaothair agus ar ailíniú níos fearr idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais, mar aon le ról níos mó a thabhairtdon tsochaí shibhialta.
Chuir CESE in iúl gurb oth leis nár foilsíodh Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, ar doiciméad beartais ríthábhachtach é. Chuir sé chun suntais gur gá d’institiúidí an Aontais ullmhú do rioscaí geopholaitiúla a d'imreodh tionchar ar an trádáil, ar an mboilsciú agus ar an bhfás.
Léirigh CESE a thacaíocht do thionscnamh an Chompáis Iomaíochais agus d'éiligh sé go ndéanfaí infheistíochtaí in earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach, Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha san áireamh. D’éiligh sé freisin ról níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta, athbhreithniú pragmatach a dhéanamh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), agus feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun gur fearr na beartais eacnamaíocha agus táirgiúlacht. (tk)