European Economic
and Social Committee
Staidéar nua ó CESE maidir leis an intleacht shaorga ghiniúnach: cur le hiomaíochas na hEorpa i réimse na hintleachta saorga
Tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas Eorpach ó thaobh fhorbairt na hintleachta saorga de. Cé go bhfuil margadh na hintleachta saorga giniúnaí (GenAI) ar maos le cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe – agus 80 % den infheistíocht phríobháideach dhomhanda á déanamh sa tír – tá dul chun cinn an-tapa á dhéanamh ag an tSín. Chun a fháil cad atá ag teastáil chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) staidéar nua i gcomhar leis an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS).
Ullmhaíodh an staidéar faoi scáth na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT) in CESE agus déantar é a phlé go minic laistigh d’Fhaireachlann CESE um an Margadh Aonair Digiteach. Breathnaítear ann ar na deiseanna, na dúshláin agus na bearta beartais mhóra is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar sheasamh na hEorpa ó thaobh na hintleachta saorga de.
Príomh-Mholtaí don Aontas Eorpach:
- Borradh a chur faoin infheistíocht san intleacht shaorga agus faoin ríomhchumhacht – ní mór don Eoraip cur le méid na n-infheistíochtaí a dhéanann sí i mbonneagar intleachta saorga chun an nuálaíocht a chothú.
- Díriú ar thrí earnáil ardacmhainneachta – is féidir leis an intleacht shaorga borradh a chur faoin bhfás i dtionscal na ngluaisteán, san fhuinneamh glan agus san oideachas.
- An intleacht shaorga foinse oscailte a chur chun cinn – ach samhlacha oscailte intleachta saorga a spreagadh, tiocfaidh feabhas ar inrochtaineacht agus ar iomaíocht.
- Iarrachtaí taighde agus forbartha a chomhtháthú ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais.
An tSochaí Shibhialta a Chumhachtú maidir leis an Intleacht Shaorga a Rialú
Leagtar béim sa staidéar ar a thábhachtaí atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) maidir le beartais agus rialachas intleachta saorga a mhúnlú. Chun gné na cuimsitheachta agus glacadh eiticiúil na hintleachta saorga a fheabhsú, cuirtear roinnt moltaí chun cinn sa tuarascáil, mar atá:
- Cláir litearthachta intleachta saorga – tionscnaimh oiliúna agus tionscnaimh idirphlé shóisialta chun oibrithe agus an pobal a chumhachtú.
- Cur chuige an deartha shóisialta – a chinntiú go bhfuil forbairt na hintleachta saorga dírithe ar an duine agus ailínithe le riachtanais na sochaí.
- Cistiú méadaithe do ESSanna – tacú le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha a dhúnann an bhearna idir teicneolaíocht intleachta saorga agus tuiscint an phobail.
- Glacadh eiticiúil na hintleachta saorga – tús áite a thabhairt do chórais intleachta saorga iontaofa atá ailínithe le luachanna Eorpacha.
Leas a bhaint as acmhainneacht CESE sa bheartas maidir leis an intleacht shaorga
Is maith a bheadh CESE ann rannpháirtíocht struchtúrtha ESSanna sa bheartas maidir leis an intleacht shaorga a éascú. Moltar sa staidéar go rachfaí i muinín intleacht shaorga foinse oscailte agus go ndéanfaí nuálaíocht eiticiúil a chur chun cinn trí leas a bhaint as an soláthar poiblí agus as scéimeanna cistiúcháin. Bheadh ról lárnach ag CESE sa mhéid sin mar mhol a chomhoibreodh le ESSanna agus le pobail foinse oscailte agus a mhúsclódh feasacht maidir le tionchar na hintleachta saorga ar an tsochaí.
Tá gluais aontaithe na hintleachta saorga curtha san áireamh sa staidéar freisin féachaint le teanga choiteann a bhunú. Ar an gcaoi sin, is féidir cumarsáid éifeachtach a chinntiú i measc an lucht ceaptha beartas, an lucht forbartha agus na húsáideoirí. Tá sé sin ríthábhachtach má táthar leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a rialú agus a chur in úsáid ar bhealach freagrach i ngach earnáil.
Roinnfear an staidéar le príomhinstitiúidí an Aontais agus táthar ag súil go gcuirfear san áireamh é sna beartais a dhéanfar amach anseo maidir leis an intleacht shaorga. Tá an tuarascáil iomlán le fáil anseo. (vk)