Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

Ba cheart don chaiteachas cosanta agus an caiteachas sóisialta a bheith fite fuaite ina chéile – níor chóir an stát leasa shóisialaigh a ghéilleadh ar mhaithe leis an gcaiteachas cosanta a mhéadú. Uirlis ríthábhachtach é an stát láidir leasa shóisialaigh maidir le stop a chur le páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis réimis uathlathacha ar nós na Rúise a chur ar bun san Aontas.

Anois agus tús á chur leis an gceathrú bliain den chogadh san Úcráin, is iomaí duine a bhfuil méadú ar an gcaiteachas cosanta á iarraidh aige, go háirithe i bhfianaise a bhfuil tarlaithe i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. Ní féidir le tíortha na hEorpa talamh slán a dhéanamh den chosaint a thuilleadh. Is iomaí ábhar a raibh toirmeasc air go dtí seo atá faoi chaibidil go hoscailte ar an leibhéal Eorpach anois, ní hamháin ó thaobh cúrsaí míleata de ach ó thaobh ualach breise fiachais de freisin.

Mar sin féin, tá dreamanna áirithe ann a thugann le tuiscint gur gá gurb ionann méadú ar an gcaiteachas cosanta agus laghdú ar an leas sóisialach – amhail is gurb é is cúis le neart míleata na Stát Aontaithe a laghad cosaint cheart shóisialta atá sa tír sin, nó gurb é is cúis le harm a bheith lag pinsin agus slándáil shóisialta a bheith ag an bpobal.

Is mian le Grúpa na nOibrithe aird a tharraingt ar an dá shaincheist a leanas:

  • Is sa dara háit ar domhan maidir leis an gcaiteachas míleata atá an tAontas Eorpach ina iomláine. Cé gur féidir, i gcásanna áirithe, go bhfuil gá le caiteachas coiteann nó caiteachas breise, is é an rud is mó a bhfuil gá leis chun an uathriail straitéiseach a áirithiú ná comhordú agus tionscadail chomhpháirteacha. Ní mór dúinn sinn féin a chosaint, seachas dul in iomaíocht leis na Stáit Aontaithe ar fud an domhain.
  • Stát leasa shóisialaigh a fheidhmíonn i gceart, in éineacht le hiarrachtaí an bhochtaineacht agus an neamhionannas a chomhrac, is uirlis ríthábhachtach é sin maidir le bac a chur ar theacht i gcumhacht na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis in an-chuid Ballstát. Na páirtithe sin den eite dheis radacach, dream atá ag dul i dtreise, is beag meas atá acu ar an daonlathas, is go mór i gcoinne an chuid is mó de luachanna na hEorpa atá siad, is ag dréim le réimis uathlathacha ar nós réimeas na Creimile a chur ar bun i mBallstáit an Aontais atá siad agus, má bhaineann siad cumhacht amach, déanfaidh siad cinnte de nach féidir le beartas comhordaithe cosanta teacht chun cinn.

Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit breathnú ar an gcosaint agus an infheistíocht shóisialta mar dhá rud a théann chun tairbhe dá chéile, dhá rud a éascaíonn a chéile.