Hélène Theunissen: “Ealaíontóirí nach bhfuil i riocht saothair a chruthú, fágtar in ísle brí iad”

Is cuid de dhamáiste comhthaobhach na paindéime seo na healaíontóirí. Tá na hamharclanna dúnta, fiú má athosclaíodh cuid díobh go sealadach ar feadh tamall gairid idir an dá linn. Is iomaí aisteoir, stiúrthóir, ceoltóir, damhsóir agus teicneoir in earnáil na siamsaíochta atá gan obair sa saol neamhghnách seo. Is é an toradh is mó atá air sin ná an eagla a bhraitheann siad faoin todhchaí agus an frustrachas nach beag atá orthu.
Ealaíontóirí nach bhfuil i riocht saothair a chruthú, mothaíonn siad folamh, gan mhaith.


Cé gurb iomaí duine a shíleann gur féidir earraíocht a bhaint as an tréimhse seo chun roinnt léitheoireachta nó scríbhneoireachta a dhéanamh, chun filleadh ar thionscadail reatha nó cromadh ar thionscadail nua - is í fírinne an scéil í nach féidir tarraingt ar an inspioráid pé uair is áil leat. Nuair a bhíonn éiginnteacht ann agus imní ar go leor ealaíontóirí, is lú an seans go dtiocfaidh inspioráid chucu. Is deacair leas a bhaint as an tréimhse “éigeantach” seo, a brúdh orainn, toisc go bhfuil an gnátham ann as, rud nach mian linn ná nár iarramar, ar ndóigh. Tá na healaíontóirí in ísle brí go mór dá dheasca sin. Agus de réir mar a théann an scéal chun fadála, is ea is mó an lionn dubh a bhíonn orthu. Is é seo an tríú huair, laistigh de bhliain, ar dúnadh na hamharclanna agus ar cuireadh léirithe ar ceal.
 
Ná dearmadaimis na hiarmhairtí airgeadais! Is fíor gur cuidiú áirithe iad na liúntais dífhostaíochta atá ar fáil ach cuirtear go leor ama amú ag iarraidh na bearta riaracháin fada casta a ghabhann leo a chur i gcrích. Ní de dhroim oíche a bhaineann t-airgead an cuntas bainc amach, ní bhaineann ná é, agus ní chlúdaíonn an liúntas dífhostaíochta ach cuid den tuarastal. Is ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal a bhíonn go leor ealaíontóirí dá réir.
 
Maidir le hathsceidealú, tá na seacht sraith ar an iomaire ag na stiúrthóirí amharclainne agus ní foláir dóibh roghanna deacra a dhéanamh ina theannta sin, cuir i gcás, seónna a cuireadh siar cheana de thoradh na géarchéime sláinte a chur siar arís eile. Is iad na tionscadail nua is deireanaí a chuirtear san áireamh. Tá “scrogall” ceart sna hamharclanna, sna hárais cheoldrámaíochta, sna pictiúrlanna agus in earnáil na n-imeachtaí i gcoitinne. Ní mór an fhéachaint suas atá acu agus is ábhar mór imní é sin dóibh.

Agus an éiginnteacht seo ann, tá sé geall le bheith dodhéanta slí a aimsiú chun bheith eagraithe.
 
Ní hamháin gur tarcaisneach an ní é daoine a chloisteáil ar na meáin ag caitheamh linn mar a bheadh gné “neamhriachtanach” den tsochaí ann, ach cothaíonn sé amhras i measc an uile dhuine againn a bhíonn ag obair i réimse an chultúir. Tá mo shaol ar fad curtha isteach agam ag plé leis an gceird seo: is ábhar mór bróin agus lagmhisnigh dom an stát a chloisteáil á rá gur post “neamhriachtanach” atá á chleachtadh agam. Tá na healaíontóirí i gcruachás, mar sin, ó thaobh airgid de agus ó thaobh misnigh.
 
Tábhacht a bheith linn athuair
 
Ní bhíonn néal gan ghealán. Chonacthas go leor dlúthpháirtíochta idir na healaíontóirí. Ar a mhuin sin, tá na teicneolaíochtaí nua úsáideach do roinnt ealaíontóirí, óir chuir siad ar a gcumas dóibh bealaí nua a aimsiú chun a gcuid ealaíne a chur in iúl. B’éigean dóibh slite nua a cheapadh chun teacht slán. Ní bhuafaidh aon ní, ámh, ar thábhacht an aisteora féin beo ar stáitse os comhair slua. Is éard is iontaí ar fad faoi léiriú nó seó beo ná an caidreamh uathúil, thar an ngnách sin idir an t-ealaíontóir agus an pobal, agus iad i láthair a chéile. Is gá don ealaíontóir agus don phobal a bheith ar aon láthair le chéile ionas gur féidir an nóiméad grástúil ealaíne sin a chruthú.
 
Mothaíonn an pobal an cultúr uathu agus is rud dearfach é sin. Nuair a osclófar na lárionaid chultúir arís, sílim go ndéanfar an pobal a mhúscailt ar bhealach nua, mar tuigfidh siad a thábhachtaí atá an cultúr dóibh agus a riachtanaí atá na healaíontóirí don tsaoirse agus don fhorbairt chomhchoiteann. Tá súil agam go mbeidh fonn ar dhaoine taitneamh a bhaint as an gcultúr níos mó ná riamh.
 
Sa réimse oibre seo, tá an ghéarchéim casta is cuma cén aois thú. Ach is é an t-aos óg is mó atá caillteach léi. I láthair na huaire, san Ardscoil Drámaíochta, oibrím le mo mhic léinn - ar ábhair aisteoirí iad - gan fiú a n-aghaidh a fheiceáil. Tá siad in umar na haimiléise agus frustrachas nach beag orthu. Iad siúd a bhfuil a gcéim díreach bainte amach acu, ní féidir aon fhéachaint suas ceart a bheith i ndán dóibh faoi láthair. Níl rochtain acu ar líonraí gairmiúla faoi mar a bhíodh. Teastóidh tacaíocht mhór uathu nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim seo.
 
Ach buaileadh gach glúin den cheird go mór de dheasca an earnáil a bheith ina stad. Dá mhéad ár dtaithí ar an gceird is ea is mó an fonn a bhíonn orainn filleadh ar an stáitse. An ghlúin ealaíontóirí is sine dínn, is eagal leo nach mbeidh aon ghnó ann dóibh ina dhiaidh seo. Dar leo gur creill bháis dá ngairm an tréimhse easpach seo.
 
Cuirimid chun comhraic de réir an leibhéil fuinnimh phearsanta atá againn. Cuid de na healaíontóirí, tá siad ar an dé deiridh agus gan aon inspioráid fágtha acu. Tá dhá oiread fuinnimh ag roinnt eile díobh agus iad ar a ndícheall ag iarraidh a mbeatha a thabhairt i dtír ar dhóigh nó ar dhóigh eile. Baineann siad leas as na meáin shóisialta agus as teicneolaíochtaí nua, mar shampla. Agus ansin tá siad ann, ar mo chuma féin, a bhíonn lán d’fhuinneamh lá amháin agus gan bhrí an lá dár gcionn.

Hélène Theunissen