European Economic
and Social Committee
Iarrann an Coimisinéir Johansson tacaíocht ó CESE do chur chuige Fhoireann na hEorpa maidir le himirce an lucht saothair
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, phléigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Pacáiste Soghluaisteachta Tallainne. Is é atá sa tionscnamh seo sraith beart nua a ceapadh chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do thallann ó lasmuigh den Aontas, agus chun an tsoghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú.
D’iarr an t-aoichainteoir, an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, ar CESE tacaíocht a chur ar fáil chun na Ballstáit agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile chun go nglacfaidh siad leis an nuálaíocht sin agus chun a áirithiú go mbeidh beartas éifeachtach ann maidir le himirce an lucht saothair.
Is ceann de na bearta bunúsacha sa Phacáiste Soghluaisteachta Tallainne é an tionscnamh ‘Linn Tallaine’, an chéad uirlis meaitseála deonaí ar leibhéal an Aontais, lenár féidir leis na Ballstáit leasmhara fostóirí ón Aontas agus cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a thabhairt le chéile.
Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir go bhfuil ‘ganntanas mór lucht saothair agus scileanna roimh an Aontas i ngeall ar an aistriú chuig an ngeilleagar glas agus an geilleagar digiteach, agus dúshláin dhéimeagrafacha. Ionstraim amháin i measc ionstraimí eile is ea an pacáiste soghluaisteachta tallainne, ar féidir úsáid a bhaint aisti chun na dúshláin sin a mhaolú’.
D’iarr an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, go mbeidh cur chuige Fhoireann na hEorpa ann i leith imirce an lucht saothair a mbeidh gné Eorpach níos leithne ag baint leis. ‘Is inniúlacht náisiúnta den chuid is mó í imirce an lucht saothair agus leanfaidh sí de bheith amhlaidh. Ach ní mór dúinn cur chuige Fhoireann na hEorpa a chruthú, cur chuige ina mbeidh institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag obair le chéile chun tionscnaimh nua a chur ar fáil agus chun cur chun feidhme beartas soghluaisteachta saothair a éascú.’
Chuir Tatjana Babrauskienė, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime Pacáiste Soghluaisteachta Tallainne a glacadh ag an seisiún iomlánach sin, i bhfios go láidir ‘nach mór do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith ina huirlis phraiticiúil atá éasca le húsáid, iontaofa, agus tarraingteach ó thaobh na n-oibrithe agus na bhfostóirí de. Ag an am céanna, ní mór di tacú le himirce dhleathach chothrom agus eiticiúil an lucht saothair’. (at)