Bhí pacáiste an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cosaint an Daonlathais ina ábhar díospóireachta ag seisiún iomlánach CESE i mí Aibreáin. Tá amhras curtha in iúl ag comhaltaí CESE faoina bhfuil an t-am ceart ann agus an cur chuige ceart roghnaithe don phacáiste, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach. D’áitigh CESE nach bhfuil an pacáiste éifeachtach, ach, níos measa fós, go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do spásanna sibhialta san Eoraip freisin.

D’ainneoin go bhfuil sé beartaithe leis an bpacáiste maidir le cosaint an daonlathais an trédhearcacht agus an chuntasacht dhaonlathach a fheabhsú san Eoraip, measann CESE go bhfuil locht mór air. Áitíonn sé go bhfuil an pacáiste i bhfad ródhéanach chun aon fhíorthionchar a imirt ar thoghcháin Eorpacha 2024 atá ar na bacáin agus gur theip air aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coiste roimhe seo maidir le daonlathas na hEorpa a neartú.

Is é a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, maidir leis na ‘dainséir’ atá ann dár ndaonlathais go bhfuil sé tábhachtach béim a leagan ar fhreagairt láidir an Aontais agus ar dhea-theist an Choimisiúin reatha maidir le cosaint an daonlathais, na gceart bunúsach agus an smachta reachta. Dúirt sé freisin gur éist CESE leis na hábhair imní a chuir go leor gníomhaithe sa tsochaí shibhialta in iúl maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an bpacáiste, agus nár mhór dúinn teacht ar chur chuige coiteann chun cosaint an daonlathais agus na coimircí uile a theastaíonn a úsáid le chéile chun an spás sibhialta a chaomhnú.

Cé go dtacaíonn CESE le cuspóirí trédhearcachta na treorach atá beartaithe maidir le brústocaireacht a dhéantar thar ceann tríú tíortha, tá sé go mór i gcoinne na modhanna atá beartaithe, agus rabhadh á thabhairt aige i gcoinne tionchar neamhbheartaithe ar na spásanna sibhialta. Dúirt Christian Moos, rapóirtéir na tuairime An pacáiste maidir le cosaint an daonlathais, go bhfuiltear den tuairim go bhfuil an treoir sin contúirteach. Seo mar a labhair sé: ‘Tá sé ar nós dlí ‘gníomhairí eachtracha’. D’fhéadfadh sé eagraíochtaí neamhrialtasacha a stiogmatú. Is léir gur cheart an togra reatha a tharraingt siar. Tá an baol ann go gcuirfidh sé leis an bhfadhb a bhaineann le laghdú na spásanna sibhialta san Eoraip, agus is rud é sin nach mbeadh ag teastáil go deo ón gCoimisiún.’

Chuir an comhrapóirtéir José Antonio Moreno Díaz amhras in iúl maidir le cumas an phacáiste aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an lagú ar an daonlathas laistigh de theorainneacha AE. Trí dhíriú go róchúng ar bhagairtí seachtracha, déantar neamhaird sa phacáiste ar na hiarrachtaí fealltacha atá á ndéanamh chun na daonlathais san Aontas a dhíchobhsú ón taobh istigh, rud a chruthaíonn laige chontúirteach.

Tuigeann an Coimisiún go bhfuil ábhair imní ann faoi thionchar an phacáiste ar eagraíochtaí neamhrialtasacha ach creideann sé go bhfuil coimircí i bhfeidhm a chosnóidh iad. (gb)