European Economic
and Social Committee
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá leis?
An 6 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht maidir le Comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Tionsclaíocht Ghlan, cúpla lá roimh an bplé a bhí beartaithe ag an gComhairle don 12 Márta. Rinne lucht ceaptha beartas, ceannairí tionscail agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta an plean a chíoradh lena fháil amach an bhféadfadh sé tacú i gceart le hearnáil teicneolaíochta glaine, tionscail dianfhuinnimh agus uathriail straitéiseach na hEorpa.
I bhfianaise a éagobhsaí agus atá cúrsaí geopholaitíochta agus na n-athruithe atá ag teacht ar an gcaidreamh trasatlantach, is práinní ná riamh an gá atá ag an Eoraip le huathriail straitéiseach. Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan dlús a chur leis an dícharbónú agus, san am céanna, borradh a chur faoin iomaíochas tionsclaíoch, agus na praghsanna fuinnimh a ísliú mar an chéad chéim. Tá amhras ann go fóill, áfach, faoina indéanta agus atá sé agus faoi cheist an chistiúcháin.
‘Níl i gceist anseo rogha a dhéanamh idir an uathriail, an t-iomaíochas agus an dá aistriú. Baineann sé seo le gach earnáil thionsclaíoch agus ní mór dóibh go léir oiriúnú a dhéanamh, ar a luas féin ach de réir gealltanais shoiléire,’ arsa Pietro de Lotto, Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE, agus é ag cur in iúl gur ceist chothromaíochta atá ann.
Tá sé curtha i bhfáth ag an gCoimisiún Eorpach gur riachtanas geopholaitiúil é a bheith neamhspleách ar fhuinneamh na Rúise, ach is ábhar imní atá ag dul i méid é meath tionsclaíoch na hEorpa. Tá laghdú suntasach tagtha ar an aschur tionsclaíoch agus ar theacht isteach na hinfheistíochta dírí coigríche le dhá bhliain anuas.
Dúshlán ollmhór a bheidh sa chistiúchán. Má táthar le cuspóirí an phlean a bhaint amach, beidh ar institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus an lucht tionscail dul i gcomhar le chéile. Cé go bhfuil frithráthaíochtaí €500 milliún geallta ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon le €1.5 billiún le feabhas a chur ar na heangachaí fuinnimh, caithfidh na rialtais náisiúnta acmhainní breise a thabhairt le chéile.
Saincheist ríthábhachtach eile is ea tionchar sóisialta na aistrithe, go háirithe i gcás na dtionscal dianfhuinnimh a bhfuil líon suntasach post caillte iontu cheana féin. Cheistigh ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta an bhféadfadh sé go mbeadh de thoradh ar chánacha fuinnimh a laghdú, ar ceann de phríomh-mholtaí an Chomhaontaithe é, go laghdófaí an méid a chaitear ar an oideachas agus an tsláinte.
D’ainneoin an dóchais a bhaineann le haidhmeanna fadtéarmacha an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, chuir saineolaithe in iúl an t-imní atá orthu nach mbeadh sé in ann dul i ngleic le cuid de na dúshláin ghearrthéarmacha. Tá ríthábhacht ag baint leis an luas agus an simpliú, ó d’fhéadfadh ardchostais fuinnimh agus bacainní rialála moill a chur ar an dul chun cinn. Dúshláin atá in ilroinnt na mbeartas náisiúnta i gcónaí, agus tá baol ann nach dtapófar an deis atá sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan na beartais thionsclaíocha a thabhairt le chéile ar fud na hEorpa.
Údar imní eile is ea an neodracht theicneolaíoch, agus is ábhar díospóireachta an rud is cothromaíocht chuí idir na foinsí in-athnuaite fuinnimh, an hidrigin agus bithbhreoslaí. Cé gur díol sásaimh an bhéim atá leagtha ar an bhfuinneamh in-athnuaite, tá gá fós le tiomantas láidir don éifeachtúlacht fuinnimh. A bhuí leis an bhfuinneamh in-athnuaite tá €100 billiún sábháilte cheana féin ag na tomhaltóirí idir 2021 agus 2023. Dea-scéal é sin agus ba cheart don Aontas leanúint air sa treo sin. (jh)