European Economic
and Social Committee
Beartas um méadú: Beidh ionadaithe ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas rannpháirteach in obair CESE
An 15 Feabhra, sheol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go hoifigiúil a thionscnamh chun fáilte a chur roimh ionadaithe na sochaí sibhialta ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas. Roghnaíodh 131 chomhalta as na tíortha is iarrthóirí san iomlán chun bheith rannpháirteach sa díorma de shaineolaithe sochaí sibhialta a ghlacfaidh páirt in obair an Choiste, rud a fhágfaidh gurb é CESE an chéad institiúid a osclóidh a dhoirse do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas.
Tá an tionscnamh seo ar cheann de thosaíochtaí polaitiúla Uachtarán CESE Oliver Röpke. Leagtar síos leis an tionscnamh caighdeáin nua maidir le tíortha is iarrthóirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais, rud a éascaíonn comhtháthú forchéimnitheach na dtíortha sin san Aontas Eorpach ar bhealach fóinteach.
Cuireadh tús leis an tionscnamh ag seisiún iomlánach CESE. Chuir Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Milojko Spajić, Príomh-Aire Mhontainéagró, agus Edi Rama, Príomh-Aire na hAlbáine in iúl gur dhíol sásaimh dóibh an tionscnamh. I dteannta na rannpháirtithe sin, bhí ionadaithe ón tsochaí shibhialta ó naoi dtír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin) agus ghlac tíortha is iarrthóirí eile páirt ar líne. Ghlac na rannpháirtithe uile páirt i ndíospóireacht iomlánach de chuid CESE den chéad uair.
Ag an ócáid stairiúil seo, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Röpke: ‘Ní féidir linn na tíortha is iarrthóirí a choinneáil ag fanacht a thuilleadh. Sin an fáth ar chinn CESE a dhoirse a oscailt do na tíortha is iarrthóirí agus ról a thabhairt dá n-ionadaithe – na comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí – in obair an Choiste’.
‘Is mór againn na gnéithe sin den chomhtháthú forchéimnitheach. Ní héard atá i gceist teacht ar bhealach timpeall ar bhallraíocht, ach tíortha Réigiún na mBalcán Thiar agus an tAontas a ullmhú don chomhtháthú, trí chur chuige bunaithe ar fhiúntas a ghlacadh’, arsa an Príomh-Aire Spajić.
‘Creidim go láidir gur cheart an méid seo titim amach i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach agus sa Chomhairle Eorpach. Is ar an gcaoi sin amháin ar féidir freastal ar leasanna na bpáirtithe uile agus dinimic nua a thabhairt isteach’, a dúirt an Príomh-Aire Rama.
Seo mar a labhair Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht: ‘Is leas coiteann é méadú an Aontais. Is infheistíocht gheostraitéiseach don Aontas i gcónaí é. Is ar an gcúis sin a thacaímid le seoladh thionscnamh an lae inniu agus leis na tionscnaimh uile eile a chabhraíonn leis na tíortha comhpháirtíochta athchóirithe a chur chun feidhme go héifeachtach, athchóirithe a mbeidh geilleagar agus daonlathas níos láidre mar thoradh orthu’.
Is féidir teacht ar an liosta iomlán de na comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí a roghnaíodh don díorma anseo. (at)