European Economic
and Social Committee
Cosc ar mhuintir na hAlbáine: Scéal imircigh amháin ar na dúshláin a bhí roimhe, na bealaí ar éirigh leis é féin a oiriúnú dá thír nua agus an misneach atá aige fós
Labhraíonn Almir Hoxhaj, inimirceach Albánach a tháinig chun na Gréige, an Ghréigis anois ag leibhéal atá chomh maith lena mháthairtheanga. Tar éis níos mó ná 30 bliain caite aige sa Ghréig, mothaíonn sé ar a chompord sa tír, ach ní raibh sé éasca air a oiriúnú do shochaí na Gréige ina n-úsáidtear an focal ‘Albánach’ mar mhasla. Seo a scéal féin.
Rugadh i sráidbhaile bheag mé i gceantar Avlonas, áit a raibh cónaí orm go dtí go raibh mé dhá bhliain déag d’aois. Bhog mo theaghlach go Tirana, ach in 1997 rinne mé an cinneadh deacair dul sa tóir ar thodhchaí níos fearr agus bhog mé chun na Gréige. Rinne go leor daoine an taisteal sin ag an am sin, tar éis d’oscailt na dteorainneacha, chuaigh na mílte Albánach chun na Gréige agus sábháilteacht á lorg acu agus níl aon dabht go raibh sé ní b’éasca é sin a dhéanamh mar gheall ar na teorainneacha talún a roinneann an Albáin leis an nGréig. Thrasnaigh mé an teorainn ocht n-uaire déag ag siúl. Bhí eagla orm roimh an bhfarraige. Is cuimhin liom fiú an turas deiridh a thóg mé, turas a mhair cúig lá agus mé ar mo bhealach chuig Veroia, agus tart mór orm an t-am ar fad in ainneoin an bhaisteach a bheith ag titim gan stad. Faoi dheireadh bhí gloine iomlán uisce sa lámh agam ach níor leor é chun an tart uafásach a bhí orm a shásamh. Seo mar a thosaigh mo shaol sa Ghréig. Le gloine mór uisce sa lámh agam.
Chuir mé aithne ar an tír den chéad uair nuair a bhí mé 15 bliana d’aois, tráth a thrasnaigh mé an teorainn go rúnda den chéad uair le cairde. Níor rith sé linn fiú go raibh rud éigin mídhleathach á dhéanamh againn. Dá mbeinn in ann eitilt go chuig an nGréig, dhéanfainn sin. Bhí an Ghréig, agusan teanga, an mhiotaseolaíocht, agus an stair atá ag muintir na tíre an-tarraingteach dom. Sa samhradh d’oibrigh mé go dian, ionas go mbeinn in ann tacú le mo theaghlach. Bhain go leor dúshlán leis an mbogadh críochnúil a rinne mé chun na Gréige agus an éiginnteacht dhlíthiúil, an ciníochas agus fadhbanna maidir le chomhtháthú ina measc. Is cuimhin liom go soiléir eachtra amháin a tharla ag an tús. Agus mé anseo go mídhleathach, gan árachas agam, ní raibh an teanga ar eolas agam agus bhris mé fiacail de mo chuid fiacla. Ba é an t-aon rogha a bhí agam ach an fhiacail é a bhaint féin, é a tharraingt amach os comhair scátháin le greamaire a d’úsáid mé ag an obair. Bhí mo bhéal lán le fuil.
Ní raibh sé éasca dul in oiriúint do shochaí na Gréige ach oiread. Agus mé i m’imirceach den chéad ghlúin, mhothaigh mé gur eachtrannach amach is amach mé amhail is go raibh fuil sa bhéal i gcónaí agam. Ba go mídhleathach a raibh mé ag fanacht sa tír agus bhí eagla orm dul amach ag siúl nó i gcomhair caife. Bhí taithí agam ar an gciníochas i ngach áit, ar go leor bealaí éagsúla. Bagairt athair a leanbh beag go rachadh sé chun na hÁlbánaigh a fháil chun an leanbh féin a ithe más rud é nach raibh sé ciúin. Diúltaíodh cead isteach dom i gcaiféanna, clubanna agus áiteanna eile, agus bhí comhartha ag cuid díobh, nuair a chuaigh mé ann den chéad uair, agus ‘Cosc ar mhuintir na hAlbáine’ scríofa orthu. Dúirt siad go raibh muid salach toisc gur ó réigiún éagsúil a tháinig muid. Is fearr an caidreamh idir na Gréagaigh agus na hAlbánaigh anois, cé go bhfuil steiréitíopaí fós ann. Úsáidtear an focal ‘Albánach’ sa Ghréig mar mhasla fiú. Bhí ciníochas ann, agus tá sé fós ann inniu, ach tá sé níos séimhe anois. Tá athrú tagtha ar an saol. Mar sin féin, tá ciníochas fós ann, rud a éiríonn níos casta fiú agus é measctha le deacrachtaí airgeadais agus easpa oideachais.
Tá na claontaí agus an t-idirdhealú fréamhaithe go domhain agus is minic a eascraíonn patrúin pholaitiúla agus shóisialta ollmhóra astu agus na nósana sin ag leathnú agus iad le feiceáil i bParlaimint na hEorpa fiú. Is údar mór bróin é sin! Cé gur tháinig feabhas ar an scéal, tá sé fós deacair i bhfírinne. Mar sin féin, tá dóchas ann do na glúine níos óige. Beidh seans níos fearr ag ár bpáistí go nglacfar go hiomlán leo. Is é seo an cás freisin i gcás m’iníon atá 12 bhliain d’aois.
Sa lá atá inniu ann, agus mé ag obair mar thógálaí, breathnaím siar agus is mothúcháin mheasctha a mhothaím. Ba ar bhonn laethúil a raibh orm dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhain le hoiriúnú agus an easpa glactha sa tsochaí. Mar sin féin, ba trí na dúshláin sin a d’fhorbair mé tuiscint níos doimhne ar an saol agus ar thábhacht a ghabhann leis an gcomhtháthú.
Beidh an Albáin mar chuid díom go deo. Is cuimhin liom go maith na blianta a chaith mé ann i gcaitheamh an réimis cumannaigh. Tréimhse a bhí lán le paranóia, eagla, neamhshláine agus fíorbhochtaineachta. Le titim an réimis, tháinig faoiseamh orainn, ach freisin fadhbanna nua cosúil le dífhostaíocht agus an choireacht. Bhí tionchar ag an taithí sin orm agus d’fhoghlaim mé uaithi, go sonrach, d’fhoghlaim mé gur cheart dom a bheith buíoch as an gcobhsaíocht agus as an tsaoirse atá agam anseo.
Go pearsanta, mothaím mar go bhfuil nasc agam leis an nGréig. Cé go bhfuil mo chroí fós san Albáin, is anseo atá mo shaol ar fad. Tá mo chuid Gréigise chomh maith le mo scileanna i mo theanga dhúchais. Mar gheall ar mo thaithí, na chathanna a bhí romham chomh maith le mo chuid éachtaí, braithim ar mo chompord sa tír seo. Tá súil agam, le himeacht ama, go nglacfaidh muintir na Gréige go hiomlán linn, agus go n-admhóidh siad an méid a rannchuidímid leis an tsochaí anseo.
Is tástáil í an imirce atá lán le dúshláin, ach baineann deiseanna léi freisin agus, mar imirceach Albánach sa Ghréig, ní raibh aon bhealach ann go bhféadfainn í a sheachaint. Sin mo scéal iomlán agus é lán le dúshláin, oiriúnuithe agus dóchas.
Sna blianta amach romhainn, tá súil agam go leanfaidh de mo shaol anseo sa Ghréig, arb í mo bhaile anois í, agus an Albáin mar bhall comhionann den Aontas Eorpach. Sin í an tír dhúchais atá againn go léir anois.
Tá Almir Hoxhaj 47 mbliana d’aois faoi láthair. Tá sé ina chónaí agus ag obair i Tripoli, baile beag ar leithinis Peloponnese, sa Ghréig. Tá iníon aige atá 12 bhliain d’aois. Is í Beirlín an chathair is fearr leis. Tá Gréigis scríofa agus labhartha líofa aige agus tá an leabhar ‘Scéal Réaltaí na Camhaoire’ [Το έπος των άστρων της Αυγής] ag an údar Albánach, Rudi Erebara, aistrithe go Gréigis aige. Bronnadh Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh ar an leabhar in 2017 agus déantar cur síos ann ar thragóid mhuintir na hAlbáine sa 20ú haois. Cé go dtagann an scéal chun cinn sa chéad roimhe sin, ar an drochuair tá bunbhrí an ollsmachtachais, an fhaisisteachais agus an neamhréasúnais fós ábhartha sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil siad le feiceáil i bhfoirmeacha níos ‘nua-aimseartha’.