European Economic
and Social Committee
CÁS NA SIRIA TAR ÉIS DO RÉIMEAS ASSAD TEACHT CHUN DEIRIDH: AN mBEIDH CUR CHUIGE AN AONTAIS I LEITH DAOINE ATÁ AG FILLEADH AR AN tSIRIA INA CHOR CINNIÚNACH I mBEARTAS IMIRCE
Scríofa ag Alberto-Horst Neidhardt
Mí tar éis an deireadh a tháinig le riail bhrúidiúil Bashar al-Assad, níl mórán le fáil maidir le freagairt oifigiúil an Aontais ach an fógra maidir le cúnamh a thabharfaidh sé don fhorbairt agus don chobhsaíocht eacnamaíoch. Níl sé soiléir go fóill an gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí ar an tSiria agus cén uair a chuirfear deireadh leo. Beidh tacaíocht na hEorpa ag brath ar chosaintí do mhionlaigh agus ar ráthaíochtaí eile, a bhfuil na hionchais ina leith fós éiginnte. Le dinimic chasta pholaitiúil, slándála agus dhaonnúil a ghabhann leis an tSiria tugtar le fios go mbeidh aon chomhdhlúthú daonlathach fada agus dúshlánach. Cuirfidh sé sin dúshlán roimh chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth agus gníomhú i gcomhpháirt ar thodhchaí na tíre. Mar sin féin, léirigh roinnt tíortha san Eoraip nach bhfuil aon drogall oraibh labhairt faoin tosaíocht chomhroinnte atá acu, is í sin, na Sirigh atá díláithrithe a sheoladh ar ais chuig an tír. I mí na Nollag, cúpla lá tar éis do réimeas Assad cathair Damaisc a chailleadh, d’fhógair an Ostair — áit a bhfuair ceannaire FPÖ, Herbert Kickl, sainordú chun rialtas nua a bhunú — go dtabharfaidh an rialtas bónas fillte do dhaoine a fhilleann ar an tír agus fógraíodh freisin clár díbeartha dóibh siúd a bhfuil taifid choiriúla acu. San Ísiltír, tá sé beartaithe ag an gcomhrialtas faoi stiúir Geert Wilders, náisiúnaí de chuid na heite deise, limistéir shábháilte le haghaidh fillteacha a shainaithint. D’fhógair an Ghearmáin freisin go ndéanfar an chosaint a thugtar do Shiriaigh a athbhreithniú agus a chúlghairm má éiríonn cúrsaí níos cobhsaí sa tír. Thug tíortha Eorpacha eile dearbhuithe comhchosúla freisin nó d’fhógair siad go bhfuil súil ghéar á coinneáil acu ar an staid reatha sa tír. I bhfianaise an mhéid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cinneadh maidir le deireadh a chur le smachtbhannaí spreagtha ag an sprioc chun fillteacha a chur chun feidhme in áit a bheith spreagtha ag athrú tuairimí maidir le ceannaireacht nua na Siria.
Agus méadú ag teacht ar an tacaíocht a léiríonn daoine do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis agus do pháirtithe frith-inimirce ar fud na hEorpa, agus toghcháin chónaidhme na Gearmáine ar na bacáin, tá an baol ann go mbeidh fís na mBallstát don tSiria faoi réir tosaíochtaí intíre agus roghanna gearrthéarmacha a dhéantar chun an toghchán a bhuachan amháin. Idir 2015 agus 2024, thug Ballstáit an Aontais cosaint do bhreis agus milliún Siriach, agus formhór an lín sin ag cur futhú sa Ghearmáin. Is saincheist chonspóideach pholaitiúil agus shochaíoch anois go bhfuil na daoine sin ina gcónaí sa tír. I measc teagmhais slándála a poiblíodh go forleathan, boilsciú ard, agus costais fuinnimh atá ag ardú, níl an pobal in go leor tíortha ina óstáiltear dídeanaithe comh fáilteach mar a bhí sé roimhe seo. Tá caint naimhdeach agus beartais naimhdeacha tar éis éirí níos coitianta leis an aistriú sin. In ainneoin na n-iarrataí ón gCoimisiún Eorpach agus ó UNHCR cur chuige faichilleach a ghlacadh i leith fillteacha, d’fhéadfadh sé go mbeadh brú ar rialtais na hEorpa dlús a chur le fillteacha, fiú go haontaobhach, mar gheall ar an dinimic sin.
Ó tháinig deireadh le réimeas Assad i mí na Nollag, tá os cionn 125 000 dídeanaí tar éis filleadh ar an tSiria cheana féin, ó thíortha comharsanachta den chuid is mó. Mar sin féin, is gruama iad na hionchais atá rompu. Fiú roimh imeachtaí a tharla le déanaí, bhí níos mó ná leath de dhaonra na Siria thíos le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, agus bhí trí mhilliún duine ag fulaingt go géar mar gheall ar an ocras. Agus go leor tithe scriosta mar gheall ar an gcoimhlint, níl dóthain saoráidí óstála ann cheana féin. De réir UNHCR, tá gá le thart ar EUR 300 milliún le haghaidh dídine, bia agus uisce dóibh siúd atá ag dul ar ais. Cé gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit cur chuige comhordaithe a fhorbairt chun aisdúichiú sábháilte deonach mhuintir na Siria a éascú san fhadtéarma, ba cheart é a bheith mar thosaíocht phráinneach dóibh aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla na tíre sa chomhthéacs sin. Dá gcuirfí brú ar dhídeanaithe filleadh go tapa ar thír éagobhsaí ina bhfuil an chogaíocht i réim, tá an sean ann go rachadh an plean in abar, ós rud é go gcuirfí teorainn bhreise leis an rochtain ar bhia, ar fhuinneamh agus ar dhídean. D’fhéadfadh fillteacha mórscála cur isteach freisin ar chreatlach eitneach agus shocheacnamaíoch na réigiún atá leochaileach cheana féin. Ní hamháin sin ach d’fhéadfadh diaspóra na Siria cur le hiarrachtaí atógála agus is cúis amháin eile í sin nach mór cur chuige cothrom inbhuanaithe a ghlacadh. Beidh innealtóirí, dochtúirí, riarthóirí agus múinteoirí agus oibrithe láimhe ag teastáil ón tír ar leibhéil éagsúla scileanna. Tá scileanna agus taithí luachmhar faighte ag muintir na Siria san Eoraip sna hearnálacha ábhartha, lena n-áirítear oideachas, tógáil agus cúram sláinte, ach ní bheidh sé éasca na próifílí cearta a earcú. Ní bheadh filleadh buan ina réamhchoinníoll ach oiread chun rannchuidiú leis an atógáil, d’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag íocaíochtaí ón Eoraip maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe. Trí rannpháirtíocht an diaspóra, d’fhéadfadh Siriaigh atá bunaithe san Eoraip na naisc thaidhleoireachta agus chultúrtha idir an tAontas agus an tSiria tar éis ré Assad a neartú.
Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag na Ballstáit cur chuige cothrom a ghlacadh agus seans ann nach dtabharfaidís faoi chlár oibre comhordaithe. D’fhéadfadh roinnt tíortha tosaíocht a thabhairt don chobhsaíocht fhadtéarmach agus d’atógáil na Siria, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí daoine filleadh ar bhonn spontáineach. D’fhéadfadh daoine eile dlús a chur le dreasachtaí airgeadais a thairiscint le haghaidh aisdúichiú deonach nó fiú athbhreithniú córasach a dhéanamh ar stádas mhuintir na Siria a luaithe a thiocfaidh feabhas ar an staid dhaonnúil, fiú beagán. Mar sin féin, beidh bacainní suntasacha dlí ann chun athbhreithniú córasach a dhéanamh ar stádas dídeanaithe, agus beidh costais shuntasacha airgeadais agus riaracháin i gceist leis. Idir an dá linn, i ndáil le haon dreasacht a d’fhéadfaí teacht isteach maidir le filleadh, ba cheart a chur san áireamh ann go bhfuil formhór na Siriach atá easáitithe san Eoraip socraithe anois, agus go bhfuil saoránacht AE faighte ag os cionn 300 000 díobh. Ag an am céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ionchais ghruama eacnamaíocha agus saothair na tíre ina n-ábhair díspreagtha do na daoine is mó ar mian leo filleadh ar ais. Ceist bhunúsach sa chomhthéacs sin is ea an gceadófar do mhuintir na Siria páirt a ghlacadh i ngluaiseachtaí neamhspleácha, mar a thugtar orthu, nó i bhfocail eile, an bhféadfaidís filleadh ar feadh tréimhsí teoranta, agus go leanfadh na tíortha óstacha san Eoraip de dheiseanna inbhuanaithe a chur ar fáil chun filleadh ar bhonn níos buaine. Is cinnte go mbeidh na ceisteanna sin fite fuaite leis an bplé níos leithne a dhéanfar ar bheartas imirce an Aontais. Leis an gcaibidlíocht a dhéanfar amach anseo maidir leis an athchóiriú ar Threoir an Aontais lena rialaítear filleadh, a bhfuiltear ag súil le togra ina leith go luath ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí dlús cinntitheach a chur leis an gcaibidlíocht sin ag brath ar an bplé atá ag teacht chun cinn maidir le filleadh mhuintir na Siria. Ach ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh deighiltí breise i measc Bhallstáit an Aontais teacht chun cinn mar thoradh ar athchóiriú na Treorach. Ós rud é go bhfuil gá le hathmhachnamh bunúsach a dhéanamh ar bheartais imirce chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin an lae inniu, is dócha gurb é cur chuige an Aontais maidir le Siriaigh easáitithe an chéad phointe cinniúnach sa timthriall nua.