European Economic
and Social Committee
Cuireadh in iúl go soiléir le linn an 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual do na Balcáin Thiar
Tarraingíodh aird faoi leith le linn an Fhóraim de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar a d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i Scóipé an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair ar staid na himeartha maidir le hionchais shoiléire an réigiúin i dtaobh aontachas leis an Aontas agus ar rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta i ndáil leis sin.
Tráthúil go leor, thionóil CESE an fóram, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus an Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, sna laethanta roimh an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar in Brdo faoi Uachtaránacht na Slóivéine.
Seo an méid a bhí le rá ag Príomh-Aire Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Zoran Zaev: Tá neartú an phróisis aontachais – ar ionchas inchreidte AE do na Balcáin Thiar é – thar a bheith ábhartha i bhfianaise an bhaic atá ar an méadú.
Dheimhnigh Uachtarán CESE, Christa Schweng, go raibh CESE go mór i bhfách le méadú an Aontais a fhad le tíortha na mBalcán Thiar.
‘Creidim go láidir gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual do na Balcáin Thiar. Ní mór dúinn cuimhneamh air gur plé ar thodhchaí na hEorpa atá in aon phlé ar an méadú agus ba cheart an tsochaí shibhialta, ón réigiún agus ón Aontas araon, a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas.’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Olivér Várhelyi, an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú: Is próiseas fada casta é an próiseas aontachais agus is iomaí dúshlán atá ag baint leis. Bíonn rath orthu siúd atá fíorthiomanta dó. Dar liom féin, níl amhras ar bith ann ach go mbeidh na Balcáin Thiar ina gcuid den Aontas Eorpach.’
Bhí Gašper Dovžan, státrúnaí in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine ar aon intinn leis sin. Dúirt sé gur céim loighciúil atá sa phróiseas a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus a bhfuil uaillmhian agus athléimneacht ag teastáil ina leith.
Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ina gné bhunriachtanach den phróiseas aontachais
Chuir Biljana Spasovska, ó Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BCSDN), in iúl gur cúis bhuartha di an cúngú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus a laghad cistithe atá ar fáil di. Dúirt sí gur cuireadh isteach ar shaoirsí bunúsacha, go háirithe le linn na paindéime.
Chuir rannpháirtithe san fhóram i bhfáth a thábhachtaí atá sé saoirse comhlachais a ráthú agus spás sibhialta cumasúcháin a chinntiú.
Pléadh freisin na treoracha le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Oibre Ghlais agus an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta. Má tá rath le bheith orthu siúd, áfach, is gá páirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas ceaptha beartais agus í a chuimsiú ann ar dhóigh fhóinteach.
Ní mór an cistiú poiblí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a athmhúnlú i ngach tír sa réigiún agus an tsochaí shibhialta a bheith neamhspléach agus saor ó thionchar polaitiúil.
Gheofar an dearbhú deiridh ón 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar anseo. (at)