Nuair a bhris géarchéim an choróinvíris amach sa Danmhairg thosaigh mo chomhghleacaithe agus mé féin, an 11 Márta, ag cur rudaí in eagar le go bhféadfaí gach rud a dhúnadh síos go hordúil dár gcomhaltaí. Bhí ar a lán fostaithe a bheith ag obair ón mbaile, daoine eile i róil strusmhara in ospidéil, i dtithe altranais agus in earnáil na seirbhísí, a d’fhan ar oscailt le linn na géarchéime. Freagraí soiléire agus dlúthchomhar le comhghleacaithe, b’in iad na rudaí is bunúsaí a bhí ag teastáil. 

Táim i mo leas-uachtarán freisin ar Ghluaiseacht na gCeardchumann Eorpach (ETUC), agus bhí orm oibriú le comhghleacaithe i dtíortha eile. Bhí áthas orm gur thugamar – rialtas agus comhpháirtithe sóisialta na Danmhairge – comhaontú trípháirteach i gcrích an 14 Márta maidir le cúiteamh pá sealadach. Clúdaíonn an comhaontú sin fostaithe atá ag obair i gcuideachtaí príobháideacha a bhfuil dochar suntasach airgeadais déanta dóibh ag paindéim COVID-19.

Bhain cuideachtaí leas as an scéim nua um chúiteamh pá sna cásanna sin nár ghlac siad páirt sna socruithe atá ann maidir le fostaithe a leagan as obair gan phá. Bunaíodh scéimeanna tacaíochta do ghnólachtaí beaga, d’oibrithe féinfhostaithe agus do ghairmithe neamhspleácha. Rachaidh codanna áirithe den chomhaontú sin as feidhm go luath agus táimid i mbun caibidlíochta faoi láthair ar an rud a thiocfaidh ina ionad le go bhféadfar fostaithe a chosaint go fóill.

Bhí mé féin ag obair ón mbaile agus d’éirigh liom sáreolas a chur ar uirlisí fíorúla nua. D’fhéadfadh an tráth sin sa bhaile a bheith an-strusmhar mar gheall ar an éiginnteacht faoin am atá amach romhainn, ach ina ionad sin fuair mé deis díriú go hiomlán ar mo chuid oibre agus níos mó ama a chaitheamh le mo theaghlach. Táim cinnte dearfa de go bhfuil mé féin agus mo chomhghleacaithe tar éis díriú níos géire ar ár bpríomh-mhisean agus go mbíonn smacht níos mó againn ar chruinnithe. Chiallaigh sé freisin dom féin go pearsanta go raibh mé in ann díriú ar na rudaí bunriachtanacha i mo shaol féin.