An lá roimh chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh, gheall Uachtarán CESE, Luca Jahier, do Choimisinéir Gentiloni go dtacódh sé gan cheist le pacáiste téarnaimh COVID-19 de chuid an Choimisiúin

Cháin an tUachtarán Jahier an togra is déanaí ó Chomhairle AE, is é sin go mbeadh sé de chumhacht ag na rialtais náisiúnta na cláir athchóirithe atá ag tír áirithe a chrosadh faoin bpacáiste. I ndíospóireacht leis an gCoimisinéir um an nGeilleagar, Paolo Gentiloni, le linn sheisiún iomlánach CESE, dúirt an tUasal Jahier go raibh tacaíocht an Choiste ina iomláine ag an gCoimisiún Eorpach.

Dúirt Luca Jahier go raibh an Coimisiún ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhain le géarchéim COVID-19, ar dtús trí bhearta luatha a glacadh chun easnamh buiséid agus na rialacha maidir le státchabhair a tharscaoileadh agus, ina dhiaidh sin, leis an bpacáiste Next Generation EU atá beartaithe, trína dtiomsófar thart ar EUR 5 thrilliún – arbh ionann é beagnach agus cúig huaire an méid a tugadh trí Phlean Marshall – chun dul i ngleic le hiarmhairtí ollmhóra na paindéime.

Ba mhaith linn a fhios a bheith agat go seasann CESE ina iomláine leat, leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint, sa troid seo chun teacht ar chomhaontú maith – comhaontú atá inchurtha leis an dúshlán, nach bhfuil ag cúlú go contúirteach agus, thar aon rud eile, nach mbainfidh cor coise asainn, rud a d’fhéadfadh suaitheadh sóisialta tubaisteach a chruthú san Eoraip tar éis an tsamhraidh,” a dúirt an tUasal Jahier leis an gCoimisinéir Gentiloni.

Chuir an Coimisinéir in iúl go raibh tionchar ollmhór eacnamaíoch agus sóisialta ag COVID-19 agus gur chruthaigh sé an suaitheadh eacnamaíoch ba mhó ó bhí an Spealadh Mór ann. “Beidh an teacht aniar atá inár sochaithe agus inár gcuid luachanna fós mar phríomhlíne chosanta againn i gcoinne an víris agus na géarchéime. Tá sé ríthábhachtach téarnamh láidir ón ngéarchéim a bhaint amach.”

Dúirt sé freisin gur “bagairt d’inbhuanaitheacht pholaitiúil an tionscadail Eorpaigh an easpa cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta idir stáit agus réigiúin an Aontais. Chun téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a chinntiú agus chun a bheith in ann teacht aniar as suaití amach anseo agus an cóineasú a neartú san Aontas Eorpach, tá infheistíocht shuntasach maille le hathchóirithe de dhíth orainn anois níos mó ná riamh.”

Dhearbhaigh an tUasal Jahier athuair an cáineadh láidir a rinne sé i ráiteas a thug sé roimhe sin maidir leis na tograí a chuir Uachtarán na Comhairle, Charles Michel, síos le deireanas le go mbeadh glacadh ag na ceannairí stáit agus rialtais leis an bpacáiste, go háirithe an laghdú ar bhuiséad an chreata airgeadais ilbhliantúil agus rialachas an phacáiste.

Is laghdú an-bheag é, i nglanfhigiúirí, an laghdú atá beartaithe i mbuiséad foriomlán ilbhliantúil an Aontais do 2020-2024 – ó EUR 1 100 billiún a bhí luaite sa togra ón gCoimisiún mí na Bealtaine 2020 go EUR 1 074.3 billiún; mar sin féin, is é an chéad laghdú é, i dtéarmaí réadacha, a rinneadh ar bhuiséad an Aontais. Bheadh tionchar aige ar phríomhchistí an Aontais chun cabhrú le tíortha agus réigiúin atá ar gcúl. Thar aon ní eile, chuir an tUasal Jahier béim air gur pointe tosaigh a bheadh ann don idirbheartaíocht faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, agus d’fhágfadh sé go mbeadh cor contúirteach á chur i mbuiséad an Aontais do bhearta struchtúracha agus go bhféadfadh sé gur ag síorchrapadh a bheadh na pleananna sa réimse sin.

Bhí CESE níos criticiúla fós i dtaobh an togra maidir le rialachas an phacáiste a roinnt idir an Coimisiún (CAI) agus na rialtais náisiúnta (Next Generation EU). Chiallódh sé sin athrú ó chóras bainistíochta comhtháite, rud a thabharfadh tionchar don Choimisiún ar bhuiséad treisithe, go buiséad a bheadh ilroinnte ina dhá chuid ar a laghad.

Is cúis imní níos mó fós é, a dúirt Luca Jahier, an togra ó oíche aréir, is é sin go dtabharfaí an rogha dheiridh do thír an pacáiste a chrosadh trí chruinniú urghnách d’airí airgeadais an Aontais a thionól dá gcuirfeadh an tír sin i gcoinne athchóirithe atá beartaithe ag Ballstát áirithe faoin bpacáiste. D’fhágfadh sin, a dúirt sé, scoilt chinnte struchtúrach sa bhuiséad Eorpach, rud a bheadh contúirteach agus do-ghlactha.

Ceist thábhachtach eile a raibh fonn ar thionól CESE plé a dhéanamh leis an gCoimisinéir Gentiloni fúithi ba ea an rialú ón gCúirt Bhreithiúnais inné lenar cuireadh cinneadh Eorpach ón mbliain 2016 ar neamhní, rud a d’fhág go mbeadh ar Éirinn EUR 13 bhilliún a éileamh ar ais i gcánacha ó Apple.

Thacaigh CESE le hiarrachtaí an Choimisiúin níos mó cánacha a fháil ó na cuideachtaí móra teicneolaíochta agus éagóir scannalach a cheartú ar an gcaoi sin. Chuir an tUasal Jahier in iúl freisin gur mór aige na tograí a thíolaic an Coimisiún an lá roimhe sin chun deireadh a chur le hiomaíocht chánach mhíchuí agus neamh-inbhuanaithe idir na Ballstáit.

Nuair a ceistíodh an tUasal Gentiloni faoin dul chun cinn maidir le cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach, rinne sé cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcaibidlíocht chun teacht ar chomhaontú domhanda, nó ina éagmais sin, ar chomhaontú uile-AE, lena gcuirfí acmhainní dílse a bhfuil géarghá leo ar fáil don Aontas.

Ba mhaith liom a bheith an-soiléir”, a dúirt an Coimisinéir Gentiloni. “Níl aon réiteach éasca ann i ngeall ar fhadhbanna polaitiúla, teicniúla, idirnáisiúnta. Ach tá rud éigin an-dearfach ann: tá méadú ag teacht ar an éileamh ón bpobal, ó Pharlaimint na hEorpa, ó bhur gCoiste féin agus ó pháirtithe leasmhara. Agus is léir do na Ballstáit gur gá don Choimisiún acmhainní dílse níos láidre a bheith aige chun an fiachas coiteann seo a aisíoc.

Is é dúirt sé mar fhocal scoir: “Tá gá againn go deimhin le hacmhainní dílse níos láidre a bheith againn chun go n-éireoidh leis an tionscnamh Next Generation EU. Mar is léir ó thaithí an Aontais seo againne is tionscnamh fíoriontach é an tionscnamh sin. Ní rud buan é, ach má oibríonn sé, má thugann sé infheistíochtaí maithe, má chabhraíonn sé ár ngeilleagar a nuachóiriú, agus má táimid in ann acmhainní dílse a mhéadú chun an fiachas sin a aisíoc, geallaim daoibh gur fasach a bheidh ann, mar is gnách san Aontas Eorpach, a bhféadfaimis tógáil air amach anseo nuair a bheidh géarchéim eile ann nó sprioc choiteann nua againn le baint amach.” (dm)