Sustainable food Systems

D’fhonn rannchuidiú le Cruinniú Mullaigh 2021 na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia, reáchtáil CESE éisteacht ar líne an 28 Bealtaine chun leochaileachtaí agus neamhionannais i gcórais bhia na hEorpa a fhiosrú agus chun a shainaithint conas slabhraí soláthair atá níos cothroime agus níos córa a bhaint amach. Chuir cainteoirí ardleibhéil ó na Náisiúin Aontaithe, ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa a dtuairimí i láthair faoi na hathruithe is gá a dhéanamh chun cothromas, cothroime agus cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a neartú san aistriú i dtreo córais bhia atá níos inbhuanaithe.

Gairm chun gnímh agus chun athruithe a dhéanamh ab ea paindéim COVID-19. In ainneoin feirmeoirí agus oibrithe an chórais bia a bheith ar an líne thosaigh ag comhrac in aghaidh ghéarchéim COVID-19 agus bia a bheith á sholáthar acu gan staonadh do mhuintir na hEorpa ar fad, dar le Andreas Thurner, Uachtarán Ghrúpa Téamach Staidéir CESE um Córais Bhia Inbhuanaithe, "go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim seo nach féidir talamh slán a dhéanamh de gur féidir bia a sholáthar ‘ón bhfeirm go dtí an forc’".

Tá roinnt tograí agus smaointe sonracha forbartha ag CESE le himeacht ama, agus is féidir iad a rangú go hachomair i gcúig thacar moltaí a chuirfidh bonn eolais faoi Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia:

I. Beartais bhia chuimsitheacha agus chomhtháite a chothú;

II. Aistí bia níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a chur chun cinn;

III. Praghsanna córa a áirithiú agus cleachtais éagóracha trádála a thoirmeasc;

IV. Cur le hacmhainneacht slabhraí soláthair bia gairide agus na hagrai-éiceolaíochta;

V. Rannpháirtíocht struchtúrtha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú.