European Economic
and Social Committee
Dá mhéad tionchair a bheidh ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is fearr a bheidh sé in ann nasc nua a chruthú idir an tAontas agus na saoránaigh
Bhí an 10ú heagrán de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) ar siúl go heisceachtúil ar líne i mbliana agus ar feadh dhá lá seachas lá amháin. Rinne Uachtarán CESE, Christa Schweng, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Věra Jourová, agus Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pedro Silva Pereira, measúnú ar chás na hionstraime uathúla seo a bhaineann leis an daonlathas rannpháirtíochta.
Ina ráiteas tosaigh, chuir Christa Schweng i dtábhacht go bhfuil an tionchar a bhíonn ag próiseas rannpháirtíochta ar cheann de na príomhghnéithe a bhaineann le próiseas den chineál sin: “Feictear díomá, neamhshuim agus frustrachas i measc saoránach mura mbíonn dea-thionchar ag an bpróiseas.” Bhí an méid seo le rá aici freisin: “Is tríd an tionchar atá ag TES a mhéadú is fearr is féidir uirlis láidir a dhéanamh de lena bhféadfar nasc nua a chruthú idir an tAontas agus na saoránaigh.”
Go dtí seo, ní raibh ach sé thionscnamh ann ó 2012 i leith a raibh an líon is gá sínithe acu agus ba bheag agus ba mhall an tionchar a bhí acu. Mar sin féin, tá cúiseanna dóchais ann sa mhéid gur tháinig an chéad dá phíosa reachtaíochta arna spreagadh ag TES i bhfeidhm in 2021: an Treoir maidir le hUisce Óil a raibh tionchar ag Tionscnamh Right2Water uirthi agus Rialachán na Trédhearcachta (mar a thugtar air) ar cuid é den obair a lean an Tionscnamh Ban Glyphosate.
Sa teachtaireacht físeáin uaithi, tharraing Věra Jourová aird ar na hathruithe agus na feabhsuithe a tugadh isteach leis an Rialachán nua maidir le TES, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2020. Mhínigh sí ansin go dtéann fíorthionchar thionscnaimh TES níos faide ná reachtaíocht bhreise: “Is iomaí tionchar a d’fhéadfadh a bheith fiú ag na tionscnaimh sin nach mbaineann céimeanna foirmiúla deiridh an phróisis amach,” a dúirt sí. “Ón uair a chuireann saoránaigh tús le tionscnamh TES, bíonn an cheist a bhfuil suim acu inti tugtha isteach sa spás poiblí acu. Músclaítear feasacht leis seo agus bíonn dea-thionchar mar thoradh air.”
Dúirt an tUasal Silva Pereira go raibh an díospóireacht á stiúradh go fóill ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcaoi is fearr le feasacht a mhúscailt i dtaca le TES agus ar an mbealach ar féidir feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn sé: “Tá sé tábhachtach a áirithiú, má éiríonn le tionscnamh an chéim dheiridh a bhaint amach, go ndéanfar machnamh domhain air agus go dtabharfar aghaidh cheart air.” (na)