Le Grúpa na nOibrithe in CESE

“Tá an fuinneamh polaitiúil ann anois le cearta rannpháirtíochta níos láidre a éileamh d’oibrithe”, arsa cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe, Oliver Röpke, agus é ag labhairt faoin achainí ar son tuilleadh daonlathais a rinne na saoránaigh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus faoin ngealltanas a thug na ceannairí polaitiúla ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

B’in mar a chuir Röpke tús lena chuid cainte nuair a d’oscail sé an chéad chruinniú riamh de chatagóir in CESE ina raibh comhaltaí de Ghrúpa na nOibrithe i láthair. “Guth na nOibrithe ar son rannpháirtíocht dhaonlathach” teideal na catagóire sin agus tionóladh an cruinniú an 19 Bealtaine 2021.

Tá gá le creat láidir Eorpach maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht éigeantach d’oibrithe i bpróisis chinnteoireachta gnólachtaí. Sin an rud a chinnteoidh aistriú cóir go geilleagar glas agus digiteach. Ar shamplaí den tábhacht a bhaineann leis sin tá na bagairtí tromchúiseacha ar chearta rannpháirtíochta oibrithe, e.g. athstruchtúrú gnólachtaí, poist á n-athlonnú go dtí an Áise nó teicneolaíochtaí nua nó próisis intleachta saorga a bheith á dtabhairt isteach, rudaí a d’fhéadfadh athrú mór a chur ar phróifílí post i ngnólacht nó a d’fhágfadh a lán oibrithe gan post, gan an deis a bheith tugtha do na hoibrithe, arb iad is mó a ndéanann na hathruithe sin difear dóibh, páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta.

Bagairtí eile a luaigh roinnt comhaltaí, bagairtí a léiríonn ionsaithe a rinneadh le deireanas ar an gcómhargáil, is é is cionsioncair leo rialtais atá ag iarraidh bac a chur ar chearta oibrithe agus an bonn a bhaint de ról na gcomhpháirtithe sóisialta sa chinnteoireacht eacnamaíoch agus pholaitiúil. Cruthaítear an chatagóir seo ag am a bhfuil tionscnamh ullmhaithe ag Parlaimint na hEorpa chun an daonlathas a neartú ag an obair. Rinne Gabriele Bischoff, iarchathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe agus rapóirtéir na tuarascála Democracy at work: A European framework for employees' participation rights and the revision of the European Works Council Directive i bParlaimint na hEorpa, cur síos ar an tuarascáil sin atá á hullmhú faoi láthair. Chuir sí i bhfáth gur eilimintí tábhachtacha de ghnólacht inbhuanaithe iad an athléimneacht agus an daonlathas ag an obair.

Is fóram plé faoin tsaincheist sin atá sa chatagóir. Beidh na hinstitiúidí Eorpacha, na comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile páirteach sa phlé sin atá dírithe ar an daonlathas ag an obair a chur go hard ar chlár oibre polaitiúil an Aontais agus ar é a chur chun cinn go gcuirfear an t-ábhar sin san áireamh i ngach gné d’obair CESE.