Caithfidh todhchaí earnáil iompair an Aontais a bheith inbhuanaithe, sóisialta agus cliste: is é sin an dúshlán atá roimh earnáil a bhfuil athruithe móra tagtha uirthi le blianta beaga anuas, earnáil a bhí buailte go dona ag paindéim COVID-19. Le linn dhíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh ar an straitéis iompair nua de chuid an Choimisiúin, a tionóladh ar an 28 Aibreán 2021, chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, i bhfios go raibh fís de dhíth ar an Eoraip d’Eoraip iar-COVID-19; ó thaobh an iompair de, is éard a bheadh i gceist leis an bhfís sin ná gluaiseacht inbhuanaithe, chliste agus athléimneach.

Bhí Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar den bharúil chéanna agus chuir sí i bhfáth nár athraigh an phaindéim an fhís fhoriomlán atá ag an gCoimisiún i dtaca le hiompar agus go bhfuil an fhís sin fréamhaithe go daingean sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus go bhfuil sí bunaithe ar cholúin an dícharbónaithe agus na digiteála.

Ar an iomlán, tá CESE i bhfách leis an gcur chuige ginearálta maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar sin féin, sa tuairim a dhréachtaigh Stefan Back agus Tanja Buzek a glacadh an 27 Aibreán 2021, tá amhras ann faoi cé acu an éiríonn nó nach n-éiríonn leis an gcur chuige an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir bearta teicniúla agus bearta beartais iompair.

Maidir le cuid mhór de na gníomhaíochtaí atá beartaithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus an digitithe de, beidh éifeachtaí forleathana ag na gníomhaíochtaí sin ar an margadh aonair agus ar oibrithe iompair. Ar an drochuair, ní thugtar dóthain airde sa straitéis ar na gnéithe sin agus d’fhéadfaí an bonn a bhaint dá cur chun feidhme rathúil dá thoradh sin. Ina theannta sin, ní bheifear in ann claochlú inbhuanaithe agus digiteach a dhéanamh ar earnáil iompair an Aontais ach amháin má dhéantar an earnáil ina hiomláine agus bonn tionsclaíoch gaolmhar an Aontais níos iomaíche. (mp)