European Economic
and Social Committee
Gníomhaíocht Eorpach maidir le beartais mhíchumais: is mithid neartú ar na maidí
An 24 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht leis an gCoimisinéir um Chomhionannas, Helena Dalli, faoin straitéis nua maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, a sheol an Coimisiún Eorpach le déanaí.
Leis an straitéis seo, atá le bheith i bhfeidhm ó 2021 go 2030, féachtar lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán san Aontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD). Is conradh ceannródaíoch é an Coinbhinsiún seo a d’athraigh dearcadh an phobail i leith an mhíchumais toisc go gcuireann sé cur chuige chun cinn atá dírithe go mór ar chearta an duine agus toisc go bhfágann sé faoin tsochaí féin deireadh a chur leis na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.
"Cuirimid fáilte roimh Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um Míchumas. Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de shaghas éigin, agus dar le níos mó ná a leath díobh sin go ndéantar leithcheal orthu," a dúirt Uachtarán CESE, Christa Schweng, ag tús a cuid cainte.
Chuir sí i gcuimhne dóibh siúd a bhí ag freastal ar an díospóireacht gurbh é CESE an chéad institiúid a ghlac tuairim féintionscnaimh in 2019 inar iarradh Clár Oibre nua maidir le Cearta Míchumais a thabhairt isteach a bheadh ag teacht go hiomlán le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe: "Is mór an díol sásaimh dom a fheiceáil go bhfuil mórán de na moltaí a chuireamar chun cinn an uair sin le sonrú i Straitéis an Aontais um Míchumas, a moladh cúpla seachtain ó shin."
Bhí CESE teann air go gcaithfí an Coinbhinsiún a chur chun feidhme ina iomláine, bíodh sin ina thuairimí nó in obair a ghrúpa staidéir théamaigh um chearta daoine faoi mhíchumas, a cuireadh ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an Coinbhinsiún i bhfeidhm sna Ballstáit.
Ní hí an tuairim maidir le Clár Oibre an Aontais Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a Mhúnlú an t-aon téacs atá ag CESE a dhíríonn ar an tsaincheist seo: ghlac an Coiste roinnt eile freisin, amhail an tuarascáil faisnéise agus an tuairim maidir leis an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh CESE anailís ar an straitéis nua i dtuairim nua dá chuid, a chuirfear i láthair ag an seisiún iomlánach a bheidh á reáchtáil aige i mí Iúil.
"Ó tá deich mbliana ann ó dhaingnigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe, is mithid anois neartú ar na maidí a fhad a bhaineann le gníomhaíocht Eorpach i réimse na mbeartas míchumais. Is é an sprioc atá againn saol daoine faoi mhíchumas san Aontas agus níos faide i gcéin a athrú chun feabhais ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh ar bhonn comhionann le gach aon duine eile, gan aon eisceacht a dhéanamh," a dúirt an Coimisinéir Dalli.
Labhair comhaltaí CESE i bhfabhar na straitéise nua, ach thug siad rabhadh uathu nach mór don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit, agus í á cur chun feidhme acu, éifeachtaí uafásacha na paindéime ar dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh, go háirithe i réimse na fostaíochta agus an oideachais, toisc go bhfuil an neamhionannas atá ann cheana féin ag dul in olcas. (ll)