European Economic
and Social Committee
Iompar iarnróid an Aontais Eorpaigh - Is í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 an uair cheart chun athruithe a dhéanamh
Cé gur mór an dul chun cinn atá déanta i dtreo margaí a oscailt agus an comhchuibhiú teicniúil a bhaint amach, a bhuí sin le 25 bliana de léirscaoileadh, tá gá fós le dul chun cinn polaitiúil, rialála agus cultúrtha a dhéanamh laistigh d'earnáil an iompair ar iarnród. Is é sin príomhtheachtaireacht na tuairime maidir leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí an Mhárta.
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil gá le hanailís neamhchlaonta ar an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid agus ar na héachtaí a baineadh amach a bhuí leis agus cuireann sé i bhfáth freisin gur féidir gur deis iontach í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 chun na forbairtí a rinneadh go dtí seo a mheas agus chun cuspóirí don todhchaí a leagan síos.
Seo mar a labhair Stefan Back, rapóirtéir na tuairime, agus é ag caint le linn na díospóireachta iomlánaí: “Tá gá le hathrú cultúir san earnáil iarnróid agus le cur chuige atá dírithe i bhfad níos mó ar riachtanais na gcustaiméirí, bíodh sin i ndáil le hiompar paisinéirí nó iompar lastas. Ba cheart leas a bhaint as Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 mar dheis chun an t-athrú iompraíochta seo a chur chun cinn agus chun comhar níos réidhe a fhorbairt idir oibreoirí agus custaiméirí agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an digiteáil.”
Tá moill ar thionscadail nó tá siad ina stad de dheasca phaindéim COVID-19, agus ní mór anois iad a sheoladh ar bhealach a leasa athuair. Tá an státchabhair fós ríthábhachtach le go mbeifear in ann seirbhísí riachtanacha a chinntiú tar éis na géarchéime agus is féidir seirbhísí paisinéirí inrochtana, inacmhainne agus cuimsitheacha a ráthú don uile dhuine ach conarthaí seirbhíse a bhunú. Tá CESE den tuairim go bhfuil siad sin, na conarthaí seirbhíse, i measc na mbeart is éifeachtaí agus is éifeachtúla dá bhfuil ann chun an iompar paisinéirí ar iarnród a chur chun cinn. (mp)