Ní mór sláinte agus cáilíocht saoil daoine a bhfuil cónaí orthu agus a bhíonn ag obair in aice seolbhealaí loingseoireachta nó calafort a chur san áireamh agus an muiriompar agus an t‑iompar uiscebhealaí intíre á nglasú. Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim ó CESE a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra.

Sa doiciméad sin, tugann CESE aghaidh ar an ngné shochaíoch a bhaineann le saincheisteanna muiriompair áitiúla agus réigiúnacha, déantar moltaí atá ríthábhachtach chun an geilleagar gorm a fheabhsú amach anseo, agus cuirtear le conclúidí dhá thuairim eile a glacadh le déanaí, is iad sin:FuelEU Maritime (TEN/751) agus NAIADES III (TEN/752).

Is éard a dúirt an tUasal Coulon ar imeall an tseisiúin iomlánaigh ‘ní mór dúinn cur chuige nuálach agus inbhuanaithe a úsáid ina mbeidh cuspóirí glasa agus sláinte i dteannta a chéile. Sa mhuiriompar, beidh dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ar fad sa bhraisle agus sa slabhra soláthair riachtanach chun an sprioc dheiridh a bhaint amach. Tá gá le dlúthchomhar freisin chun na tairbhí soiléire a bhaineann le cruthú na gcríochfort idirmhódúil a áirithiú, lena bhféadfar iompar uiscebhealaí intíre a fhorbairt i gcathracha agus lena gcuirfear le caighdeán saoil níos fearr’.

Is ionann iompar muirí agus thart ar 75 % d’iompar lasta an Aontais. Tá sé fíorthábhachtach mar sin cothromaíocht a bhaint amach idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil trí chur chuige comhtháite. Ba cheart go n‑oibreodh údaráis chalafoirt agus geallsealbhóirí iompair i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun athmhachnamh a dhéanamh ar na naisc idir cathracha, calafoirt agus modhanna iompair.

Is iad na saincheisteanna eile nach mór aghaidh a thabhairt orthu ná oiliúint foirne, ionchais fostaíochta, cóir neamh‑chomhionann idir fir agus mná, agus na hathruithe móra atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dhigiteáil agus uathoibriú gairmeacha. (mp)