Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

MARCH 2022 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

An tsíocháin an t-aon chogadh is fiú a fhearadh

Chuir an cogadh san Úcráin i gcuimhne dúinn an fhírinne shearbh, is é sin gur síocháin bhuan a chinntiú ar mhór-roinn na hEorpa a chéadspreag bunú an Aontais Eorpaigh. Ligeamar sin i ndearmad, faraor. Tharla sé, ag pointe áirithe, nach raibh scéal na síochána san Eoraip tarraingteach a thuilleadh, go háirithe don ghlúin óg. Is é a dúirt Albert Camus gurb í ‘an tsíocháin an t-aon chogadh is fiú a fhearadh’. Táimid ag cur eolais arís ar an bhfírinne atá sna focail sin agus ar an tuiscint go gcaithfimid leanúint dár n-iarrachtaí chun athrú a dhéanamh san áit a bhfuil gá leis.

Read more in all languages

Chuir an cogadh san Úcráin i gcuimhne dúinn an fhírinne shearbh, is é sin gur síocháin bhuan a bheith againn ar mhór-roinn na hEorpa a chéadspreag bunú an Aontais Eorpaigh. Ligeamar sin i ndearmad faraor. Tharla sé, ag pointe áirithe, nach raibh scéal na síochána san Eoraip tarraingteach a thuilleadh, go háirithe don ghlúin óg. Is é a dúirt Albert Camus gurb í ‘an tsíocháin an t-aon chogadh is fiú a fhearadh’. Táimid ag cur eolais arís ar an bhfírinne atá sna focail sin agus ar an tuiscint go gcaithfimid leanúint dár n-iarrachtaí chun athrú a dhéanamh san áit a bhfuil gá leis.

Thug ionradh na Rúise ar an Úcráin chun cuimhne an tromluí is measa a bhí ann san fhichiú haois – an cogadh ar mhór-roinn na hEorpa. Mar a tharla tráth na gcogaí atá caite, tá amhras á chaitheamh ar shláine críche tíre san Eoraip. Tá baol gorta agus cinedhíothaithe i gceist leis sin freisin. Tagann iompar bagrach na Rúise salach ar an rud atá ‘Eorpach’ agus ar an rud atá ‘daonlathach’, agus ní féidir leis an Eoraip cur suas leis sin agus ní ghlacfaidh sí leis. Is í an tsíocháin an rud ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Is í cumhacht an dlí agus ní dlí na cumhachta is bonn leis an Aontas.

Deich mbliana ó shin, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas ar shon os cionn trí scór bliain de shíocháin, d’athmhuintearas agus de dhaonlathas. Beidh ar an Aontas coinneáil den ról atá aige ag cosaint na síochána agus an daonlathais san Eoraip agus níos faide i gcéin; beidh air an ról sin a neartú, fiú.

Is é an cogadh agus iarmhairtí an chogaidh – imirce, boilsciú, ardú ar phraghas an fhuinnnimh agus an gá le míleatú – an dúshlán is mó atá le sárú ag an Eoraip faoi láthair. Ach tá dúshláin eile ann freisin, mar atá, COVID-19, an t-athrú aeráide a chomhrac nó neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a thógáil. Beidh orainn dul i ngleic leis na dúshláin sin go léir agus leanúint de chabhair a thabhairt dár gcomharsana – muintir na hÚcráine. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom na conclúidí a bhí ar an gcruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil a thionóil an tAontas Eorpach in Versailles, conlúidí a thagann leis na moltaí a rinne CESE – stop a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata san Úcráin, daoine san Úcráin agus teifigh na tíre a chosaint agus neamhspleáchas na hEorpa a neartú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh.

Tréimhse dheacair atá ann faoi láthair, go háirithe agus tuirse orainn go fóill tar éis COVID-19 agus na dianghlasála a bhí ann le deireanas. Mar sin féin, is gá dúinn seasamh le chéile i gcónaí. Tá rud amháin ann a bhfuilim cinnte faoi: le go mbeidh daonlathas láidir, teastaíonn neart agus beocht ón rud ar a dtugann na Gréagaigh ‘demos’ – an pobal, bídís ina bhfostóirí, ina n-oibrithe nó ina saoránaigh eile! Mura seasaimid gualainn ar ghualainn, ní éireoidh linn an todhchaí atá uainn san Eoraip a thógáil.

Tá an nasc mothúchánach leis an tionscadal Eorpach agus an úinéireacht air, rud a bhí in easnamh le roinnt blianta, díreach aimsithe againn – AN tSÍOCHÁIN.

Christa Schweng
Uachtarán CESE

Diary Dates

31 Márta – 1 Aibreán 2022, an Bhruiséil (imeacht fíorúil)

Leatsa an Eoraip, Abair leat! 2022

31 Márta 2022, an Bhruiséil (imeacht fíorúil)

Dúshláin sláinte san Aontas Eorpach i gcomhthéacs na paindéime

8 Aibreán 2022, an Bhruiséil

Fostaíocht daoine óga faoi mhíchumas

7 Bealtaine 2022, an Bhruiséil (imeacht fíorúil)

Lá na hEorpa 2022

Sławek Kaminski / GW

Ón Úcráin go dtí...

A bhuí le hobair dhochloíte chróga na n‑iriseoirí, na ngrianghrafadóirí agus na n‑oibreoirí ceamara a théann chuig áiteanna nach féidir linne dul, is féidir linn na heachtraí tragóideacha atá ag titim amach san Úcráin a fheiceáil lenár súile féin. Sheol duine acu siúd, an grianghrafadóir Polannach Sławek Kamiński, grianghraif chugainn ón teorainn idir an Bhealarúis agus an Pholainn, ó Rzeszów agus ó Medyka-Szeginie.

Sa lá atá inniu ann tá na chéad grianghraif sin ón teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin á bhfoilsiú againn. Gabhaimid buíochas leis as na heachtraí sin a léiriú dúinn.

Read more in all languages

A bhuí le hobair dhochloíte chróga na n‑iriseoirí, na ngrianghrafadóirí agus na n‑oibreoirí ceamara a théann chuig áiteanna nach féidir linne dul, is féidir linn na heachtraí tragóideacha atá ag titim amach san Úcráin a fheiceáil lenár súile féin. Sheol duine acu siúd, an grianghrafadóir Polannach Sławek Kamiński, grianghraif chugainn ón teorainn idir an Bhealarúis agus an Pholainn, ó Rzeszów agus ó Medyka-Szeginie.

Sa lá atá inniu ann tá na chéad grianghraif sin ón teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin á bhfoilsiú againn. Gabhaimid buíochas leis as na heachtraí sin a léiriú dúinn.

Sławek Kamiński: fóta-iriseoir do Gazeta Wyborcza. Tá roinnt gradam agus duaiseanna buaite aige i gcomórtais fóta-iriseoireachta chlúiteacha. Bhuaigh sé an chéad duais as Grianghraf na Bliana sa chomórtas Grand Press Photo 2019. Lena chartlann grianghraf, tugtar léargas iomlán ar na hathruithe polaitiúla a tharla sa Pholainn le 30 bliain anuas. Tá a chuid saothair foilsithe freisin i bhformhór na nuachtán Polannach agus i gcuid mhór meáin chlóite agus leabhar thar lear. Ghlac sé páirt freisin i mórthionscadail fógraíochta. Is féidir a obair fóta-iriseoireachta a fheiceáil ar Wyborcza.pl agus Reuters.

Grianghraf: @slawekkaminski.pl ar Instagram

An t-aoi speisialta

Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

Read more in all languages

Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide iad a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Go háirithe, is eiseamláir dúinn misneach, diongbháilteacht agus díograis na pearsan ar a bhfuiltear ag díriú.

In CESE Info na míosa seo, tugaimid cead cainte do Sławek Kamiński, grianghrafadóir ó Gazeta Wyborcza. Thaispeáin sé dúinn na grianghraif a ghlac sé ag teorainn na hÚcráine leis an bPolainn.

Tá eachtraí den chineál céanna le feiceáil in áiteanna eile, toisc go bhfuil muintir na hÚcráine ag trasnú teorainneacha i roinnt tíortha Eorpacha, amhail an Pholainn, an Ungáir, an tSlóvaic, an Rómáin, agus an Mholdóiv.

Cé gur griangrafadóir é a bhfuil a lán taithí aige agus a bhfuil tragóid dhaonna feicthe aige go minic, dúirt Sławek Kamiński nach raibh insint béil aige agus é ag féachaint ar mháithreacha agus ar pháistí na hÚcráine ag teacht isteach sa Pholainn in Rzeszów, in Przemyśl agus in Medyka-Szeginie, agus iad ag fágáil slán ag fir céile agus aithreacha a bhí ag filleadh ar a dtír chun dul ag troid.

Agus stair thubaisteach na hÚcráine ag titim amach os comhair ár súl féin, is a bhuí le hobair dhochloíte chróga na n-iriseoirí, na ngrianghrafadóirí agus na n-oibrithe ceamara a leithéid Sławek Kaminski a théann chuig na háiteanna nach féidir linne dul, gur féidir linn foghlaim faoi na heachtraí atá ag tarlú ar an talamh agus faoi chruachás tragóideach na ndaoine i gcogadh. A bhuí leo siúd, leanfaimid de bheith ar an eolas agus táimid in ann cabhrú leo.

Is buaiteoir de roinnt duaiseanna agus gradam i gcomórtais fóta-iriseoireachta chlúiteacha é Sławek Kamiński. Bhuaigh sé an chéad duais as Grianghraf na Bliana sa chomórtas Grand Press Photo 2019. Lena cheamara, tá sé ag doiciméadú athruithe polaitiúla sa Pholainn le níos mó ná 30 bliain. Tá a chuid saothair foilsithe freisin i bhformhór na nuachtán Polannach agus i gcuid mhór meáin chlóite agus leabhar thar lear. Ghlac sé páirt freisin i mórthionscadail fógraíochta. Is féidir a obair fóta-iriseoireachta a fheiceáil ar Wyborcza.pl agus ar Reuters.(ll/ehp)

Sławek Kamiński: Teorainn

D’fhág mé gan smaoineamh le dul chuig an teorainn in éineacht le comhghleacaí liom ag 5 a.m. ar an Satharn an 26 Feabhra 2022. Ag an bpointe sin, bhí ionradh na Rúise ar an Úcráin ag dul ar aghaidh ar feadh dhá lá.

Read more in all languages

D’fhág mé gan smaoineamh le dul chuig an teorainn in éineacht le comhghleacaí liom ag 5 a.m. ar an Satharn an 26 Feabhra 2022. Ag an bpointe sin, bhí ionradh na Rúise ar an Úcráin ag dul ar aghaidh ar feadh dhá lá.

Is iad turais mar seo saothar laethúil aon ghrianghrafadóir a bhfuil a lán taithí aige, ach bíonn sceitimíní orm i gcónaí. Thiomáineamar roimh éirí gréine i dtreo Przemyśl. Ar an mbealach, ritheamar as breosla, bhí a lán daoine trína chéile, agus bhuail scaoll beag mé.

Ach d’éirigh linn. Ar dtús, thrasnaíomar an teorainn in Medyka. Bhí plódú tráchta ollmhór agus go leor carranna páirceáilte ann. Bhí sluaite daoine ag fanacht le gaolta agus cairde.

Ba é sin an chéad ghrúpa. Tá go leor rudaí feicthe agam i mo shaol ach ní raibh insint béil agam ar an radharc os mo chomhair amach. Bhí máithreacha óga ag siúl agus bhí gach duine acu ag brú pram, ag tarraingt cás nó bhí greim láimhe acu ar leanbh. Bhí póilíní teorann na Polainne ag cabhrú leo. Bhí siad an-chorraithe.

Breathnaigh gach rud beagán difriúil ná mar a bhí ag an teorainn eile, tamall ó shin. Anseo, cuireadh fáilte roimh na daoine nua go croíúil, agus deora ina súile. Is ina gcarranna féin a thug cairde nó teaghlaigh na mná óga. Tá siad sábháilte anois. Ní i bhfad uainn, i ndáiríre i mbéal dorais, bhí slua de shaoránaigh na hÚcráine ar mian leo filleadh ar a dtír. B'fhir iad den chuid is mó. Beidh siad ag troid i gcoinne na namhaide.

Ansin chuaigh mé i dtreo an trasbhealaigh teorann in Korczowa. Sa tráthnona, chuaigh mé chuig an stáisiún traenach in Przemyśl agus chuig an pointe fáiltithe sa hipearmhargadh.

Agus lean sé mar sin ar feadh trí lá.

Bíonn sé difriúil gach uair. Tá níos mó is níos mó dídeanaithe ag teacht agus tá níos mó is níos mó daoine ag iarraidh cabhrú leo. Agus tá siad ag cabhrú leo. Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil gach rud faoi smacht. Tá na siopaí oscailte, tá leictreachas ar fáil agus is féidir glaoch a chur ar gach áit go fóill. Tá cairn éadaí agus bia ag dul i méid. Beidh gach rud úsáideach amach anseo. Tá an nuacht ón líne thosaigh ag éirí níos uafásaí agus níos uafásaí, áfach.

Ar an mbealach ar ais chuaigh líne fhada d’fheithiclí míleata tharainn. Is tromchúiseach atá cúrsaí. Tar éis an tsaoil, tá fíor-chogadh ar siúl díreach trasna na teorann.

Tá níos mó agus níos mó dídeanaithe ón Úcráin ann. Tá i bhfad níos mó ná aon mhilliún dídeanaí ann anois.

Tá an chuid is mó díobh ag dul go dtí cathracha móra. Beidh cónaí orthu ansin i stáisiúin iarnróid, i staideanna agus in ionaid chúraim.

Ceist amháin ar...

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’ freagraíonn Javier Doz, comhalta de CESE, ceist ó CESE info maidir leis na cúraimí is tábhachtaí atá ar Ghrúpa an tSeimeastair Eorpaigh in 2022, a bhfuil sé ina uachtarán air.

CESE: Is tusa Uachtarán Ghrúpa an tSeimeastair Eorpaigh. Cad iad na cúraimí is tábhachtaí atá ar an nGrúpa i mbliana?

Read more in all languages

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’ freagraíonn Javier Doz, comhalta de CESE, ceist ó CESE info maidir leis na cúraimí is tábhachtaí atá ar Ghrúpa an tSeimeastair Eorpaigh in 2022, a bhfuil sé ina uachtarán air.

CESE: Is tusa Uachtarán Ghrúpa an tSeimeastair Eorpaigh. Cad iad na cúraimí is tábhachtaí atá ar an nGrúpa i mbliana?

Javier Doz: Gníomhaíochtaí an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach

Tá an Grúpa um an Seimeastar Eorpach comhdhéanta de 42 chomhalta, cathaoirleach amháin agus dhá leaschathaoirleach – Luca Jahier (Grúpa III) agus Gonçalo Lobo (Grúpa I) – rúnaíocht de thriúr a bhfuil Jakob Andersen i gceannas uirthi agus oiliúnaí amháin. Ina theannta sin, tá 27 dtoscaireacht náisiúnta thríthaobhacha sa struchtúr ina bhfuil 39 gcomhalta eile.

Read more in all languages

Tá an Grúpa um an Seimeastar Eorpach comhdhéanta de 42 chomhalta, cathaoirleach amháin agus dhá leaschathaoirleach – Luca Jahier (Grúpa III) agus Gonçalo Lobo (Grúpa I) – rúnaíocht de thriúr a bhfuil Jakob Andersen i gceannas uirthi agus oiliúnaí amháin. Ina theannta sin, tá 27 dtoscaireacht náisiúnta thríthaobhacha sa struchtúr ina bhfuil 39 gcomhalta eile.

Is léir ó ainm an Ghrúpa cé na cúraimí atá air: anailís a dhéanamh ar rialachas eacnamaíoch an Aontais agus ar na nósanna imeachta agus an t‑ábhar lena mbaineann, lena n‑áirítear na bearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, agus tuairim a éisiúint i ndáil leis an méid sin. As na doiciméid éagsúla atá i bpacáiste an Fhómhair agus pacáiste an Earraigh den Seimeastar, déanann an Grúpa um an Seimeastar Eorpach dlúthfhaireachán ar an Straitéis Bhliantúil um Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar an dá thuairim (an chéad tuairim agus an tuairim fhorlíontach) a ghlacann an Coiste gach bliain maidir leis an Straitéis Bhliantúil um Fhorbairt Inbhuanaithe. Reáchtálann an Grúpa cúig chruinniú in aghaidh na bliana agus comhdháil oscailte atá i gceann díobh a eagraítear i mí na Bealtaine nó i mí an Mheithimh go hiondúil.

Thosaigh sainordú reatha an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach le linn phaindéim COVID‑19, paindéim ar fhreagair an tAontas di trí chur chuige iomlán éagsúil a ghlacadh i leith an bheartais eacnamaíoch i gcomparáid leis an gcur chuige a glacadh le linn ghéarchéim 2008-2012. Glacadh meascán de bheartais airgeadaíochta agus fhioscacha agus Plean Téarnaimh ar fiú EUR 750 000 billiún, arna mhaoiniú le fiachas Eorpach. Ó shin i leith, tá gníomhaíocht an Ghrúpa dírithe ar anailís a dhéanamh ar an ionstraim théarnaimh Next Generation EU agus ar na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRPanna) lena ngabhann. Chuir an méid sin le ról thoscaireachtaí náisiúnta an Ghrúpa, a bhfuil ról lárnach acu i ndréachtú an dá rún a bheidh le glacadh ag CESE maidir leis na pleananna téarnaimh. Sa chéad rún, a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra 2021, díríodh ar mheastóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i ndréachtú na NRRPanna. Bhí an mheastóireacht bunaithe ar bharúlacha na dtoscaireachtaí náisiúnta, a fuarthas trí shuirbhé cúig cheist, agus ar dhíospóireachtaí éagsúla a tionóladh ar an leibhéal náisiúnta. Cáintear sa rún go raibh rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta íseal agus ar chaighdeán íseal, in ainneoin fhorálacha an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

I láthair na huaire, tá rún nua á ullmhú ag an nGrúpa um an Seimeastar Eorpach agus a chuid toscaireachtaí náisiúnta, a bheidh le plé ag seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, ina ndéanfar meastóireacht ar ábhar na bpleananna, ar an tionchar a bheidh acu ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí agus ar rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme na rún sin. An uair seo, tá 21 cheist sa suirbhé. Cuirfear san áireamh freisin conclúidí na bpléití a bhí ann, amhail an dá chomhdháil náisiúnta a eagraíodh i gcomhpháirt leis na comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta sa dá thír a gheobhaidh an méid níos mó de chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, mar atá, an Spáinn agus an Iodáil. Mar chreat tagartha, bainfear leas as na príomhmheasúnuithe ar na NRRPanna atá á gcur i gcrích ag na meithleacha Eorpacha, mar aon le sonraí arna soláthar ag an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta.

A luaithe a bheidh an obair ar ullmhú an dara rún tugtha chun críche, díreofar gníomhaíochtaí an Ghrúpa ar athchóiriú an tSeimeastair Eorpaigh agus ar mheastóireacht a dhéanamh ar an infheistíocht a bheidh ag teastáil d’fhonn cuspóirí an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus, go háirithe, na cuspóirí sin atá riachtanach san aistriú cóir chuig geilleagar glas aeráidneodrach faoi 2050. Beidh an t‑athchóiriú ar nósanna imeachta an tSeimeastair Eorpaigh, atá nasctha le hathchóiriú an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, á phlé le linn chomhdháil an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach a bheidh ar siúl an 3 Meitheamh. Chun anailís a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí a bheidh ag teastáil faoin gComhaontú Glas, molfaidh an Grúpa um an Seimeastar Eorpach go n‑eagróidh rannóg ECO, i dteannta rannóg NAT, comhdháil sa ráithe dheiridh den bhliain.

Mar fhocal scoir, níl aon amhras ach go mbeidh ar an nGrúpa um an Seimeastar Eorpach aghaidh a thabhairt sna míonna amach romhainn ar iarmhairtí eacnamaíochta ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na smachtbhannaí a ghlac an tAontas chun dul i ngleic leis. Ní mór dó freisin a bheith go mór ar son athbhunú cheannasacht ár dtíre comharsanaí agus ár gcomhghuaillí.

Javier Doz

Uachtarán an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach

New publications

Croí an scéil

Sa cholún ‘Croí an scéil’, iarraimid ar chomhaltaí CESE béim a leagan ar na pointí ina gcuid tuairimí a mheasann siad a bheith tábhachtach. An uair seo, d’iarramar ar Ozlem Yildirim míniú a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as na naisc idir cosaint an chomhshaoil agus na cearta bunúsacha.

Read more in all languages

Sa cholún ‘Croí an scéil’, iarraimid ar chomhaltaí CESE béim a leagan ar na pointí ina gcuid tuairimí a mheasann siad a bheith tábhachtach. An uair seo, d’iarramar ar Ozlem Yildirim míniú a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as na naisc idir cosaint an chomhshaoil agus na cearta bunúsacha.

Ozlem Yildirim: An ceart chun comhshaoil fholláin a aithint mar cheart bunúsach

 Agus é á chur san áireamh go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ag díghrádú an chomhshaoil agus ag an suaitheadh aeráide ar chearta bunúsacha éagsúla (amhail an ceart chun na beatha, an ceart chun sláinte nó an ceart chun oideachais), d’fhéach CESE den chéad uair riamh ar an idirnascacht shoiléir sin a d’fhéadfadh an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le forbairt, sláinte dhomhanda agus laghdú na bochtaineachta a chur ó rath.

Read more in all languages

 Agus é á chur san áireamh go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ag díghrádú an chomhshaoil agus ag an suaitheadh aeráide ar chearta bunúsacha éagsúla (amhail an ceart chun na beatha, an ceart chun sláinte nó an ceart chun oideachais), d’fhéach CESE den chéad uair riamh ar an idirnascacht shoiléir sin a d’fhéadfadh an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le forbairt, sláinte dhomhanda agus laghdú na bochtaineachta a chur ó rath.

Leis an tuarascáil faisnéise Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun cearta bunúsacha a urramú, bhí an deis ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha agus, go háirithe, ar an gceart chun comhshaoil fholláin mar cheart bunúsach. Ós údar na tuarascála seo mé, ba mhian liom aird a tharraingt air go measann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil gurb é an truailliú aeir an riosca is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Eoraip. Ní hamháin go gcuireann an truailliú sin sláinte an duine i mbaol, tá costais mhóra eacnamaíocha i gceist leis chomh maith toisc go n-eascraíonn costais leighis níos airde as, táirgiúlacht níos ísle, go háirithe mar gheall ar laethanta oibre a bheith caillte, agus táirgeacht talmhaíochta níos ísle. Ina fhianaise sin, is geal linn go bhfuil ceart nua de chuid chearta an duine ag teacht chun cinn, is é sin an ceart chun comhshaoil fholláin, shábháilte agus inbhuanaithe.

De réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) tá 1.2 billiún post (40 % de líon iomlán na bpost ar domhan) ag brath ar chomhshaol folláin a bheith ann. I ngeall ar an strus teirmeach, tiocfaidh laghdú 2 % ar líon na n-uaireanta oibre ar domhan faoi 2030, i.e. 72 mhilliún post. Beidh tionchar ag an truailliú agus ag díghrádú an chomhshaoil ar tháirgiúlacht, sláinte, ioncaim agus slándáil bia na n-oibrithe.

Sin é an fáth a dtugtar an méid seo a leanas le fios sa tuarascáil faisnéise: ‘Ní mór don Aontas a léiriú gur comhpháirtí iontaofa é ar an leibhéal idirnáisiúnta ach reachtaíocht a neartú agus a chur chun feidhme ina gcomhtháthaítear cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chearta an duine maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil chun beartais agus bearta um maolú an athraithe aeráide a threorú agus cearta an uile dhuine á gcosaint. Ní mór don Aontas, thar aon rud eile, a bheith comhsheasmhach agus aird níos mó a thabhairt ar chomhaontuithe trádála.’

Ar na tograí éagsúla atá sa tuarascáil seo maidir le gníomhaíochtaí aeráide an Aontais a dhíriú ar na cearta bunúsacha, leagtar béim faoi leith ar straitéis idirdhisciplíneach shoiléir chomhordaithe a ghlacadh agus ar an ngá atá le próiseas aontachais an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a thabhairt chun críche. Ar deireadh, tá CESE á iarraidh go nglacfaidh dlí Eorpach ar a dtabharfar ‘an dlí maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’ d’fhonn ardleibhéal cosanta aonfhoirmeach a bhaint amach ar fud na hEorpa trí dhul i ngleic le nósanna imeachta breithiúnacha mí-úsáideacha arb é is aidhm dóibh sceithirí eolais, iriseoirí, cosantóirí cearta agus forais faire phoiblí a chur ina dtost.

Ozlem Yildirim, comhalta de CESE agus leaschathaoirleach ar an nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta

EESC News

Ní sábháilte an Eoraip go mbeidh Úcráin shlán shábháilte ann

Cháin comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an t‑ionradh gan chúis gan údar a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh an cáineadh le linn díospóireacht gan choinne ar chuir Uachtarán CESE Christa Schweng tús léi agus seisiún iomlánach mhí Feabhra ar siúl. Chuir comhaltaí CESE a ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine in iúl agus d’éiligh siad bearta láidre ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát araon, mar léiriú ar an gcur le chéile in am seo an ghátair.

Read more in all languages

Cháin comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an t‑ionradh gan chúis gan údar a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh an cáineadh le linn díospóireacht gan choinne ar chuir Uachtarán CESE Christa Schweng tús léi agus seisiún iomlánach mhí Feabhra ar siúl. Chuir comhaltaí CESE a ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine in iúl agus d’éiligh siad bearta láidre ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát araon, mar léiriú ar an gcur le chéile in am seo an ghátair.

Agus tús á chur aici leis an díospóireacht, leag an tUachtarán Christa Schweng béim ar a thromchúisí agus atá a bhfuil ag titim amach san Eoraip: ‘Tá ionsaí á dhéanamh ar leac dorais an Aontais Eorpaigh. Sárú soiléir ar an dlí idirnáisiúnta atá ann, agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, Comhaontuithe Mhionsc san áireamh. Ag an uair seo, is ag cuimhneamh ar an Úcráin agus ar shochaí shibhialta na tíre sin atá muid: mná, fir agus leanaí nach ndearna aon cheo as bealach ach ar gá dóibh ionsaí gan chúis a fhulaingt agus eagla a n‑anama a bheith orthu mar sin féin. Tá an Eoraip ina seasamh ar ghualainn na hÚcráine agus a sochaí sibhialta!’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stefano Mallia, cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí: ‘Is cinnte go bhfuil an tAontas aontaithe agus fonn air beart daingean a dhéanamh. Bhí mise i láthair ar Chearnóg Maidan agus is cuimhin liom go soiléir gur theastaigh go mór ó lucht na sochaí sibhialta a bheith ina chuid den Eoraip, ina chuid den Aontas. Nár thréigtear an Úcráin. Ní mór dúinne a bheith sásta íobairtí a dhéanamh agus an rud is gá a dhéanamh’.

Thug Oliver Röpke, cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe, an méid seo a leanas le fios: ‘Tá sé in am againn cur ina choinne seo agus a chur in iúl go soiléir nach nglacfaidh an Eoraip lena leithéid seo choíche. Ní mór dúinn cur le chéile agus freagairt chuí a thabhairt ar an ionsaí seo agus an fód a sheasamh i gceart le muintir na hÚcráine’.

Is leis an meon céanna a chuir Séamus Boland, cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, a thacaíocht in iúl: ‘Tá uair na cinniúna buailte linn agus ní mór dúinn an lámh a shíneadh chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine. Thar aon ní eile, ní mór don Aontas a bheith aontaithe agus seasamh lena chomharsana.’

Is éard a bhí le rá ag cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE, Dimitris Dimitriadis, ná go leanfaidh CESE de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine trí bhíthin na mbealaí cumarsáide seanbhunaithe, cuir i gcás Ardán Sochaí Sibhialta AE‑na hÚcráine agus na foinsí teagmhála déthaobhacha. (at)

Beartas tionsclaíoch: ní mór an inbhuanaitheacht a bheith fite fuaite leis an iomaíochas agus le neamhspleáchas straitéiseach

Ní mór don Aontas Eorpach athmheasúnú a dhéanamh ar thosaíochtaí a bheartais thionsclaíoch i bhfianaise na paindéime agus na coinbhleachta ar theorainn oirthear na hEorpa. Is é sin an teachtaireacht a tháinig as an gcomhdháil dar teideal ‘Todhchaí inbhuanaithe d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa’ a d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Márta 2022, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Read more in all languages

Ní mór don Aontas Eorpach athmheasúnú a dhéanamh ar thosaíochtaí a bheartais thionsclaíoch i bhfianaise na paindéime agus na coinbhleachta ar theorainn oirthear na hEorpa. Is é sin an teachtaireacht a tháinig as an gcomhdháil dar teideal ‘Todhchaí inbhuanaithe d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa’ a d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Márta 2022, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Agus í ag cur tús leis an gComhdháil, leag Uachtarán CESE, Christa Schweng, béim ar an ngá atá le cur chuige comhoibritheach maidir le beartas tionsclaíoch an Aontais a mhúnlú: ‘Ní mór dúinn oibriú i gcomhar leis an tionsclaíocht, leis na húdaráis phoiblí agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus todhchaí inbhuanaithe á tógáil againn do thionscal an Aontais. Le linn an phróisis sin, níor cheart aon duine a fhágáil ar lár.’

Cé go bhfuil an tAontas Eorpach fós ag déileáil le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19, chuir na himeachtaí móra san Úcráin alltacht ar mhuintir na mór-roinne. Dúirt Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, ‘go gcaithfidh tionscail na hEorpa spleáchas aontaobhach ar thionscail eile a laghdú. Ní mór dúinn an Margadh Aonair a chosaint freisin ar thionchair sheachtracha, bíodh sin fóirdheontais eachtracha saofa nó iarrachtaí ar chomhéigean ag rialtais eachtracha.’

Léirigh formhór na gcainteoirí go raibh an choinbhleacht ina hargóint láidir eile chun leanúint de bheith ag iarraidh cuspóirí glasa a bhaint amach, cé gur mheas cuid eile díobh gur gá athmhachnamh a dhéanamh sna himthosca áirithe sin, ar ár spriocanna glasa, agus bhí caint, fiú, ar fhilleadh ar an ngual san Eoraip. ‘Mar gheall ar thosca nua atá ag teacht chun cinn amhail boilsciú, fiachas, cosaint, agus fuinneamh, ní mór dúinn straitéis thionsclaíoch iomlán difriúil a shaothrú. Ní mór neamhspleáchas agus cosaint straitéiseach a bheith mar riachtanas nua againn,’ a d’áitigh Carlo Calenda, Feisire de Pharlaimint na hEorpa.

Anuas air sin, tá Ard-Stiúrthóir Fiontraíochta in Aireacht Geilleagair, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince, Thomas Courbe, den tuairim gur deis é an t-aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe chun fothaí tionsclaíocha na hEorpa a nuachóiriú. Ní mór dálaí cothroma fostaíochta atá cóir ó thaobh na sochaí de a chothú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, i gcomhréir leis an bprionsabal nach bhfágfar aon duine ar lár. ‘Ba cheart é a bheith mar sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a mhéid is féidir ar an gcostas socheacnamaíoch is ísle is féidir,’ arsa rapóirtéir CESE, Sandra Parthie. < style="color:blue">An straitéis nua tionsclaíochta a nuashonrú.

Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, go bhfuil sé ríthábhachtach fís chomhtháite den Aontas Eorpach agus dá thionscail a spreagadh agus teannas geopholaitiúil ag dul i méid. (gb/dm)

I bhfianaise an ionsaithe atá ar siúl i gcoinne na hÚcráine, is léir gur gá tionscadal an Aontais a neartú a thuilleadh

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) comhdháil dar teideal An Eoraip a mhúnlú i dteannta a chéile. Ba é cuspóir na comhdhála sin, a eagraíodh d’fhonn Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thabhairt chun críche, bailchríoch a chur ar an obair a rinne an Coiste go dtí sin agus plé a dhéanamh ar an staid reatha, ar na dúshláin a bhí amach romhainn agus ar na huaillmhianta don todhchaí.

Read more in all languages

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) comhdháil dar teideal An Eoraip a mhúnlú i dteannta a chéile. Ba é cuspóir na comhdhála sin, a eagraíodh d’fhonn Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thabhairt chun críche, bailchríoch a chur ar an obair a rinne an Coiste go dtí sin agus plé a dhéanamh ar an staid reatha, ar na dúshláin a bhí amach romhainn agus ar na huaillmhianta don todhchaí.

Chuir Uachtarán CESE, Christa Schweng, tús leis an díospóireacht, agus tagairt á déanamh aici do na forbairtí stairiúla atá ag tarlú le déanaí san Úcráin agus an chéad cheist á freagairt aici maidir le cé acu an é seo an t-am ceart chun todhchaí na hEorpa a phlé.

‘Léiríonn an t-ionsaí i gcoinne na hÚcráine agus a muintire an géarghá atá leis an tionscadal Eorpach agus luachanna bunúsacha na hEorpa, amhail an tsíocháin, an tsaoirse agus an daonlathas, a neartú a thuilleadh', a dúirt Christa Schweng.

Léirigh sí a thábhachtaí atá an eachtra seo mar ócáid chun léargas a fháil ar an staid mar atá faoi láthair agus chun measúnú a dhéanamh ar an méid a tharla le cúpla mí anuas.

Rinne CESE tionscnaimh agus imeachtaí for-rochtana a reáchtáil sna Ballstáit ar fad d’fhonn ionadaíocht chothrom a ráthú, fostóirí, oibrithe agus an tsochaí shibhialta eagraithe ina hiomláine a rannpháirtiú, agus a mbarúlacha a chur in iúl le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Ghlac an Coiste Rún maidir le hInsint Nua ar an Eoraip freisin agus d’fhoilsigh sé roinnt smaointe ar ardán na Comhdhála ar líne. 

I ráiteas deiridh, dúirt Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha le hAire don Eoraip agus do Ghnóthaí Eachtracha na Fraince, Clément Beaune an méid seo a leanas: ‘Beidh díospóireachtaí agus cinntí institiúideacha ag teastáil chun tograí na saoránach a chur chun feidhme, agus gníomhóidh CESE mar chaomhnóir chun a chinntiú go mbainfear amach an méid a bhfuiltear ag súil leis’.

Bhí ról thar a bheith gníomhach ag CESE sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa trína ghrúpa ad-hoc, mar bhreathnóir ar bhord feidhmiúcháin na Comhdhála, agus mar chomhalta den seisiún iomlánach. (ks)

Ní mór dúinn siúl le cois a chéile ar an mbóthar fada seo i dtreo an chomhionannais inscne

Is faoi scáth an chogaidh a tionóladh an chomhdháil maidir le Mná sa Mhargadh Saothair, a d’eagraigh CESE chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh an 8 Márta. Mhol rannpháirtithe na comhdhála mná éachtacha na hÚcráine as an neart, as an gcrógacht agus as an teacht aniar atá léirithe acu.

Read more in all languages

Is faoi scáth an chogaidh a tionóladh an chomhdháil maidir le Mná sa Mhargadh Saothair, a d’eagraigh CESE chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh an 8 Márta. Mhol rannpháirtithe na comhdhála mná éachtacha na hÚcráine as an neart, as an gcrógacht agus as an teacht aniar atá léirithe acu.

San aitheasc tosaigh a thug sí uaithi, thagair Uachtarán CESE, Christa Schweng, do mhná agus do chailíní na hÚcráine a bhfuil iallach á chur orthu a dtír a fhágáil, rud a fhágann i mbaol foréigin iad, murab ionann is riamh.

Ar an gcaoi chéanna, leag Maria Nikolopoulou, cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um an gComhionannas agus comhalta de CESE, béim air ‘go bhfuil mná, máithreacha agus céilí sáinnithe i limistéar cogaidh, agus cuid mhaith acu ag dul chun comhraic iad féin, fad atá tuilleadh eile díobh ar a ndícheall ag iarraidh teitheadh ó ainghníomhartha na n-ionsaithe. Seasaimid leis na sochaithe sibhialta atá ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an gcogaíocht i ngach tír ar domhan.’

Faoi mar a méadaíodh an bhearna fostaíochta idir na hinscní de dheasca phaindéim COVID-19, tá borradh curtha ag an bpaindéim faoin bhforéigean agus faoin gciapadh ag an obair.

D’fhógair an Coimisinéir um Chomhionannas, Helena Dalli, go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach togra i láthair le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac a bheadh ceangailteach ar na Ballstáit uile.

Maidir le hearnáil na hintleachta saorga, níl ach 16 % den lucht saothair ar mná iad, rud a fhágann an chumhacht ag an 84 % eile (ar fir iad) na cinntí go léir a dhéanamh agus ceannaireacht a thabhairt. ‘Mura mbeidh páirt ag mná sna hearnálacha sin, ciallóidh sin gurb iad na fir a chruthóidh agus a mhúnlóidh ár ndomhan nua uile, agus gur domhan claonta a bheidh ann, dá dheasca sin’, a dúirt Schweng.  (at)

EU organic awards

Gradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach eagraithe den chéad uair

In 2022, eagróidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar bhonn comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach, le Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), COPA-COGECA agus IFOAM Organics Europe Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach den chéad uair, agus é mar aidhm aige barrfheabhas a aithint agus duais a bhronnadh ar na gníomhaithe is fearr agus is nuálaí i slabhra luacha orgánach an Aontais.

Read more in all languages

In 2022, eagróidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar bhonn comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach, le Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), COPA-COGECA agus IFOAM Organics Europe Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach den chéad uair, agus é mar aidhm aige barrfheabhas a aithint agus duais a bhronnadh ar na gníomhaithe is fearr agus is nuálaí i slabhra luacha orgánach an Aontais.

Áirítear sna gradaim maidir le Táirgeadh Orgánach (#EUOrganic) ocht nduais agus na seacht gcatagóir seo a leanas don táirgeadh orgánach is fearr:

  1. feirmeoir (baineann agus fireann)
  2. réigiún
  3. cathair
  4. bithcheantar
  5. fiontar beag agus meánmhéide (FBM)
  6. miondíoltóir bia
  7. bialann.

Tá beartas níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí bia san Aontas Eorpach á mholadh ag CESE le blianta fada agus beidh sé freagrach as na trí ghradam seo a leanas: an FBM a bhfuil an táirgeadh orgánach is fearr aige, an miondíoltóir bia orgánaigh is fearr, agus an bhialann orgánach is fearr. Tá an fhoirm iarratais le fáil anseo. 

Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ón 25 Márta go dtí an 8 Meitheamh 2022, agus beidh siad ar fáil anseo.

Eagrófar searmanas bronnta ar Lá Orgánach an Aontais an 23 Meán Fómhair 2022, ócáid ina gcuirfidh na buaiteoirí a gcuid tionscadal nuálach i láthair. Níl sé beartaithe airgead duaise a bhronnadh.

Cúlra

Shonraigh an Coimisiún an sprioc maidir le 25 % den talamh talmhaíochta a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030. Chun tacú leis an sprioc sin, ghlac an Coimisiún an plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt i mí an Mhárta 2021. Sa phlean gníomhaíochta seo, glactar cur chuige ina n-aithnítear go bhfuil sé ríthábhachtach feasacht an phobail a mhéadú maidir leis na saintréithe agus na tairbhí a bhaineann leis an táirgeadh orgánach, d’fhonn táirgeadh agus tomhaltas orgánach a spreagadh. Dá bhrí sin, áirítear sa phlean gníomhaíochta duaiseanna bliantúla mar cheann de na straitéisí chun an sprioc sin a bhaint amach. (mr)

Seisiún iomlánach de chuid CESE: is é an bhagairt is mó ar an aistriú aeráide ná fanacht go dtí go bhfuil sé ródhéanach

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 24 Feabhra, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim uaidh dar teideal'Oiriúnach do 55': sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach (níl leagan Gaeilge ann). Tá tograí nithiúla curtha ar aghaidh ag CESE chun cuidiú le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh ionas go mbeidh an tAontas in ann laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.

Read more in all languages

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 24 Feabhra, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim uaidh dar teideal'Oiriúnach do 55': sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach (níl leagan Gaeilge ann). Tá tograí nithiúla curtha ar aghaidh ag CESE chun cuidiú le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh ionas go mbeidh an tAontas in ann laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.

Beidh tionchar míchothrom ag gnóthú na spriocanna athbhreithnithe do 2030, mar a moladh sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ar réigiúin, ar phobail agus ar dhaoine aonair ar fud na hEorpa.

Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, molann CESE don Choimisiún Eorpach mapáil mhionsonraithe a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an aistriú ar fhostaíocht agus ar scileanna sna tíortha, sna réigiúin agus sna hearnálacha éagsúla, lena n-áirítear ar fhochonraitheoirí agus ar shlabhraí luacha iartheachtacha.

Ní mór dúinn samhail a ghlacadh a mbeidh geilleagar rathúil, inbhuanaithe agus iomaíoch mar thoradh uirthi. Sin é an fáth a molann CESE go ndéanfaí seiceáil iomaíochais ar na tograí reachtacha go léir a thíolacfar faoi chuimsiú an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ionas go dtuigfear i gceart na himpleachtaí go léir a bheadh ann do ghnólachtaí.

Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag príomh-eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ní mór dóibh a bheith páirteach ag céim phleanála agus chur chun feidhme araon an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.

Dá bhrí sin, ‘tacaíonn CESE le 'Coimisiúin thrípháirteacha um Aistriú Cóir' a chur ar bun chun cur ar chumas na n-údarás réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus réigiúnacha um aistriú cóir', arsa Cillian Lohan.

Beidh impleachtaí ollmhóra airgeadais, sóisialta agus comhshaoil ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide. ‘Sin é an fáth ar gá dúinn a chinntiú go mbeidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ina chéim thábhachtach i dtreo geilleagar Eorpach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus nach gcuirfidh sé cosc ar an méid sin,’ a dúirt Stefano Mallia. (mr)

 

Is bearta eisceachtúla iad na bearta chun dul i ngleic leis an bpaindéim agus níor cheart dóibh an bonn a bhaint de chomhluachanna an Aontais Eorpaigh

Ba cheart na bearta éigeandála a ghlacann na húdaráis phoiblí in imthosca urghnácha a bheith go hiomlán comhréireach, teoranta go soiléir ó thaobh ama de agus ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu. Ag labhairt dóibh ag seisiún iomlánach CESE an 23 Feabhra 2022, ghlac Christa Schweng, Uachtarán CESE agus Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, seasamh daingean.

Read more in all languages

Ba cheart na bearta éigeandála a ghlacann na húdaráis phoiblí in imthosca urghnácha a bheith go hiomlán comhréireach, a bheith teoranta go soiléir ó thaobh ama de agus ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu. Ag labhairt dóibh ag seisiún iomlánach CESE an 23 Feabhra 2022, ghlac Christa Schweng, Uachtarán CESE agus Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, seasamh daingean.

Agus tagairt á déanamh aici do ghéarchéim COVID-19 agus don staid éigeandála a d’fhógair a lán Ballstát de chuid an Aontais chun an tsláinte phoiblí a chosaint, a raibh srianta ar roinnt cearta agus saoirsí bunúsacha mar thoradh orthu, dúirt Christa Schweng an méid seo a leanas: ‘Is tástáil struis í an phaindéim dár sochaithe agus dár ndaonlathais. Ó thaobh na gceart bunúsach, an smachta reachta agus an daonlathais de, bhí CESE den tuairim go raibh sé ríthábhachtach dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid. D’éist muid le gníomhaithe na sochaí sibhialta go háirithe maidir leis na hiarmhairtí, na dúshláin agus na straitéisí scoir a bhaineann leis an ngéarchéim. Ní mór don Eoraip teacht amach as géarchéim COVID-19 agus a cuid luachanna coiteanna á neartú aici.’

Chuir Věra Jourová i bhfios go láidir gur léirigh paindéim COVID-19 go tréan a thábhachtaí atá ár gcearta bunúsacha agus ár luachanna daonlathacha dár saol laethúil agus nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh díobh: ‘Ceacht tábhachtach a thagann ón ngéarchéim sláinte is ea nár cheart bearta atá riachtanach chun an phaindéim a chomhrac a ghlacadh má dhéanfar dochar do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha dá dheasca sin. Ní mór dúinn a bheith airdeallach agus cloí lenár gcearta bunúsacha agus lenár luachanna coiteanna, ar cheart iad a bheith lárnach inár bhfreagairt ar phaindéim COVID-19.

Leagadh amach seasamh CESE maidir le tionchar ghearchéim COVID-19 ar chearta bunúsacha, ar an smacht reatha ar fud an Aontais agus ar thodhchaí an daonlathais sa tuairim a chuir an Grúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE i láthair, arna dréachtú ag José Antonio Moreno Díaz agus Cristian Pîrvulescu. Sa doiciméad a glacadh ag an seisiún iomlánach, tá sé á chur i bhfios ag an gCoiste gur cheart do na bearta speisialta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 a bheith eisceachtúil agus teoranta ó thaobh ama de, agus nár cheart dóibh teacht salach ar an smacht reachta ná níor cheart dóibh an daonlathas, scaradh cumhachtaí ná cearta bunúsacha chónaitheoirí na hEorpa a chur i mbaol. (mp)

Ní mór sláinte daoine a chur san áireamh agus an t‑aistriú glas san iompar uisce á bhaint amach

Ní mór sláinte agus cáilíocht saoil daoine a bhfuil cónaí orthu agus a bhíonn ag obair in aice seolbhealaí loingseoireachta nó calafort a chur san áireamh agus an muiriompar agus an t‑iompar uiscebhealaí intíre á nglasú. Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim ó CESE a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra.

Read more in all languages

Ní mór sláinte agus cáilíocht saoil daoine a bhfuil cónaí orthu agus a bhíonn ag obair in aice seolbhealaí loingseoireachta nó calafort a chur san áireamh agus an muiriompar agus an t‑iompar uiscebhealaí intíre á nglasú. Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim ó CESE a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra.

Sa doiciméad sin, tugann CESE aghaidh ar an ngné shochaíoch a bhaineann le saincheisteanna muiriompair áitiúla agus réigiúnacha, déantar moltaí atá ríthábhachtach chun an geilleagar gorm a fheabhsú amach anseo, agus cuirtear le conclúidí dhá thuairim eile a glacadh le déanaí, is iad sin:FuelEU Maritime (TEN/751) agus NAIADES III (TEN/752).

Is éard a dúirt an tUasal Coulon ar imeall an tseisiúin iomlánaigh ‘ní mór dúinn cur chuige nuálach agus inbhuanaithe a úsáid ina mbeidh cuspóirí glasa agus sláinte i dteannta a chéile. Sa mhuiriompar, beidh dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ar fad sa bhraisle agus sa slabhra soláthair riachtanach chun an sprioc dheiridh a bhaint amach. Tá gá le dlúthchomhar freisin chun na tairbhí soiléire a bhaineann le cruthú na gcríochfort idirmhódúil a áirithiú, lena bhféadfar iompar uiscebhealaí intíre a fhorbairt i gcathracha agus lena gcuirfear le caighdeán saoil níos fearr’.

Is ionann iompar muirí agus thart ar 75 % d’iompar lasta an Aontais. Tá sé fíorthábhachtach mar sin cothromaíocht a bhaint amach idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil trí chur chuige comhtháite. Ba cheart go n‑oibreodh údaráis chalafoirt agus geallsealbhóirí iompair i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun athmhachnamh a dhéanamh ar na naisc idir cathracha, calafoirt agus modhanna iompair.

Is iad na saincheisteanna eile nach mór aghaidh a thabhairt orthu ná oiliúint foirne, ionchais fostaíochta, cóir neamh‑chomhionann idir fir agus mná, agus na hathruithe móra atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dhigiteáil agus uathoibriú gairmeacha. (mp)

 

Is gá don Aontas dul i muinín creat eacnamaíoch a bheidh dírithe ar an rathúnas, dar le CESE

Thionóil CESE agus AS ECFIN comhdháil ar líne maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais mar chuid den díospóireacht phoiblí ghaolmhar. Bhí sé d’aidhm ag an imeacht an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir lena bhfuil i ndán don chreat rialachais eacnamaíoch.

Read more in all languages

Thionóil CESE agus AS ECFIN comhdháil ar líne maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais mar chuid den díospóireacht phoiblí ghaolmhar. Bhí sé d’aidhm ag an imeacht an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir lena bhfuil i ndán don chreat rialachais eacnamaíoch.

Thosaigh Uachtarán CESE, Christa Schweng, leis an ráiteas seo a leanas: ‘In ionad filleadh ar an ngnáthshaol, molann CESE dul i dtreo creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe agus athchothromaithe a bheidh dírithe ar an rathúnas.’ Chuir sí i dtábhacht freisin gur gá na príomhgheallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta a rannpháirtiú. Ina dhiaidh sin, dúirt an Coimisinéir um an nGeilleagar, Paolo Gentiloni, nach mbeidh sé éasca teacht ar chomhthoil faoi 2023, ach nach mór dúinn an deis uathúil seo a thapú chun ár rialacha fioscacha a ailíniú lenár sprioc uaillmhianach maidir le fás láidir, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú san Eoraip. Chuir an Feisire, Margarida Marques, tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa i láthair ansin maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat reachtach maicreacnamaíoch, agus bhí díospóireacht phainéil ann ina dhiaidh sin. Díríodh sa chuid dheireanach ar an gcaoi a bhféadfadh creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bearna infheistíochta d’fhonn an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach. Chuir Dominika Biegon, rapóirtéir CESE, a tuairim féintionscnaimh i láthair dar teideal ‘Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir’. (tk)

Stiúrthóir nua um Chumarsáid agus um Chaidreamh Idirinstitiúideach in CESE

Is é Alexander Kleinig an Stiúrthóir nua um Chumarsáid agus um Chaidreamh Idirinstitiúideach in CESE. Thosaigh Alexander ag obair i bParlaimint na hEorpa in 1996 mar riarthóir don Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta. In 2005, thosaigh sé ag obair in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa mar bhainisteoir tionscadail d’ionad na gcuairteoirí. Rinne sé an Parlamentarium a sheoladh agus a bhainistiú idir 2011 agus 2018.

‘Tá mé an-tógtha le leibhéal cáilíochta na ndíospóireachtaí agus le gairmiúlacht fhoireann an Choiste. Gach áit a dtéim, buailim le comhghleacaithe atá tiomanta, díograiseach agus bródúil as a gcuid oibre. Chuaigh an fháilte chroíúil a chuir Stiúrthóireacht D romham i bhfeidhm go mór orm. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le mo réamhtheachtaí, Eleonora Di Nicolantonio, a rinne sárbhainistíocht ar an stiúrthóireacht san am atá caite’.

Read more in all languages

Is é Alexander Kleinig an Stiúrthóir nua um Chumarsáid agus um Chaidreamh Idirinstitiúideach in CESE. Thosaigh Alexander ag obair i bParlaimint na hEorpa in 1996 mar riarthóir don Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta. In 2005, thosaigh sé ag obair in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa mar bhainisteoir tionscadail d’ionad na gcuairteoirí. Rinne sé an Parlamentarium a sheoladh agus a bhainistiú idir 2011 agus 2018.

‘Tá mé an-tógtha le leibhéal cáilíochta na ndíospóireachtaí agus le gairmiúlacht fhoireann an Choiste. Gach áit a dtéim, buailim le comhghleacaithe atá tiomanta, díograiseach agus bródúil as a gcuid oibre. Chuaigh an fháilte chroíúil a chuir Stiúrthóireacht D romham i bhfeidhm go mór orm. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le mo réamhtheachtaí, Eleonora Di Nicolantonio, a rinne sárbhainistíocht ar an stiúrthóireacht san am atá caite’.

News from the Groups

Oscailt súl don Eoraip

Le Stefano Mallia, Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Mar a scríobh Leo Tolstoy ina shárshaothar War and Peace ‘is inár gcodladh atáimid go dtí go dtitimid i ngrá!’

Ba cheart do Vladimir Putin obair a chomhthíreach a léamh chun tuiscint a fháil ar an staid reatha. Cé go bhféadfadh sé go raibh an Eoraip ina codladh nuair a rinne an Rúis an Chrimé a ionghabháil, is mór-roinn aontaithe í inár tharla dhá chogadh domhanda agus ní fhanfaidh sí ina codladh i bhfad eile.

Read more in all languages

Le Stefano Mallia, Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Mar a scríobh Leo Tolstoy ina shárshaothar War and Peace ‘is inár gcodladh atáimid go dtí go dtitimid i ngrá!’

Ba cheart do Vladimir Putin obair a chomhthíreach a léamh chun tuiscint a fháil ar an staid reatha. Cé go bhféadfadh sé go raibh an Eoraip ina codladh nuair a rinne an Rúis an Chrimé a ionghabháil, is mór-roinn aontaithe í inár tharla dhá chogadh domhanda agus ní fhanfaidh sí ina codladh i bhfad eile.

Agus sin mar a tharla sé: thit an Eoraip i ngrá leis an Úcráin agus dúisíodh í. Is éard atá feicthe againn le laethanta beaga anuas mór-roinn atá ag titim i ngrá le tír. Tír a throideann in aghaidh ionsaithe agus ar son a féinchinntiúcháin, a saoirse agus a luachanna daonlathacha.

Díreach tar éis don Rúis tús a chur leis an ionradh ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta nach bhféadfaí a shamhlú cúpla mí ó shin. Leis an gcogadh san Úcráin, léirítear daonnacht an Aontais agus a shaoránach. Tá tús áite á thabhairt acu don tsaoirse agus don tsíocháin ar a gcuid leasanna féin agus ar an trádáil.

Gan mhoill, rinne an tAontas an pacáiste smachtbhannaí is mó a ghlacadh ó bunaíodh é, a chuirfidh isteach ar chóras airgeadais, tionscail ardteicneolaíochta agus scothaicme éillitheach na Rúise. Luífidh tionchar na smachtbhannaí sin go mór ar gheilleagar na Rúise agus ar an gCreimil. Beidh geilleagar na hEorpa thíos leo chomh maith.

Tá múscailt na hEorpa le tabhairt faoi deara ar fud an speictrim beartais. Más mian leis an Eoraip leanúint de bheith ag maireachtáil faoi shíocháin, ní mór di beartas eachtrach agus comhbheartas cosanta láidir a fhorbairt. Oscailt súl dúinn is ea an cogadh seo ar ár mor-roinn.

Chun leanúint de bheith ag cur leis an bhfís atá aici, bhí sé de dhíth ar an Eoraip a mian go mbeadh síocháin ann a athaimsiú. In ionad deighilt a chruthú san Eoraip, is éard atá déanta ag Putin ná muid a thabhairt le chéile chun an fhís sin a bhaint amach.

Is féidir an t-alt iomlán a léamh anseo: https://timesofmalta.com/articles/view/the-awakening-of-a-new-europe-stefano-mallia.938838 (dv/kr)

 

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022

Le Maria Nikolopoulou, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

Caitheadh scáth dorcha ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana agus paindéim COVID‑19 ann i gcónaí agus cogadh dearg ar bun san Úcráin. Is léir ón dá chás sin gur minic a chaitear cearta na mban i dtraipisí a luaithe a bhíonn éagobhsaíocht pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch ann.

Read more in all languages

Le Maria Nikolopoulou, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

Caitheadh scáth dorcha ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana agus paindéim COVID‑19 ann i gcónaí agus cogadh dearg ar bun san Úcráin. Is léir ón dá chás sin gur minic a chaitear cearta na mban i dtraipisí a luaithe a bhíonn éagobhsaíocht pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch ann.

Ba iad na hoibrithe mná ba mhó a cailleadh a bpost de dheasca na paindéime, na mná ba mhó a bhí thíos leis an obair ón mbaile ó thaobh cothromaíocht oibre is saoil de agus chuaigh an foréigean baile in olcas le linn na dtréimhsí dianghlasála. Na héagothromaíochtaí struchtúracha arbh ann dóibh roimh an bpaindéim, is measa fós anois iad.

Tháinig athrú ar ord na dtosaíochtaí ó cuireadh tús leis an gcogadh óir is tábhachtaí i gcónaí cúrsaí báis is beatha. Fulaingt fhisiciúil agus shíceolaíoch atá i ndán do na mná, idir mháithreacha, chúramóirí, oibrithe, shaighdiúirí, dhídeanaithe agus eile. Níl de rogha acu ach aghaidh a thabhairt ar an gcruatan agus coinneáil orthu.

Is í toil agus dualgas Ghluaiseacht na gCeardchumann agus Ghrúpa na nOibrithe in CESE araon seasamh ar ghualainn gach mná a bhfuil ionsaí á dhéanamh uirthi i láthair na huaire, idir ionsaí fisiciúil agus ionsaí ar a cearta. Ní mór do mhná uile an domhain cur le chéile chun an tsíocháin a chur i réim agus saol cothrom rathúil a thógáil do chách!  

Beart práinneach ar son na haeráide faoina stiúir féin á éileamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta ó 27 mBallstát an Aontais

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

D’éiligh eagraíochtaí sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip, agus iad i láthair ag comhdháil i bPáras, aistriú aeráide agus fuinnimh cóir cothrom cuimsitheach a mbeidh na saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus, thar aon dream eile, daoine óga páirteach ann.

Read more in all languages

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

D’éiligh eagraíochtaí sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip, agus iad i láthair ag comhdháil i bPáras, aistriú aeráide agus fuinnimh cóir cothrom cuimsitheach a mbeidh na saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus, thar aon dream eile, daoine óga páirteach ann.

Dar leo, ní éireoidh leis an athrú ó bhonn atá ag teastáil murab ann don idirphlé, don chomhar agus don chomhordú ar gach leibhéal, de bhreis ar infheistíocht ollmhór in ullmhú na bpleananna éigeandála agus san oiriúnú don athrú aeráide agus don aistriú fuinnimh. Ba cheart acmhainní airgeadais inbhuanaithe a mhéadú, agus tacaíocht lena n‑aghaigh i bhfoirm gealltanais láidre ó údaráis phoiblí, ó ghnólachtaí, ón tsochaí shibhialta agus ó na saoránaigh, a mhéadú, agus ba cheart an fuinneamh inathnuaite inacmhainne arna ghiniúint sa bhaile agus an t‑ídiú éifeachtúil a chur chun cinn freisin.

Reáchtáil an Grúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE comhdháil hibrideach ar ‘An tAthrú Aeráide agus an tAistriú Fuinnimh’ an 2 Márta in Académie du Climat. Tugadh aghaidh lena linn ar na gnéithe ilchineálacha idirghaolmhara a bhaineann leis an ábhar, lena n‑áirítear na gnéithe sóisialta agus geopholaitiúla, ról na fógraíochta agus seasaimh na saoránach, chomh maith le bearta áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha.  

Ba é Séamus Boland, cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, a chuir tús leis an gcomhdháil. Leag sé béim ina chaint ar a phráinní agus atá sé beart éifeachtach a dhéanamh ar son na haeráide agus an aistrithe fuinnimh, go háirithe i bhfianaise Thuarascáil an Phainéil Idir‑Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide sna Náisiúin Aontaithe, rud a cuireadh i láthair mar chuid thánaisteach den chomhdháil. ‘Ceist phráinneach is ea an t‑athrú aeráide agus an t‑aistriú fuinnimh, ceann a bhaineann linne go léir. Dála cheist na síochána, ár dtodhchaí choiteann atá i gceist leis seo. Na luachanna atá againn agus ár ndaonnacht féin atá i gceist. Dá bhrí sin, ní mór dúinn an dúshlán a thabhairt, fiú amháin ag an tráth trioblóideach seo,’ a dúirt sé.

Leag an tUasal Boland béim freisin ar ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta ó thaobh dlús a chur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú dó, agus an obair sin a choinneáil ar bun i measc na saoránach agus na bpobal éagsúil. Tharraing sé aird ar an méid seo a leanas …

Tuilleadh eolais: tá an phreaseisiúint iomlán maidir le comhdháil an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ le fáil ar: Beart práinneach ar son na haeráide faoina gcoimirce féin á éileamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta ó 27 mBallstát an Aontais | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu)

Tá an cur i láthair a thug gach duine de na haoichainteoirí agus grianghraif le fáil ar: An tAthrú Aeráide agus an tAistriú Fuinnimh | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu)

Soon in the EESC/Cultural events

Imeachtaí cultúrtha CESE

Eagraíodh imeachtaí cultúrtha éagsúla tráth Chomhdháil Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh 2022 agus Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Read more in all languages

Eagraíodh imeachtaí cultúrtha éagsúla tráth Chomhdháil Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh 2022 agus Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Thug an tríréad cnagcheoil idirnáisiúnta TrashBeatz, grúpa a chasann ceol le bruscar, an-taispeántas uaidh an 2 Márta. Bhí a mhana ‘reduce-reuse-recycle your trash’ ag teacht go hiomlán le téama Chomhdháil Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh i mbliana. Más rud é gur chaill tú an seó, is féidir breathnú air ar líne.

D’óstáil CESE taispeántas ealaíonta dar teideal ...because I’m a woman? leis an sár‑ealaíontóir óg, Patrycja Alenkuć, arb as an bPolainn di. Bhí taibhiú damhsa san fhíseán, maille le mír scéalaíochta. Ba é an aidhm a bhí leis sin aird a tharraingt ar a láidre atá mná, in ainneoin nach bhfuil dóthain tacaíochta á tabhairt dóibh, gan beann ar a n-aois, a n-aicme, an tír ina bhfuil cónaí orthu, a ngairm nó tosca eile. Bhí ...because I’m a woman ar cheann de na buaicphointí de Chomhdháil CESE ar Mhná sa Mhargadh Saothair, agus cuireadh clabhsúr ealaíonta ar imeachtaí an lae leis an bhfíseán. (ck)

Leatsa an Eoraip, Abair leat 2022!

Beidh an t-imeacht don aos óg, Leatsa an Eoraip, Abair leat 2022! (YEYS) ar siúl ar líne amháin an 31 Márta agus an 1 Aibreán 2022. ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’ is ea an t-ábhar a phléifidh na daltaí scoile.

Read more in all languages

Beidh an t-imeacht don aos óg, Leatsa an Eoraip, Abair leat 2022! (YEYS) ar siúl ar líne amháin an 31 Márta agus an 1 Aibreán 2022. ‘An Fhírinne faoi na Bréaga. An tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’ is ea an t-ábhar a phléifidh na daltaí scoile.

Leanfaidh comhaltaí CESE de bheith ag tabhairt cuairteanna ar na scoileanna náisiúnta a roghnaíodh don tionscnamh go dtí an 25 Márta. Tá na daltaí scoile ag dúil go mór le bheith páirteach san imeacht an 31 Márta agus an 1 Aibreán. Labhróidh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, an Coimisinéir Jourová, leis na 99 ndalta scoile le linn dhúnadh an tseisiúin iomlánaigh don aos óg chun cluas éisteachta a thabhairt do mholtaí ón gcomhthionól don aos óg agus chun freagairt d’éilimh bheartais. Is féidir cuntais meán sóisialta YEYS a leanúint chun tuilleadh aiseolais a fháil ach cliceáil ar an nasc seo: https://www.facebook.cotm/youreuropeyoursay.

Tá an clár ar fáil ar líne. (ck)

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Daniela Marangoni (dm)
 

Contributors to this issue

Amalia Tsoumani (at)
Chrysanthi Kokkini (ck)
Daniela Marangoni (dm)
Daniela Vincenti (dv)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Jasmin Kloetzing (jk)
Karen Serafini (ks)
Katharina Radler (kr)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Pablo Ribera Paya (prp)
Thomas Kersten (tk)

 

Coordination

Agata Berdys (ab)
Katerina Serifi (ks)

Technical support
Bernhard Knoblach (bk)

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 23 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

March 2022
04/2022

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram