Le Maria Nikolopoulou, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

An bhfuil ciall leis sa lá atá inniu ann Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh ar an 8 Márta? Tá os cionn 110 mbliana caite ó mhol Clara Zetkin Lá na nOibrithe Ban a bhunú, agus breis agus 40 bliain ann ó d’fhógair na Náisiúin Aontaithe an Lá Idirnáisiúnta um Chearta na mBan agus um Shíocháin Idirnáisiúnta. Tá forbairt tagtha ar ár sochaithe le céad bliain anuas.

Tá cead vótála ag mná, is féidir leo a bpas féin a bheith acu, staidéar a dhéanamh, is féidir leo a bheith ina bPríomh-Airí, dul chuig an ngealach, is fúthu-san atá sé cé acu an bpósfaidh siad nó an mbeidh páistí acu nó cén uair a dhéanfaidh siad na rudaí sin; tá mná agus fir comhionann os comhair an dlí. Cén gá atá leis mar sin? In ainneoin an chosúlacht a bheith air go bhfuil gach rud i gceart, tá gá leis toisc go bhfuil bacainní bunúsacha sóisialta, cultúrtha agus dlíthiúla fós ann a chuireann cosc ar mhná a gcumas iomlán a bhaint amach.

Is trua nach bhfuil daoine áirithe in ann cumas na mban a aithint agus go séantar orthu rochtain a fháil ar phoist ar leith nó poist ardleibhéil. Is ar an ábhar sin a theastaíonn uainn oibriú as lámha a chéile ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 na Náisiún Aontaithe maidir le Comhionannas Inscne.

Is díol frustrachais é gur ar mhná go fóill a thiteann tromlach na gcúraimí teaghlaigh agus tí cé go n-oibríonn siad an oiread céanna agus a oibríonn a bpáirtithe. Ba mar gheall air sin a throideamar ar son na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil.

Tá sé áiféiseach gur lú a thuilleann mná ná fir as an obair chéanna a dhéanamh. Sin an fáth gur díol sásaimh dúinn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Trédhearcacht Pá.

Níl sé eiticiúil go bhfuil pá thar a bheith íseal á fháil go fóill ag mná agus go mbíonn siad ag obair faoi dhálaí mídhaonna in ainneoin gur aithníomar le linn phaindéim COVID-19 gur mná (imircigh gan doiciméid go leor acu) a dhéanann cuid de na cúraimí is tábhachtaí amhail glantachán agus aire a thabhairt do dhaoine scothaosta. Sin an fáth a dteastaíonn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Pá Íosta Leordhóthanach uainn agus nach mór do thíortha Coinbhinsiún EIS C 189 maidir le hoibrithe tí a dhaingniú.

Níl sé inghlactha go n-iarrtar ar roinnt ban praghas “dlúthphearsanta” a íoc d’fhonn ardú céime a bhaint amach ag an obair nó go ndéantar bulaíocht orthu mar go dteastaíonn ó dhaoine eile racht a chur díobh. Sin an fáth gur tábhachtaí ná riamh do thíortha daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún EIS C 190 maidir le foréigean agus ciapadh ag an obair.

Is scannalach an scéal é go maraítear agus go n-éignítear mná gach uile lá agus go bhfuil daoine ann a thugann leithscéalta ina leith sin agus a thugann le fios go raibh sé tuillte ag an mbean nó go ndearna sí rud éigin leis na heachtraí sin a tharraingt uirthi féin. Sin an fáth nach mór dúinn troid ar son oideachas cuimsitheach maidir le comhionannas agus urramú do na buachaillí agus na cailíní is óige, agus ar son córais bhreithiúnacha sholúbtha agus scéimeanna sóisialta a thacóidh le mná ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad.

Tá sé ríthábhachtach go fóill do mhná feimineacha agus d’fhir fheimineacha seasamh a ghlacadh agus tacú le hathruithe cultúrtha agus beartais agus iad a chur chun cinn chun comhionannas deiseanna a bhaint amach do chách. Go dtí go mbeimid in ann “Lá Idirnáisiúnta an Chomhionannais Inscne” a cheiliúradh, coinnímis orainn le Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh.