Le Sandra Parthie
Suaitheadh, aistriú, claochlú, athrú struchtúrach - is cinnte go bhfuil muid ag cur fúinn in ‘am spéisiúil’. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt treochtaí ollmhóra ag tarlú le chéile san Eoraip – is iad sin an t-athrú aeráide agus an gá lenár ngeilleagar a dhícharbónú; an digiteáil agus an gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar eagrú an ionaid oibre; an dídhomhandú agus an gá le bheith ábhartha ó thaobh an gheilleagair de.
Tá an iomaíocht ag éirí níos déine agus níos domhanda ná riamh in earnáil na tionsclaíochta. Le tamall maith anuas, tá muintir na hEorpa cleachta ar bheith ina lucht déanta rialacha domhanda, ar bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí teicneolaíochta agus ar leibhéal síormhéadaitheach leasa shóisialta agus eacnamaíoch a bheith ar fáil dóibh. Ach ní scéal cinnte na rudaí sin níos mó; tá siad faoi bhagairt. Tá an baol ann go mbeidh stádas níos laige ag an Eoraip san ord domhanda nua faoi cheannas na Síne-SAM.
‘Nach cuma?’, a d’fhéadfá a rá. Bhuel, seo an fáth a bhfuil tábhacht chomh mór sin ag baint leis, i ndáiríre: tá easpa acmhainní nádúrtha san Eoraip agus, ar feadh na céadta bliain, is ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar an rochtain atá ag an Eoraip ar acmhainní agus ar úsáid na n-acmhainní sin, idir airgead is spíosraí, ola is gás, atá rathúnas eacnamaíoch agus leas soisiálta na hEorpa ag brath. Is minic a bhíodh sí go mór i gceannas san idirbheartaíocht lena comhpháirtithe trádála agus na rialacha trádála agus na noirm á múnlú aici ar mhaithe léi féin. Bhíodh sí in ann an méid sin a dhéanamh toisc go raibh cumhacht mhargaidh aici, agus go raibh sí iomaíoch agus nuálach.
Tá athrú ag teacht ar an scéal anois, áfach. Cé go bhfuil an tAontas ag obair ar a mhargadh aonair a thabhairt chun críche, tá go leor constaicí inmheánacha fós ann, agus a lán leasanna náisiúnta ag cur bac ar an bpróiseas. Agus sa tráth céanna a bhíonn na Ballstáit ag argóint faoi na sonraí rialála, bíonn cumhacht fhoriomlán mhargaidh an Aontais ag dul i léig, go háirithe i dtaca leis an Áise. Táthar ag tuar gur lasmuigh den Aontas a tharlóidh 85 % ar a laghad den fhás eacnamaíoch idir seo agus 2030. Is é a chiallaíonn sin gur i margaí nach bhfuil ról ag luachanna Eorpacha iontu, luachanna amhail an chosaint shóisialta, cearta oibrithe, an t-idirphlé sóisialta, caighdeáin saothair agus chomhshaoil, agus de réir rialacha agus noirm a mhúnlaigh daoine eile seachas muintir na hEorpa, a tharlóidh an fás sin. Is é a chiallaíonn sé, freisin, go bhfuil sé níos deacra do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe na hEorpa teacht ar acmhainní a bhfuil géarghá leo. Ní hamháin toisc go bhfuil an t-éileamh domhanda ar an hacmhainní ag méadú agus, dá thoradh sin, go bhfuil an iomaíocht do na hacmhainní sin ag méadú leis, ach freisin toisc go bhfuil an chaomhnaitheacht agus gníomhaíochtaí comhéigneacha nó díoltacha i gcoinne tíortha, cuideachtaí agus geilleagar ag dul i méid, chomh maith. Bíonn tionchar ag na forbairtí sin go léir ar an rochtain ar na hacmhainní, amhail créanna agus amhábhair neamhchoitianta, rudaí a theastaíonn dár dtionscal déantúsaíochta chun feidhmiú agus chun poist ardchaighdeáin a sholáthar.
Ní hé an t-éileamh ar ‘uathriail’ straitéiseach réiteach na faidhbe sin. Ní thiocfaidh dada as an gcaomhnaitheacht ná as an mbéim ar an bhféintuilleamaí eacnamaíochta. Ní féidir leis an Eoraip a bheith i dtuilleamaí na huathrialach. Níl na hacmhainní aici chuige sin. Ní mór di leanúint de bheith ag troid ar son córas trádála idirnáisiúnta dea-fheidhmiúil.
Ach tá straitéis ag teastáil uaithi maidir le conas déileáil leis an gcás sin. Ní mór don Eoraip a spleáchais aontaobhacha a laghdú nuair is féidir léi, patrúin tomhaltais agus táirgthe atá dian ar acmhainní a athrú, acmhainneachtaí próiseála a mhéadú agus infheistiú i saoráidí táirgthe in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí, agus saoráidí táirgthe sna hearnálacha sin a fhorbairt, go háirithe i gcás earraí ardluacha, óir is den ríthábhacht sa chás deireanach sin acmhainneacht theicneolaíoch agus nuálaíochta an Aontais a chaomhnú.
Is iad an inbhuanaitheacht agus an neodracht aeráide, mar sin, na treoirphrionsabail atá ag teacht chun cinn dár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, rud a thuigfeá ar ndóigh. Bíonn tionchar mór ag an bhfuinneamh – an dóigh a dtáirgtear é agus an méid a chosnaíonn sé – ar iomaíochas na hEorpa. Is é an t-ardú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh an tosaíocht is mó faoi láthair agus rud é a chruthaíonn cuid mhór crá croí do theaghlaigh phríobháideacha, do lucht tionsclaíochta agus do pholaiteoirí. Is ábhar imní na himpleachtaí geopholaitiúla a bhaineann leis sin freisin. Tá an Eoraip fós ag brath cuid mhór ar tháirgeoirí seachtracha i dtaca lena soláthar fuinnimh. Má athraítear sin, beidh tionchar dearfach aige ar leibhéil éagsúla dár ngeilleagair: leis an infheistíocht i bhfuinneamh níos in-athnuaite agus i soláthar fuinnimh díláraithe, cuirfear borradh faoi mhonaróirí Eorpacha, laghdófar astuithe CO2, laghdófar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a bhfuil luaineacht praghsanna ag baint leo agus laghdófar praghsanna fuinnimh san fhadtéarma. Is tosaíocht bheartais an méid sin don Eoraip, dá bhrí sin.
Ag an am céanna, áfach, ní bloc ollmhór amháin é an tAontas. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht mhór sa chumas ó réigiún go réigiún, agus ó Bhallstát go Ballstát, chun oiriúnú do na riachtanais nua sin agus chun déileáil leis na cúiseanna éagsúla leis an suaitheadh. Teastaíonn infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht, sa bhonneagar, i ngnólachtaí a mhealladh, i gcoinníollacha táirgthe agus déantúsaíochta fabhracha do chuideachtaí, i dteicneolaíochtaí nua agus in ábhair nua chun an t-aistriú a dhéanamh. Ach freisin i mbearta tacaíochta d’oibrithe agus d’fhostaithe sna hearnálacha atá buailte ag an athrú struchtúrach, san oideachas, san uas-sciliú agus san athoiliúint.
Níl an deis chéanna ag na Ballstáit go léir chun déileáil leis na héilimh sin. Ina theannta sin, tá na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit ag dul in olcas mar gheall ar an bpaindéim, agus tá na liostaí de na rudaí atá le déanamh nó na liostaí tosaíochta an-difriúil ó rialtas go chéile. Mar sin féin, níor cheart do na difríochtaí sin drogall a chur ar na polaiteoirí gníomh a dhéanamh – ní fhanfaidh an t-athrú aeráide leis an gcéad toghchán eile, tá maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí digiteacha agus glasa, agus ní draíocht, ach toil pholaitiúil, atá i gceist le feabhas a chur ar chumas agus dea-rialachas na n-údarás poiblí. Tá na saoránaigh ar an eolas faoin athrú struchtúrach atá ag dul ar aghaidh. Trí thacaíocht an phobail a fháil do na bearta polaitiúla lena ndeileáiltear leis an méid sin, beidh gníomhaíochtaí leathana comhairliúcháin agus cumarsáide i gceist, go háirithe leis na comhpháirtithe sóisialta agus le hionadaithe na sochaí sibhialta.
Is í Sandra Parthie stiúrthóir oifig Institiúid Eacnamaíochta na Gearmáine sa Bhruiséil. Is comhalta í de Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus is í rapóirtéir na tuairime dar teideal Conas a chuirfidh na héiceachórais thionsclaíocha shainaitheanta le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh agus le dea-bhail mhuintir na hEorpa? í.