Sheol lucht an stiúideo pleanála uirbí Prostorož an tionscadal Hot Spots mar bhí siad ag iarraidh a fháil amach conas a bhraith cónaitheoirí Ljubljana faoi róthéamh a gcathrach agus de bharr a gcuid frustrachas féin i dtaobh easpa gníomhaíochta na n-údarás bardasach rud éigin a dhéanamh le réiteach a fháil. Mar chuid den tionscadal, tugadh cuireadh do dhaoine na suíomhanna is teo sa chathair a thaispeáint ar léarscáil dhigiteach. B’ábhar iontais an líon mór freagraí a fuair an tionscadal ó chónaitheoirí agus ó na meáin, ina measc moltaí nithiúla faoin gcaoi ar cheart dul i ngleic leis an róthéamh uirbeach. D’inis Zala Velkavrh ó Prostorož dúinn cén fáth gur éirigh chomh maith sin leis an tionscadal agus cad iad na pleananna atá ag an stiúideo amach anseo.

CESE info: Cad a spreag tú chun tús a chur le do thionscadal nó tionscnamh?

Zala Velkavrh: Frustrachas agus fiosracht ina gcomhchodanna ba chúis leis an tionscnamh seo an chéad lá. In ainneoin gurbh eol don rialtas bardasach éifeachtaí an athraithe aeráide agus na n-oileán teasa uirbeach, ba bheag beart a glacadh. Ar an taobh eile, theastaigh uainn a fháil amach cén tionchar a bhíonn ag teas uirbeach an tsamhraidh ar mhuintir Liúibleána má bhíonn tionchar ar bith orthu.

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo? (Má fuair, an féidir leat sampla a thabhairt?)

Chruthaíomar aip ghréasáin an-simplí agus bhíomar ag súil le freagra ó líon beag daoine. B’ábhar mór iontais é go raibh an méid sin spéis ag cónaitheoirí Liúibleána agus ag na meáin sa tionscadal agus gur ghlac siad páirt ann. Uaslódáladh 700 teophointe (áiteanna teo timpeall na cathrach) laistigh de thrí seachtaine!

Conas a bhainfidh an eagraíocht úsáid as an gcistiú sonrach seo chun tuilleadh cuidithe a chur ar fáil don phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?

Déanfaimid é a infheistiú i gcathair Liúibleána. Is é an lárionad cliniciúil ollscoile, is é sin an t-ionad leighis is mó sa tír, ceann de na limistéir ina bhfuil fadhbanna ar leith ag baint leis na hoileáin teasa uirbeacha. De bharr COVID, tá an spás poiblí timpeall na gclinicí á úsáid anois mar spás feithimh, áit inar féidir leis na hoibrithe a gcuid sosanna a thógáil agus, trath a raibh líon na n-ionfhabhtuithe COVID níos ísle ná mar atá inniu, bhuaileadh othair lena ngaolta ann. Is mian linn oibriú le muintir chathair Liúibleána, le hionadaithe na gclinicí, na n-othar agus na n-oibrithe sláinte chun feabhas a chur ar roinnt de na micreaspásanna ar a laghad chun leas na gcónaitheoirí.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?

In ionad bheith ag labhairt faoin todhchaí, rinneamar iarracht a thuiscint cén chaoi a dtéann éifeachtaí an athraithe aeráide i bhfeidhm ar dhaoine sa lá atá inniu ann. D’úsáideamar teanga choiteann agus dhíríomar ar ghnátheispéireas (fíorthaithí) na gcoisithe, na rothaithe agus na n-úsáideoirí eile a bhaineann úsáid as spásanna poiblí, agus bhí toradh fónta air sin. Ní bagairt teibí é an t-athrú aeráide a thuilleadh.  

An bhfuil tú dóchasach go n-éireoidh leis an Aontas Eorpach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach?

Níl, ná baol air. Is deacair a bheith dóchasach leis an nuacht san athbhliain i dtaca leis an bhfuinneamh glas agus nuair a theip ar gach ballstát na spriocanna a leagadh amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach.