Dearcadh na Cosmhuintire – S3 Podchraoladh 16 - Glas, tá mé an-tógtha le chuile shórt atá glas

Ní féidir aistriú cóir agus glas a bhaint amach ach amháin le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Tá daoine agus eagraíochtaí ar fud na hEorpa tiomanta do bhealaí nuálacha atá dírithe ar dhaoine a fhorbairt chun an t-athrú aeráide a chomhrac. In 2021, chinn CESE Duais na Sochaí Sibhialta a bhronnadh ar chúig eagraíocht a chabhraíonn go mór le dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide. Sa phodchraoladh seo de Dhearcadh na Cosmhuintire, thugamar cuireadh dóibh a gcuid scéalta a insint dúinn.

Available Languages:

Editorial

BÍMIS UILE MAR CHUID DEN RÉITEACH – NÁ CUIRIMIS LEIS AN bhFADHB!

A léitheoirí dile,

Bhí Duais na Sochaí Sibhialta is déanaí ó CESE dírithe ar théama a bhfuil an-dáimh agam leis – gníomhú ar son na haeráide.

In short

Duais na Sochaí Sibhialta 2021 sna meáin

Seo blaiseadh de na ceannlínte a tháinig aníos sna meáin go nuige seo faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021.

New publications

Faigh spléachadh ar thionscadail Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021!

Is féidir féachaint ar an bhfíseán ina dtugtar eolas faoi na tionscadail bhuacha anseo.

I dtreo aistriú cóir – áit a bhfuil toil, tá bealach...

Tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina gcuirtear i láthair cúigear buaiteoirí Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021. Dóibh siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil, tá cur síos suimiúil ann ar roinnt mhaith mórthionscadail aeráide eile a cuireadh isteach, mar aon le neart eolas cúlra faoi obair CESE ar chúrsaí aeráide agus faoin duais féin.

 

EESC News

Is é an comhlachas Beilgeach Grootouders voor het klimaat (Seantuismitheoirí ar son na hAeráide) a bhuaigh Duais na Sochaí Sibhialta 2021 de chuid CESE maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide

An 9 Nollaig, bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) duaiseanna ar chúig eagraíocht agus chomhlachas neamhbhrabúsacha as a gcuid tionscadal aeráide cruthaitheach agus spreagúil a bhfuil sé d’aidhm acu aistriú cothrom i dtreo geilleagar ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn.

 

Fíricí fánacha

Tacaíonn roinnt mhaith ambasadóirí leis an obair a dhéanann Grootouders voor het klimaat (Seantuismitheoirí ar son na haeráide), ceann de bhuaiteoirí Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021. Is ambasadóirí cáiliúla iad cuid mhór díobh, ach is í Jane Goodall an ceann is cáiliúla. Is taighdeoir mór le rá í Jane agus is í an saineolaí is iomráití ar domhan maidir le simpeansaithe. Roghnaíodh Jane Goodall mar 100ú ambasadóir Grootouders voor het klimaat i mí Dheireadh Fómhair 2020.

 

Nuacht ó bhuaiteoirí roimhe seo

Ar mhisean chun dramhaíl a laghdú: cosc ar rudaí nua in 22

Tá Cherwell Collective ón Ríocht Aontaithe, ceann de bhuaiteoirí Dhuais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta na bliana seo caite díreach tar éis gradam aeráide mór le rá a bhuachan as a thionscadal nua maidir leis an ngeilleagar ciorclach. Bhuaigh an chuideachta neamhbhrabúis sin, atá lonnaithe in Oxford ár nduais in 2020 as bia a sholáthar dóibh siúd a bhí i ngátar le linn phaindéim COVID-19, trí oiliúint a chur orthu chun a gcuid bia féin a fhás agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as barrachas bia.

In the winners' words

Oidhreacht inbhuanaithe a fhágáil inár ndiaidh

Creideann ‘Seantuismitheoirí ar son na hAeráide’ go bhfuil ról tábhachtach sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide ag daoine atá níos sine ná 55. Leis an tionscadal ‘Ár gcoigilteas dá dTodhchaí’, tionscadal a bhuaigh Duais Sochaí Sibhialta CESE 2021, spreagann an eagraíocht daoine scothaosta chun a gcuid airgid a infheistiú go críonna ar mhaithe leis an bpláinéad agus chun domhan níos fearr agus níos inbhuanaithe a fhágáil dá ngarchlann. Tá na ‘seantuismitheoirí’ ag obair anois ar thionscadail spéisiúla eile chun dlúthpháirtíocht idirghlúine agus infheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.

 

Teas sa chathair

Sheol lucht an stiúideo pleanála uirbí Prostorož an tionscadal Hot Spots mar bhí siad ag iarraidh a fháil amach conas a bhraith cónaitheoirí Liúibleána faoi róthéamh a gcathrach ach de bharr a gcuid frustrachas féin freisin i dtaobh easpa gníomhaíochta na n-údarás bardasach rud éigin a dhéanamh le réiteach a fháil. Mar chuid den tionscadal, tugadh cuireadh do dhaoine na suíomhanna is teo sa chathair a thaispeáint ar léarscáil dhigiteach. B’ábhar iontais an líon mór freagraí a fuair an tionscadal ó chónaitheoirí agus ó na meáin, ina measc moltaí nithiúla faoin gcaoi ar cheart dul i ngleic leis an róthéamh uirbeach. D’inis Zala Velkavrh ó Prostorož dúinn cén fáth gur éirigh chomh maith sin leis an tionscadal agus cad iad na pleananna atá ag an stiúideo amach anseo.

Dul sa bhearna bhaoil

Agus iad bréan bailithe de na leithscéalta a dhéantaí ina thaobh, chinn trí eagraíocht neamhrialtasacha ón Eastóin – Gluaiseacht Ghlas na hEastóine, Ciste na hEastóine don Dúlra agus Ionad Dlí Comhshaoil na hEastóine – dul sa bhearna bhaoil agus geallsealbhóirí éagsúla a thabhairt le chéile le haghaidh díospóireacht faoin aistriú cóir a chur i gcrích i dtír a bhfuil ceann de na loirg charbóin is mó ar domhan aici. Sa tionscadal cumarsáide a chuir siad le chéile, leagadh béim ar an réigiún thoir thuaidh, áit a bhfuil an sceall ola fós ar an ábhar breosla is minice a úsáidtear agus áit a bhfuil formhór mór de phoist an réigiúin ag brath ar an tionscal scealla ola, óir ní mór deireadh a chur lena úsáid de réir a chéile. Níorbh aon dóithín é tús a chur leis an díospóireacht ach is ábhar misnigh torthaí an phlé sin.

Réiteach chun leasa cách ón Rómáin

Leis an tionscadal iontach dar teideal ‘educlick’ de chuid Ateliere Fără Frontiere (Ceardlann gan Teorainneacha), comhlachas de chuid na Rómáine, tugtar le chéile dhá ábhar thráthúla – an ceartas sóisialta agus an geilleagar ciorclach – ar bhealach nuálaíoch. Fostaíonn an comhlachas daoine ó chúlraí leochaileacha chun dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a athchóiriú. Nuair atá an t-athchóiriú críochnaithe, tugtar an trealamh sin do scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Roinn Costin Dragne, ball den eagraíocht neamhrialtasach sin, níos mó eolais linn faoin gceardlann, agus faoin tábhacht a bhaineann le Duais CESE don obair a dhéanann sí.

Daoine atá fuinneamhbhocht a chumhachtú

Tá an comhlachas Catalóinise Associació Catalana Enginyeria Sense Fronteres (Innealtóirí gan Teorainneacha, an Chatalóin) diongbháilte athrú a dhéanamh ar an dearcadh gur íospartaigh gan chosaint iad na daoine atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh. Chuige sin, tá an comhlachas tar éis tionóil chomhchoiteanna a eagrú chun ardán a chur ar fáil dóibh siúd ar beag an rochtain atá acu ar fhuinneamh nó ar uisce, agus dóibh siúd atá ag streachailt na billí a íoc. Mhínigh Mònica Guiteras dúinn, thar ceann an chomhlachais, an chaoi ar chuidigh na tionóil spás sábháilte atá in aice láimhe a sholáthar do na daoine sin. Chuidigh siad leo freisin a thuiscint gur gníomhaithe agus gníomhairí don athrú san aistriú fuinnimh iad, agus nach íospartaigh iad ar chor ar bith.