Reáchtáladh reifreann comhairliúcháin an 23 Meitheamh 2016 inar fiafraíodh do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe ar cheart dá dtír imeacht as an Aontas Eorpach. Trí thromlach an-bheag, thacaigh muintir na Breataine leis an smaoineamh go bhfágfaí an tAontas Eorpach. Bhí an toradh éagsúil ó cheann ceann na Ríochta Aontaithe: in Albain, i dTuaisceart Éireann agus i Londain, ba é toil mhuintir na n-áiteanna seo gan an tAontas Eorpach a fhágáil. Mar sin féin, tar éis an reifrinn, gheall rialtas na Ríochta Aontaithe go gcomhlíonfaí gealltanais Brexit. Ar an gcéad dul síos, tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, lenar ceadaíodh idirthréimhse 11 mhí. Thug an tréimse seo sin deimhneacht dhlíthiúil dóibh siúd uile a ndéanann Brexit difear dóibh. Ansin, ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, nuair a tháinig an comhaontú maidir leis an gcaidreamh amach anseo i bhfeidhm, rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go hoifigiúil. 

Ar go leor bealaí, comhaontú nach bhfacthas a leithéid cheana atá sa chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le trádáil agus comhar. Is í an ghné is tábhachtaí de ná go bhfuil an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, caidreamh a d’fhorbair siad le breis agus 45 bliana, i bhfad níos teoranta anois. 

As a stuaim féin, tá mórgheilleagar tar éis limistéar fabhrach trádála a fhágáil, limistéar lena ngabhann margadh aonair gan teorainneacha ina bhfuil 450 milliún duine agus arb é an chumhacht is mó agus is tábhachtaí ar domhan é maidir le caighdeáin a leagan síos agus maidir le rialáil. 

Rinne sé amhlaidh tráth a bheidh an domhan á mhúnlú feasta ag trí mhórchumhacht dhomhanda – na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an tSín, agus tráth atá dlúthpháirtíocht agus comhoibriú ag teastáil mar gheall ar an bpaindéim dhomhanda atá buailte linn. Ba é ba chúis leis an tarraingt siar ón Aontas ná mian polaitiúil rialú a dtíre a chur faoina stiúir arís agus tuiscint sách traidisiúnta a bhí acu ar an téarma “ceannas”.

Ba phróiseas deacair diachrach é an comhaontú seo a shocrú, próiseas a raibh go leor éiginnteachta ag baint leis, rud a d’fhág go raibh baol ann nach mbeadh aon chomhaontú ar chor ar bith againn go dtí an nóiméad deireanach den idirthréimhse. Mar sin féin, d’éirigh leis an gCoimisiún Eorpach an idirbheartaíocht a choinneáil ar siúl fada go leor chun go bhféadfaí teacht ar chomhaontú. Ar an dea-uair, níor bhain rialtas na Breataine úsáid as argóint na ceannasachta mar "iarraim cúis” chun imeacht ón Aontas gan mhargadh óir ba thubaiste a bheadh ansin. 

Níor theastaigh ón Aontas riamh nach mbeadh aon socrú ann. Thuigeamar freisin gurbh fhearr comhaontú teoranta, dá thanaíocht féin é, ná comhaontú gan mhargadh. Ar aon chuma, pé acu comhaontú le margadh nó gan mhargadh é, beidh saobhadh ann agus costais le híoc ag an bpobal i gcoitinne agus ag an bpobal gnó ar an dá thaobh de Mhuir nIocht. 

Agus an Ríocht Aontaithe ina tríú tír anois, dá mbeadh na bearta ullmhachta is éifeachtaí i bhfeidhm againn fiú amháin, ní chosnóidís sinn go hiomlán ó iarmhairtí Brexit. Is é an dea-scéal go bhfuil gach beart atá beartaithe sa Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir leis an teorainn in Éirinn agus le cearta na saoránach curtha i bhfeidhm agus gur thosaigh siad ag feidhmiú in am. 

Is fiú a lua gur léirigh Parlaimint na hEorpa solúbthacht ollmhór maidir lena ceart daonlathach chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhaontú a bhí beartaithe agus d'aontaigh sí in imthosca eisceachtúla toiliú chun an comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach. 

Bheartaigh an Pharlaimint an praghas seo a íoc toisc go gcreidimid go mbeimid in ann an comhrá a choinneáil ar siúl san fhadtéarma trí chomhaontú a bhaint amach maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo. Agus is fiú an praghas seo a íoc. 

Cá bhfios cén toradh a bheadh ar reifreann dá ndéanfaí é a reáchtáil inniu, nuair atá pobal na Breataine i gcoitinne i bhfad níos eolaí ná mar a bhí in 2016, maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le gan bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach a thuilleadh agus nuair atá athrú as cuimse tagtha ar an saol ar fud na Ríochta Aontaithe. An bhfuil an meon céanna maidir le Brexit in uachtar fós sa Ríocht Aontaithe? Ní bheidh a fhios againn riamh. Ach guím gach rath ar ár gcairde Briotanacha. 

Feicfimid linn cé chomh hullmhaithe agus atá gach duine don saol nua atá rompu. Cuirfidh sé an comhaontú ar thángthas air chun féachana. Cuirfidh sé luach cheannasacht na Breataine chun féachana freisin. 

Creideann an dá thaobh go bhfuil margadh maith againn. Ach beidh suaitheadh dosheachanta ann agus beidh costais le híoc dá réir. Íocfaidh tomhaltóirí agus gnólachtaí sa Ríocht Aontaithe costais ós rud é nach cuid den mhargadh aonair ná den aontas custaim iad a thuilleadh. Ní bheidh an stádas céanna ag mic léinn ón Aontas Eorpach ar mian leo staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh is atá ag a bpiaraí Briotanacha. Ní raibh aon spéis ag rialtas na Breataine an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach in Erasmus, an clár um malartú oideachais. 

Tá deireadh tagtha le saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Beidh bacainní ar shoghluaisteacht agus ar thrádáil. 

Beidh Cathair Londan fós ina mol airgeadais domhanda tábhachtach agus tá súil agam go mbeimid in ann cur chuige comhoibritheach a fhorbairt le chéile. 

Tá Comhaontú Aoine an Chéasta slán sábháilte. D’éirigh leis an Aontas sláine an mhargaidh inmheánaigh, ina bhfuil 450 milliún rannpháirtí, a chaomhnú. Choinnigh sé a aontacht slán ón gcéad lá, agus d’éirigh leis a chroíluachanna agus a phrionsabail a chosaint ag an am céanna. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag deireadh na hidirbheartaíochta go raibh sí sásta agus go raibh faoiseamh uirthi. Is fíor gur chaitheamar go leor ama agus fuinnimh ar Brexit. Tá sé thart anois. Leanfaidh an Ríocht Aontaithe ar a conair féin ina haonar. Caithfidh an tAontas Eorpach díriú anois ar a thodhchaí agus ar an misean domhanda atá aige. 

Is comhaontú casta é an comhaontú maidir leis an gcaidreamh a bheidh againn le chéile sa todhchaí. Is iomaí baol agus dúshlán a bhaineann lena chur chun feidhme agus lena fhorfheidhmiú. Is iomaí uair dheacair a bheidh romhainn. Cé gur comhaontú nach bhfacthas a leithéid cheana é, tá fadhbanna fós le réiteach. Leanfar ar aghaidh leis na cainteanna agus beidh an t-idirphlé maidir le ceisteanna rialála ríthábhachtach. Agus i gcás ár gcairde Briotanacha, caithfidh siad tuiscint cheart a fháil fós ar a bhfuil i gceist le bheith ina tríú tír. Is é an rud is fearr ná gur féidir linn an t-idirphlé a choinneáil ar siúl ós rud é go bhfuil margadh déanta againn le chéile. 

An tOllamh Danuta Hübner,

Feisire de Pharlaimint na hEorpa