I dtuairim dá chuid a ghlac sé le déanaí, d'áitigh CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar gheallsealbhóirí in earnáil na heitlíochta an Rialachán nua maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair a chur faoi chaibidil athuair ar mhaithe le spriocanna uaillmhianacha an Rialacháin a shoiléiriú.

Is deacair a rá fós an leor an dréacht-togra ón gCoimisiún chun spriocanna bunaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí CO2 a laghdú agus feabhas a chur éifeachtúlacht na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta.

Tá béim leagtha ag CESE ar an tsaincheist seo sa tuairim a dhréachtaigh Dumitru Fornea agus a glacadh ag an seisiún iomlánach.

Agus é ag labhairt ar an ábhar le linn na díospóireachta, seo mar a labhair Dumitru Fornea: “Ní mór feidhm an bhainisteora líonra a shoiléiriú, go háirithe raon feidhme foriomlán an bhainisteora agus tionchar an raoin feidhme sin ar phleanáil na n-aerlínte, ar bhainistíocht toillte, ar leagan amach an aerspáis, ar an gcomhshaol agus ar ord tosaíochtaí na n-éileamh. Ba cheart do gach geallsealbhóir in earnáil na heitlíochta a bheith rannpháirteach i gceapadh na gcinntí móra. Ní mór prionsabal an chomhairliúcháin fhónta a bheith mar chuid den chreat-togra”.

Níl tagairt ar bith sa togra ón gCoimisiún d’iarmhairtí tromchúiseacha ghéarchéim COVID-19 ar an tionscal ach oiread. Ar an ábhar sin, molann CESE go ndéanfaí staidéar tionchair d’fhonn aird chuí a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha phaindéim an choróinvíris ar oibrithe agus ar úsáideoirí seirbhísí araon. (mp)