Ronny Lannoo, comhalta den Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE agus ionadaí ó eagraíocht FBManna na Beilge, UNIZO

Deirtear go minic nach dteastaíonn ó dhaoine féinfhostaithe ach “airgead bog” a shaothrú agus cáil a tharraingt orthu féin. Ach fágann an scigphictiúr sin nach dtugtar aird cheart ar an iliomad dúshlán a bhíonn roimh fhiontraithe. Tuigeann na daoine atá féinfhostaithe an chontúirt atá ann dóibh féin, go proifisiúnta agus go príobháideach.

Nuair a théann cursaí chun donais, is minic nach fada gurb í an bhochtaineacht a bhíonn i ndán dóibh, fiú más bochtaineacht dhofheicthe í go minic. Bíonn daoine féinfhostaithe cleachta lena gcuid fadhbanna féin a réiteach cibé áit is féidir leo, agus is mar gheall air sin gurb annamh a thugtar suntas dá bhfadhbanna.

Má tá a fhios ag an saol mór go bhfuil deacrachtaí ag gnólacht, cé go bhfuil cuidiú de dhíth air, is minic a chuirtear ar an méar fhada an cuidiú sin a fháil, nó uaireanta eile ní théann na gnólachtaí sa tóir ar an tacaíocht chuí ar chor ar bith mar go meastar gur drochphoiblíocht agus cúis náire é fadbhanna a bheith acu.

Sa Bheilg, maireann thart ar 12.7 % de dhaoine féinfhostaithe faoi bhun thairseach na bochtaineachta. Ar na cúiseanna a mbíonn deacracht acu tá drochbhainistíocht, gur thosaigh siad amach gan plean láidir gnó a bheith acu, tinneas agus daoine a bhíonn mall ag íoc.

Ach tá fadhbanna ann freisin nach bhfuil neart ag daoine féinfhostaithe orthu. Is sampla suntasach de sin í géarchéim an choróinvíris, agus tá an Coimisiún Eorpach den tuairim go mbeidh rabharta féimheachtaí ann mar thoradh ar an ngéarchéim sin.

Ní mór dúinn an fhadhb a aithint agus a chur in iúl do dhaoine féinfhostaithe go bhfuil sé ceart go leor labhairt faoina gcuid fadhbanna; níos lú imní, níos mó bearta coisctheacha agus bealaí níos éasca le cuidiú a lorg an toradh air sin. Go háirithe, níor cheart do chomhlachais ghnó fanacht go dtagann fiontraithe i dteagmháil leo, ach ba cheart dóibh na fiontraithe sin atá san fhaopach a lorg agus an méid atá le tairiscint acu dóibh a phoibliú.

D’fhéadfadh seirbhísí amhail oiliúint, uasoiliúint agus cóitseáil i mbainistíocht ghnó, luathaithint fadhbanna agus bearta eile go leor féimheachtaí a sheachaint. Rinneadh líon áirithe de na bearta sin a mhéadú agus a neartú le linn na paindéime, ach is gá a lán oibre a dhéanamh fós chun an bhochtaineacht a laghdú i measc daoine féinfhostaithe fud fad na hEorpa.