Laure Batut: Eagla, athléimneacht agus anois?

I dtosach báire, ba í an eagla a bhuail daoine, agus an alltacht

An eagla, an imeagla i ndáiríre An eagla sin a chuir stop le gach rud, agus, nuair a bhí líon na marbh á fhógairt gach tráthnóna, a d’fhág go raibh an dúfhaitíos ar dhaoine faoina ndaoine muinteartha, bidís an-óg nó an-sean, nó an-leochaileach. An eagla sin a chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuil na scáthanna ag drannadh linn, ag faire na faille.

Tháinig alltacht ar dhaoine nuair a thuig siad nach raibh seirbhísí lárnacha sláinte na Fraince réidh chun déileáil leis an ngéarchéim, go raibh na gairmithe leighis ar an líne tosaigh agus na saoránaigh taobh thiar, agus gan an trealamh ba bhunúsaí ag ceachtar acu chun iad féin a chosaint nó chun cóireáil leighis a chur ar dhaoine eile. Bhí alltacht ar dhaoine freisin go raibh sé de chumas ag tír ar nós na Fraince, lena n-áirítear na críocha Francacha thar lear, stop a chur ar ala na huaire le gníomhaíochtaí uile an duine, na bailte agus na scoileanna a thréigean, cé gur caitheadh an geimheadh ag léirsiú ar na sráideanna le míshástacht dhleathach a léiriú.

Maidir leis an tsochaí, a bhí domhandaithe níos mó ná riamh leis an bpaindéim, tháinig ilroinnt uirthi ansin i ngeall ar an ngaibhniú, rud a d’fhág na sluaite mar dhaoine aonair scoite amach óna chéile. Aon éagrothromaíochtaí idir daoine, d’fhág an phaindéim iad níos mó fós.

Cabhair ón Stát arís

Tá sé de chúram ar na seirbhísí poiblí, go háirithe na seirbhísí sláinte a chinntú gur ag an mbeatha a bheidh an lá. De réir a chéile tugadh tacaíocht lóistíochtúil dóibh, lena n-áirítear roinnt beart nach ndearnadh ach ar mhaithe le cumaí, cuir i gcás aistriú roinnt othar d’iarnród nó i héileacaptair, cé gurbh ann do chlinicí príobháideacha a bhí sásta dul i mbun gnímh, nár iarradh orthu lámh chúnta a thabhairt.

Fuair na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha tacaíocht ón Stát lena chinntiú go leanfadh an saol ar aghaidh, trí bhia a sholáthar, seirbhísí glantacháin...

Ach ba éagsúil ar fad cásanna a gcuid fostaithe fad a bhain le cosaint in aghaidh an víris, agus níor cuireadh aon chóras cúitimh ar bun dóibh.

Ansin, an athléimneacht

Is tríd an teagmháil a tháinig sí, teagmháil idir múinteoirí agus a gcuid daltaí trí na líonraí cumarsáide, an teileafóin, an ráidió, an teilifís, na meáin, idir fhíor-riachtanacha agus shóisialta, níor mhór an t-am a chur isteach, an t-am agus an obair a bhainistiú. Sheasadh na saoránaigh ag an bhfuinneog nó ar leac an dorais, gach tráthnóna ag a hocht a chlog, ag bualadh bos do na ghairmithe sláinte; óir nár thug an Stát an t-aitheantas iomlán a mbeifeá ag súil leis dóibh.

D’aimsigh na fostaithe a gcuid buanna nuálaíochta féin an athuair. D’éirigh an teilea-obair, a diúltaíodh uaireanta do roinnt fostaithe, forleathan ar luas lasrach. Níor mhór do na tuismitheoirí, go háirithe, na máithreacha, tabhairt faoi dhá ghairm, a ngairm féin agus gairm nua mar mhúinteoir.

D’fhág an ról a bhí ag na ceardchumainn mar idirghabhálaithe idir fostaithe, fostóirí agus an rialtas go ndearnadh a ngníomhaíocht a dhlisteanú arís. Táthar ag súil nach ndéanfar díreach éisteacht leo ach go ndéanfar beart dá réir sin.

An Eoraip

Chuir an tAontas Eorpach iontas ar dhaoine freisin, a bhuí le ráitis tosaigh an Choimisiúin!

Bhí i bhfad níos mó na Plean Marshall i gceist sa rud a d’fhógair sé. A leithéid de rúid téarnaimh! Níorbh fhada, áfach, gur tháinig rialtais agus an Pharlaimint ar chúiseanna lena chur ar an méar fhada, rud a bhfuilimid go léir ar an eolas faoi.

Ós a choinne sin, bhí roinnt mhaith gnólachtaí beaga - nach raibh dóthain fostaithe, ná dóthain airgid acu - a d’imigh bancbhriste ar fud na tíre, bialanna beaga a díoladh faoina luach, daoine óga a bhí díreach tar éis gnó a thosú. Ní raibh na bainc ag iarraidh baint ná páirt a bheith acu sa scéal. Tá sé de cheart ag fostaithe sochair dhífhostaíochta pháirteacha a fháil go dtí mí Mheán Fómhair ach cad tá rompu ina dhiaidh sin? Cé go bhfuair cuideachtaí móra an chabhair ó na Stáit, amhail Air France-KLM (EUR 7 mbilliún a fuarthas ón Ísiltír agus ón bhFrainc), agus Airbus, tá siad ag scaoileadh a bhfostaithe chun bealaigh. Is mór an náire é. Tráth atá 700 000 daoine óga ag teacht isteach sa mhargaidh saothair tar éis an tsamhraidh...

An lá dar gcion?

Samhlaítear dúinn nach bhfuil athrú ar bith ag teacht ó lá go chéile! Ar an gcéad dul síos toisc go bhfuil an víreas ag leathadh fós. Ar an dara dul síos, toisc go bhfillfidh na hathchóirithe a bhí ar siúl ‘roimhe’ ‘ina dhiaidh’, cé nach é sin atá ó shaol na hoibre sa Fhrainc ar chor ar bith. Tá an rialtas á dheimhniú do na saoránaigh nach mbainfear úsáid as an gcánachas chun an laghdú 13 % ar OTI a mhaoiniú, os a choinne sin níl deireadh leis an bhfoirceannadh fostaíochta agus an méadú ar phraghsanna ón samhradh ar aghaidh, praghsanna fuinnimh, iompair, torthaí agus glasraí...

I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim, beidh athrú ar eagrú na hoibre. Beidh gá le rialacháin nach bhfuil ann fós maidir leis an teilea-obair, an obair ar ardáin, agus físchomhdhálacha. Tar éis na hathléimneachta, tá gá le cúram cuí. An léireoidh an ghéarchéim gurb iad na daoine is láidre ó thaobh an gheilleagair a thagann aniar níos fearr i gcónaí agus gurb iad na daoine atá ar bheagán a bhíonn ag fulaingt níos mó agus níos mó? I réigiún Pháras, is sna ceantair is boichte a bhí an líon is mó daoine tinn. Faraor, níl a dhath úr ann!