European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: Giulia Barbucci: Bhí guth na gceardchumann níos láidre sna míonna a chuaigh thart ná mar a bhí riamh
Giulia Barbucci: Bhí guth na gceardchumann níos láidre sna míonna a chuaigh thart ná mar a bhí riamh
Giulia Barbucci: Bhí guth na gceardchumann níos láidre sna míonna a chuaigh thart ná mar a bhí riamh
An 11 Márta, d’fhill mé ar an mbaile sa Róimh. Bhí atmaisféar trom míshuaimhneach ann; bhíothas tosaithe ar líon na mbásanna a chuntas i dtuaisceart na hIodáile. Tháinig m’iníon Ilaria ar ais as Milano, áit a bhfuil sí ag staidéar, agus tá Miriam, an t-iníon is sine agam, ina cónaí agus ag obair in Barcelona, agus bhí an-imní uirthise.
An oíche úd sin, d’fhógair an Príomhaire Conte go mbeadh ar an tír iomlán dúnadh. Sna limistéir “dhearga” sa tuaisceart, bhí bac ar thaisteal cheana féin agus bhí na daoine sna limistéir sin faoi dhianghlasáil.
Dúnadh na scoileanna, cuireadh an craobhchomórtas sacair agus na gníomhaíochtaí spóirt/caithimh aimsire ar fionraí, agus cuireadh cosc ar chuairt a thabhairt ar othair sna hospidéil agus sna hinstitiúidí sláinte. Ní raibh cead a thuilleadh taisteal ar na córais iompair phoiblí ná phríobháidigh agus cuireadh stop le haon ghníomhaíochtaí táirgthe nach raibh riachtanach.
Bhí an Iodáil faoi néal fíoraisteach. Mearbhall, eagla: shílfeá go raibh an víreas ag scaipeadh gan stad gan staonadh agus nach bhféadfaí é a stopadh.
Bhí dhá íomhá a léirigh cruatan na haimsire sin: an scuaine fhada d’fheithiclí míleata in Bergamo a d’iompair taisí na marbh amach as an réigiún mar nach raibh a thuilleadh spáis fágtha sna reiligí agus an íomhá chumhachtach den Phápa Proinsias ag guí i gCearnóg Naomh Peadar agus an áit bánaithe, an 28 Márta, íomhá a craoladh ar fud an domhain ar an teilifís.
Chuaigh ceardchumainn na hIodáile i mbun oibre láithreach i gcomhar leis an rialtas chun a chinntiú go gcosnófaí gnólachtaí riachtanacha a chaithfí a choinneáil ar oscailt le go mbeadh táirgí riachtanacha sna hollmhargaí agus cógais sna cógaslanna. Níor stad na ceardchumainn den obair riamh, iad ag tabhairt tacaíocht dóibh siúd a chaill a bpoist, ag iarraidh teacht ar chomhaontuithe le lucht gnó chun an chianobair a chur chun cinn, agus chun tacaíocht ioncaim a ráthú, toisc an t-ioncam ag éirí éiginnte.
Bhí cúrsaí sna hospidéil imithe as smacht: ní raibh aon leapeacha fágtha, bhí na hionaid dianchúraim faoi bhrú mór, mar aon leis na hoibrithe sláinte: na haltraí, na dochtúirí, na póirtéirí, a raibh orthu fanacht i bhfad ón mbaile ar coraintín, iad ag obair gan sos, faoi bhrú mór síceolaíoch agus iad ag cabhrú le daoine a bhí ag fáil bháis gan a gcairde agus a muintir ina dteannta chun sólás a thabhairt dóibh.
An tráth sin, dúramar go léir nach ndéanfaimis dearmad choíche ar an rud a tharla. Anois déanaimid iarracht bogadh ar aghaidh, ach níl an ceann is fearr faighte againn ar an víreas go fóill: tá ráigeanna beaga agus móra ag briseadh amach i dtíortha éagsúla san Aontas, agus tá ar gach tír déileáil leo ar a bealach féin. Is go díreach anois nuair is ceart don Aontas Eorpach, a bhuí leis an iarracht mhór eacnamaíoch atá déanta aige ar son na mBallstát go léir, gníomhú go dlúth trí iarrachtaí na mBallsát aonair a chomhordú, is anois a thuigimid cé chomh deacair agus atá sé sin a dhéanamh fós. Ach ní bhfaighimid an bua sa chath seo agus sinn ag troid inár n-aonar.
Bhí guth na gceardchumann níos láidre sna míonna a chuaigh thart ná mar a bhí riamh. Ní coincheap teibí an ceardchumann, ach na hoibrithe a thugann le fios don tír na héilimh chuí ar chothromaíocht shóisialta, dínit agus meas. Iad siúd a chonaic an chaoi a bhfuil rudaí dáiríre sna hospidéil, sna tithe altranais, sna siopaí, maidir le glantachán, iompar, sna gnólachtaí sin a sháraíonn na bunchearta sláinte agus slándála ag an obair, is iad na daoine sin atá in ann a rá linn an chaoi leis an tsamhail eacnamaíoch agus shóisialta a athrú, samhail a bhfuil teorainn léi agus a chuirfidh todhchaí na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh i mbaol.
Sin a theastaíonn uaim do mo dhá iníon, Ilaria atá ag staidéar in Milano agus Miriam atá ag obair in Barcelona: saol a bheidh in oiriúint dóibh agus a bheidh inmharthana ar leibhéal eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta.