European Economic
and Social Committee
Zsolt Kükedi, comhalta de CESE, an Ungáir
Labhair Zsolt Kükedi linn faoin méid atá ar siúl aige chun cabhrú le hÚcránaigh san Úcráin agus san Ungáir
Is toscaire mé in eagraíocht chomhshaoil agus is maith atá a fhios agam gur beag is féidir linn a dhéanamh anois, ós rud é nach gcabhraíonn cúrsaí mar atá siad faoi láthair leis an gcomhshaol. Mar sin féin, is cabhair mhór dóibh siúd atá ag cur cóiríocht ar fáil do dhídeanaithe fiú an comhartha is simplí spéise, comhbhá agus cúnaimh. Le linn mo chuid oibre forbartha réigiúnaí, chuir mé aithne ar a lán méaraí áitiúla agus cathaoirleach contae a bhí sásta a n ionaid agus a bhfoirgnimh phoiblí a thairiscint láithreach do dhídeanaithe a luaithe a bhris an cogadh amach. Bhí baile beag amháin ann nach raibh fiú 700 duine ina gcónaí ann a chuir cóiríocht ar fáil do níos mó ná céad duine. Ó shin i leith, tá bia á chur ar fáil dóibh, díon á choinneáil os a gcionn agus éadaí á ní dóibh sa bhaile beag sin. Díreach tar éis thús an chogaidh, nuair a d’fhill mé abhaile ó sheisiún iomlánach CESE, scríobh mé chuig 18 gcomhalta rialtais áitiúil, méara agus cathaoirleach contae in oirthear na hUngáire le fáil amach cad go díreach a bhí ag tarlú ina gceantair agus cad a d’fhéadfaimis a dhéanamh as Búdaipeist chun cabhrú leo. Ní raibh sé ar intinn agam dul caoldíreach chuig an teorainn, toisc go raibh, sna laethanta tosaigh, deacrachtaí eagraíochtúla ag oibrithe deonacha díograiseacha agus iad i mbun obair dhaonnúil.
D’fhreagair naonúr as an ocht nduine dhéag a ndearna mé teagmháil leo. Is dócha nach raibh an t-am ag na daoine eile chun ríomhphoist a léamh nó freagra a thabhairt orthu, rud a thuigfeá go hiomlán sa chás seo. Iad siúd a d’fhreagair, áfach, dúirt siad gur chuir mo litir ar a suaimhneas iad. Ní an tairiscint chabhrach féin, fiú, ach go rabhamar ag smaoineamh orthu agus gur thuig siad go raibh duine éigin ann a d’fhéadfaidís dul chuige, dá mba ghá sin, rud a thaitin liom a chloisteáil. D’iarr duine amháin airgead orm mar go raibh pluideanna agus táirgí glantacháin le ceannach. Dhírigh duine eile m’aird ar ionad a bhí ag lorg síntiús. Ach tríd is tríd, gheall siad go rachaidís i dteagmháil liom dá rachadh cúrsaí in olcas agus nach bhféadfaidís é a sheasamh níos faide ar bhonn airgeadais nó pearsanta.
Agus na línte seo á scríobh agam, tá a fhios agam go mbeidh mé sa bhaile arís go luath agus go scríobhfaidh mé chuig an naonúr sin arís faoin méid atá ag titim amach agus faoin méid ba cheart a bheith ar eolas acu. Phléamar freisin cé chomh fada is a bhí sé ó bhuaileamar le chéile, agus cé gurb é an cás brónach seo a thug ar ais le chéile muid, is cinnte go ndéanfaimid iarracht bualadh le chéile arís. Níl aon rud níos tábhachtaí ná cairde ar féidir linn brath orthu.
Ghlacamar páirt freisin i gcineál eile cabhrach: ag bailiú soláthairtí leighis agus á seoladh chucu siúd a bhfuil gá acu leo ach nach féidir leo teacht orthu agus cúrsaí mar atá. Tá a lán daoine ann nach féidir leo feidhmeanna an choirp a chleachtadh go nádúrtha de dheasca éalaing nó galar a théann i bhfeidhm ar chodanna áirithe de chonair an díleá nó an fhuail. Is fadhb shláinte uafásach atá ann. Déantar fuíoll an choirp a fhearadh trí stóma in áit ar leith ar bhalla an bhoilg. D’iompraíomar málaí stóma ó ionad oibre mo mhná céile, toisc go mbíonn gá ag othar le mála amháin in aghaidh an lae mar go gcaitear amach iad ar chúiseanna sláinteachais. Ar an taobh eile den scéal, ní féidir maireachtáil lá gan é, toisc gur saol neamhdhaonna a bheadh ag duine dá uireasa. Sular thugamar faoin mbeart sin, níor thuigeamar an tábhacht atá leis na málaí sin. Tá an saol chomh casta sin anois; is féidir a thuiscint go mbeadh orainn, i gcás den sórt sin, dul i ngleic le riachtanais neamhghnácha.
Ar iarratas ó CESE, phléamar i gcruinnithe ár rannóige an cogadh idir an Úcráin agus an Rúis agus an tionchar a bheadh aige ar CESE. I Rannóg TEN, iarradh orm glaoch ar chainteoir a bhí i mbrollach an chatha, chomh maith le saineolaí núicléach, chun tuiscint a fháil ar an mbagairt a bhaineann le stáisiúin cumhachta núicléiche na hÚcráine. Ós rud é go bhfuil aithne agam ar roinnt mhaith daoine san Úcráin de bharr na hoibre forbartha a bhíonn ar bun agam, d’éirigh liom teagmháil a dhéanamh le Serhii Prokopenko, fear óg de bhunadh Kharkiv, speisialtóir sa nuálaíocht agus san fhiontraíocht, comhairleoir agus taighdeoir eacnamaíochta, a bhí in ann an cogadh a mhíniú dúinn. Thug sé tuairisc dúinn díreach ó láthair an chatha as buncar in Kharkiv toisc buamáil a bheith déanta ar an gceantar a raibh sé ann go gairid sular thosaigh sé an craoladh. Bhí air malartú ar feadh tamaill leis an saineolaí núicléach ón Ungáir a labhair ina dhiaidh, toisc gur thit an nasc idirlín san áit a raibh sé. Tá an Dr Zsolt Hetesi, Comhalta Sinsearach Taighde in Ollscoil an Riaracháin Phoiblí, ag obair ar thaighde comhshaoil, fuinnimh agus inbhuanaitheachta ó 2005 i leith. Roimhe sin, bhí sé ar cheann de cheannairí an Ghrúpa Taighde um an bhForbairt Inbhuanaithe agus Acmhainní, agus tá a lán ar eolas aige faoin ngéarchéim a thagann as an róphlódú daonra agus ró úsáid acmhainní. Mar shaineolaí ar ídiú acmhainní, rinne sé cur síos ar an gcás, an leochaileacht agus an dóchúlacht go dtarlódh tubaiste núicléach ag ceann ar bith de na ceithre stáisiún cumhachta núicléiche san Úcráin. Rinne sé iarracht an lucht éisteachta a chur ar a suaimhneas faoi nach bhfuil an chosúlacht air faoi láthair go bhfuil an domhan i mbaol láithreach ó na stáisiúin cumhachta núicléiche sin. Thosaigh tuairisc Serhii arís ina dhiaidh sin, agus bhí an cogadh le brath mar rud beo agus é ag labhairt. Fuair sé bualadh bos mór. Bhí an bhá ag Rannóg TEN leis an gcuntas a thug sé, agus ba dheacair dúinn díriú ina dhiaidh sin ar an méid a bhí ar siúl ag an rannóg.
Táim den tuairim gur cúram daonnúil atá anseo freisin: nasc a chruthú leo siúd atá scoite amach de thoradh an chogaidh agus an mhuinín gan bhonn atá againn a chaitheamh dínn le go dtuigfimid fírinní loma an tsaoil agus go n-aireoimid go bhfuil cúraimí le cur i gcrích againn agus muid i bhfad ar shiúl ó na fírinní sin.
Mar Chríostaí, tá comhbhá agam le gach duine atá ag fulaingt nó ag fáil bháis le linn an chogaidh seo. Mar ghníomhaí comhshaoil a bhíonn ag obair ar ídiú acmhainní, tuigim go gcaithfimid níos mó agus níos mó dár n-acmhainní atá ag dul i laghad a roinnt. Anseo sa Bhruiséil, is minic a thugann mé euro nó dhó do dhaoine gan dídean atá ina gcónaí sa stáisiún meitreo nó ar an tsráid. Agus nuair a thagaim abhaile, bím ag smaoineamh faoi cad is féidir liom a dhéanamh chun cabhrú leo siúd atá ar shíordhualgas, nó fiú iad siúd a bhfuil riachtanas éigin acu.
Zsolt Kükedi, comhalta de CESE, an Ungáir