European Economic
and Social Committee
Digiteáil an fhuinnimh – bíodh saoirse rogha ag an tomhaltóir i gcónaí idir modhanna digiteacha nó na modhanna a bhí ann roimh an digiteáil
Sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, glacadh an tuairim Digiteáil an fhuinnimh: cothromaíocht a aimsiú idir deiseanna agus rioscaí do thomhaltóirí na hEorpa.
Cuirtear in iúl sa tuairim, a dhréachtaigh Kęstutis Kupšys (comhalta de CESE), gur cheart an fuinneamh a bheith inacmhainne, inchoigeartaithe agus éasca le húsáid ag tomhaltóirí i gcónaí. Ní chiallaíonn ‘digiteáil an fhuinnimh’ nach mbeidh de rogha againn ach ‘an digiteáil amháin’.
Ní mór tús áite a thabhairt don tomhaltóir i gcónaí agus na bealaí traidisiúnta gnó a chaomhnú. Ní foláir don Aontas dul chun cinn a dhéanamh ar na huirlisí digiteacha so-úsáidte atá á bhforbairt chun freastal ar riachtanais éagsúla agus chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí digiteacha fuinnimh a chur chun cinn.
Ba cheart, mar sin féin, an rogha a bheith ag úsáideoirí i gcónaí praghsanna, conarthaí agus seirbhísí custaiméara a roghnú mar a dhéanaidís sular tháinig an digiteáil chun cinn. ‘Tá idir dheiseanna agus dúshláin ag baint le digiteáil an fhuinnimh. Caithfimid oibriú le chéile chun a chinntiú go ndéanfar an t-aistriú go fuinneamh digiteach ar bhealach atá cuimsitheach, slán agus tairbheach go fírinneach do thomhaltóirí uile na hEorpa, agus sin trínár gcuid láidreachtaí a chur chun leasa dúinn,’ arsa an tUasal Kupšys.
Ó fágadh earnáil an iompair agus gnólachtaí ar fud an domhain ina gcíor thuathail le déanaí mar gheall ar an mbriseadh a tharla sa teicneolaíocht faisnéise, is léir go bhfuil sé an-tábhachtach go deo nach mbeimid ag brath an iomarca ar an teicneolaíocht.
Is tábhachtach, agus sinn ag díriú ar bhuntáistí an aistrithe go fuinneamh digiteach, nach mbeifear dall ar an taobh eile den scéal, na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann leis. Dá bhrí sin, ní mór leanúint den chosaint do thomhaltóirí agus den tacaíocht d’oibrithe mar ábhar práinne.
Tá sé tábhachtach rialacháin dhinimiciúla maidir le cosaint tomhaltóirí a chruthú a bheidh curtha in oiriúint don chomhthéacs nua agus do ghníomhaithe nua san earnáil ach, san am céanna, oiliúint, cláir athoiliúna agus cúnamh airgeadais a thairiscint d’oibrithe. (mp)