An 4 Deireadh Fómhair, reáchtáil an grúpa ad hoc in CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an díospóireacht ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ i Ságrab. Ba é ab aidhm don díospóireacht go rachadh comhaltaí an ghrúpa i dteagmháil le páirtithe leasmhara áitiúla chun a dtaithí, a dtuairimí agus a smaointe a phlé. Dhírigh siad go háirithe ar infheictheacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh sa Chróit agus an fheasacht ina leith, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea-chleachtais a sainaithníodh go dtí seo. Is uirlis é an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ligeann do shaoránaigh an Aontais tionchar díreach a imirt ar bheartas an Aontais trí reachtaíocht nua a mholadh.

Ba í an díospóireacht i Ságrab ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ an chéad imeacht den chineál sin a d’eagraigh an grúpa ad hoc lasmuigh den Bhruiséil. D’óstáil Comhlachas Ceirdeanna agus Ceardaíochta na Cróite (Hrvatska Obrtnička Komora) an t-imeacht agus chuir comhaltaí an ghrúpa ad hoc in CESE fáilte roimh na daoine a leanas:  Margareta Mađerić (Státrúnaí Aireacht Saothair na Cróite), Dino Zorić (an Aireacht Dlí), ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón bhFóram um an Tionscnamh ó na Saoránaigh, roinnt mhaith ionadaithe ó lárionaid Europe Direct, ó ollscoileanna, ó na húdaráis áitiúla agus ó Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta, Ambasadóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, eagarthóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, mic léinn ollscoile agus páirtithe leasmhara eile na dTionscnamh ó na Saoránaigh.

Tar éis na díospóireachta, bhí gnáthchruinniú ag an ngrúpa ad hoc maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus reáchtáladh siúlóid i lár Shágraib. Lena linn sin, bhí deis ag comhaltaí an ghrúpa teagmháil dhíreach a dhéanamh le muintir na Cróite trí eolas maidir leis an bPas Eorpach um Daonlathas de chuid CESE, a bhfuil an-tóir air, a thabhairt amach.

Faoina chlár oibre do 2023-2025, tá sé d’aidhm ag an ngrúpa ad hoc cur le rannpháirtíocht ghníomhach CESE i bpróiseas an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Tá sé beartaithe aige tuilleadh cruinnithe a eagrú lasmuigh den Bhruiséil, ós deis mhaith iad chun díospóireacht a dhéanamh le geallsealbhóirí áitiúla an Tionscnaimh agus feasacht a mhúscailt ina thaobh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

Bunaíodh an grúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh in 2013 chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin. Is í Violeta Jelić, comhalta de chuid CESE, cathaoirleach an ghrúpa faoi láthair.

Tugadh an Tionscnamh ó na Saoránaigh isteach le Conradh Liospóin agus tháinig sé ar an bhfód in 2012. Ba é an chéad ionstraim um an daonlathas rannpháirteach ar an leibhéal trasnáisiúnta. A bhuí leis, is féidir le níos mó ná aon mhilliún saoránach de chuid an Aontais ó sheacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh. Dá bhrí sin, is é an rud is gaire atá againn do thionscnamh reachtach ó na saoránaigh. 

Ón gcéad lá riamh, tá ról an-ghníomhach ag CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a fhorbairt agus a chur chun cinn. (ep)