Skip to main content
Newsletter Info

EESC info

European Economic and Social Committee A bridge between Europe and organised civil society

OCTOBER 2024 | GA

GENERATE NEWSLETTER PDF

Available Languages:

  • BG
  • CS
  • DA
  • DE
  • EL
  • EN
  • ES
  • ET
  • FI
  • FR
  • GA
  • HR
  • HU
  • IT
  • LT
  • LV
  • MT
  • NL
  • PL
  • PT
  • RO
  • SK
  • SL
  • SV
Editorial

Eagarfhocal

Glacadh le Méadú: Gealltanas do thodhchaí na hEorpa

Ní leathnú amháin atá i gceist le méadú agus le lánpháirtiú na dtíortha is iarrthóirí san Aontas Eorpach: is infheistíocht gheostraitéiseach í chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an fhorbairt shocheacnamaíoch a chothú, rud a neartóidh creatlach dhaonlathach na mór-roinne seo againne. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é méadú an Aontais chun bunluachanna na hEorpa a scaipeadh agus a chaomhnú. 

Read more in all languages

Glacadh le Méadú: Gealltanas do thodhchaí na hEorpa

Ní leathnú amháin atá i gceist le méadú agus le himeascadh na dtíortha is iarrthóirí san Aontas Eorpach: is infheistíocht gheostraitéiseach í chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an fhorbairt shocheacnamaíoch a chothú, rud a neartóidh creatlach dhaonlathach na mór-roinne seo againne. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é méadú an Aontais chun bunluachanna na hEorpa a scaipeadh agus a chaomhnú. Na comhlachtaí déthaobhacha atá bunaithe againn le sochaithe sibhialta ó thíortha is iarrthóirí - Comhchoistí Comhairliúcháin agus Ardáin Shochaí Sibhialta - an tionscnamh ‘Comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’, agus leathnú na gcuairteanna tíre ar stáit is iarrthóirí maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, is léiriú iad sin ar thiomantas CESE an tAontas a dhoimhniú agus a leathnú. Léiríonn ár gcuid oibre gur féidir na hathchóirithe inmheánacha is gá dul ar aghaidh agus iad fite fuaite le lánpháirtiú na tíortha is iarrthóirí, agus gur cheart an dul chun cinn sin a dhéanamh. D’ainneoin dúshláin leanúnacha i roinnt tíortha is iarróirthí, ba cheart go spreagfadh na bacainní sin an comhar le contrapháirtithe is iarrthóirí, in áit an dul chun cinn a dhíspreagadh.

Bhí ról ríthábhachtach ag CESE i méadú an Aontais, agus é ag glacadh páirte i gCruinniú Aireachta na mBalcán Thiar i Scóipé agus ag comhoibriú go dlúth le ceannairí roinnt stát is iarrthóirí. Is é an aidhm atá againn measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na dtíortha is iarrthóirí critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh, agus athdhearbhaímid ár dtiomantas don idirphlé chuimsitheach chothrom le comhaltaí uile CESE, agus go háirithe le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí. Sin an fáth a bhfuil bród orm a rá gur bunchloch fhorógra m’uachtaránachta é an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, a seoladh i mí Feabhra na bliana seo i láthair Phríomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, agus Phríomh-Aire Mhontainégro, Milojko Spajić.

Agus na comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí á dtarraingt isteach aige, tá an Coiste ina cheannaire i measc institiúidí an Aontais maidir le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a lánpháirtiú de réir a chéile. Tá tionchar an tionscnaimh seo follasach agus tá aitheantas níos mó á thabhairt i dtíortha iarrthóirí agus san Aontas, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus an Coimisinéir um Méadú, Oliver Várhelyi, ag tacú go láidir leis an tionscadal. Is é is aidhm don tionscnamh seo ní hamháin buntáistí láithreacha a thabhairt, ach féachann sé le bonn láidir a thógáil a thagann le mianta fadtéarmacha na dtíortha is iarrthóirí, a saoránach agus a sochaithe sibhialta beo bríomhara. Cuireann sé ar chumas na sochaí sibhialta ó na náisiúin sin páirt dhíreach a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus móiminteam á choinneáil le haghaidh na hathchóirithe riachtanacha. Tá 146 comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí rannpháirteach go gníomhach i dtuairimí maidir le hábhair a bhaineann le méadú, amhail beartas comhtháthaithe an Aontais, an margadh aonair, inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia agus ganntanais scileanna.

Is deis chriticiúil iad na comhchoistí comhairliúcháin agus na hardáin sochaí sibhialta le haghaidh idirphlé i measc geallsealbhóirí éagsúla, agus deimhnítear leo go gcloistear gach guth le linn an phróisis cinnteoireachta. Tá comhchoistí comhairliúcháin i bhfeidhm faoi láthair le Montainéagró, leis an tSeirbia agus leis an Tuirc, tá ardáin sochaí sibhialta i bhfeidhm go háirithe leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Táthar ag súil go gcuirfear tús an athuair le comhchoiste comhairliúcháin na Macadóine Thuaidh a luaithe a osclófar an chéad chnuasach caibidlíochta, agus tá coiste nua don Albáin faoi lán seoil. Leis an bhFóram Ardleibhéil um an tSochaí Sibhialta a bheidh ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair a mbeidh an Méadú mar ábhar aige, in éineacht le Seisiún Iomlánach CESE, neartófar an gealltanas sin a thuilleadh. I gcomhpháirt leis an gCoimisiún, tiocfaidh comhaltaí CESE, thart ar céad comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, na Ballstáit, agus príomhpholaiteoirí na dtíortha is iarrthóirí le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar luach an idirphlé shibhialta agus shóisialta do Mhéadú rathúil. Leagfar béim ann ar ról an idirphlé shóisialta maidir le hiarrachtaí aontachais a chur chun cinn, an t-aistriú digiteach a bharrfheabhsú agus bunluachanna an Aontais a chaomhnú.

Mar thairseach don tsochaí shibhialta, tá CESE tiomanta do ghuth cumhachtach a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an tsaoirse, an daonlathas agus an rathúnas socheacnamaíoch a bhaint amach - rud a chothóidh comhtháthú níos dlúithe ar deireadh sna stáit is iarrthóirí agus san Aontas. I dteannta a chéile, is todhchaí níos gile don Eoraip atá á thógáil againn - todhchaí atá cuimsitheach, rathúil agus aontaithe. Tá tiomantas an Choiste don mhéadú buanseasmhach, agus is léiriú iad ár ngníomhaíochtaí ar ár gcreideamh in Eoraip níos comhtháite agus níos athléimní ina hiomláine.

Oliver Röpke

Uachtarán CESE

Diary Dates

6 Samhain 2024

Comhdháil Bhliantúil maidir le Cearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta

27 Samhain 2024

Is féidir le saoránaigh an lámh in uachtar a fháil ar an mbréagaisnéis (an Aithin, an Ghréig)

28-29 Samhain 2024

An Fóram Eorpach um Imirce – an 9ú cruinniú

4-5 Nollaig 2024

Seisiún iomlánach de chuid CESE

Ceist amháin ar...

Chuireamar ceisteanna ar Sandra Parthie, rapóirtéir don tuairim Intleacht Shaorga ilchuspóireach : na chéad chéimeanna eile tar éis an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, faoin ngníomh um an Intleacht Shaorga. Go háirithe, cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin a chinntiú go gcuirfear an píosa reachtaíochta seo i bhfeidhm i gceart maidir le samhlacha ilchuspóireacha IS agus an dóigh a rialófar iad? Conas is féidir linn intleacht shaorga iomaíoch a chur ar fáil san Aontas agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach sin a dhéanamh?

Read more in all languages

Chuireamar ceisteanna ar Sandra Parthie, rapóirtéir don tuairim Intleacht Shaorga ilchuspóireach : na chéad chéimeanna eile tar éis an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, faoin ngníomh um an Intleacht Shaorga. Go háirithe, cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin a chinntiú go gcuirfear an píosa reachtaíochta seo i bhfeidhm i gceart maidir le samhlacha ilchuspóireacha IS agus an dóigh a rialófar iad? Conas is féidir linn intleacht shaorga iomaíoch a chur ar fáil san Aontas agus cen fáth a bhfuil sé tábhachtach sin a dhéanamh?

An intleacht shaorga arb í ‘an Eoraip áit a dhéanta’ – is féidir é, ach tá obair ag teastáil go fóill

Le Sandra Parthie

Is é an Gníomh um an Intleacht Shaorga (Gníomh IS) an chéad chreat dlíthiúil ar domhan lena rialaítear an intleacht shaorga. 

Read more in all languages

Le Sandra Parthie

Is é an Gníomh um an Intleacht Shaorga (Gníomh IS) an chéad chreat dlíthiúil ar domhan lena rialaítear an intleacht shaorga.

Tá úsáid na hintleachta saorga ag dul i méid in go leor gnéithe den saol laethúil. Mar shampla, imríonn sí tionchar ar an bhfaisnéis a bhíonn le feiceáil ag daoine agus iad ar líne, de dheasca fógraí spriocdhírithe. Níos tábhachtaí fós, baintear leas aisti anois in earnáil na sláinte, mar a gcuidíonn sí le galair mar an ailse a dhiagnóisiú agus cóir leighis a chur ar othair. Leis an méid sin a dhéanamh, bíonn feidhmchláir intleachta saorga ag brath ar shamhlacha ilchuspóireacha, rudaí is gá a thraenáil. Caithfear an-chuid íomhánna a chuir iontu, cealla ailseacha, cuir i gcás, sula mbeidh an intleacht saorga in ann iad a aithint gan chúnamh.

Ní éireoidh leis an traenáil gan sonraí, go leor leor sonraí. Bíonn tionchar freisin ar mar a thugtar faoin traenáil ar cháilíocht na samhla traenáilte nó an fheidhmchláir intleachta saorga. Má chuirtear isteach na sonraí nó na pictiúir mhíchuí, rachaidh an teicneolaíocht amú agus aithneoidh sí cealla sláintiúla mar chealla ailseacha.

An cúram leighis agus sláinte a fheabhsú, sin sampla an-mhaith den chúis is gá an cumas agus an bonneagar a bheith againn san Aontas le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha bunúsacha a fhorbairt. Is mbeagán focal, sábhálfar beatha daoine.

Lena chois sin, ó thaobh próisis táirgthe de, agus ó thaobh na ngnólachtaí de, athrú ó bhonn atá sa Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir leis an Intleacht Shaorga (CDIS). Má theastaíonn ó gheilleagar na hEorpa a bheith iomaíoch i gcónaí, caithfear spás a chur ar fáil ar son na nuálaíochta laistigh den Aontas, agus fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh lena smaointe a fhorbairt.

Ar ndóigh, tá baol ag baint leis an intleacht shaorga agus CDIS – idir lochtanna sna samhlacha agus fhabhtanna sna feidhmchláir, gan trácht ar an úsáid choiriúil a d’fhéadfaí a bhaint as an teicneolaíocht. Ina fhianaise sin, ní mór don Aontas an saineolas a bheith aige le gur féidir ionsaithe mailíseacha agus cibearbhagairtí a chur ó dhoras, ní mór bonneagar a bheith san Aontas ar féidir leis dul ina mhuinín, lena chinntiú, lena rá go simplí, nach múchfar na soilse.

Léiriú atá sa mhéid sin go léir ar a thábhachtaí atá an rialachán ceart a bheith i bhfeidhm, ceann a dhíríonn ar cháilíocht na sonraí traenála, na modhanna traenála, agus, ar deireadh thiar, an táirge deiridh. Caithfidh sé a bheith bunaithe ar na luachanna Eorpacha, is é sin an trédhearcacht, an inbhuanaitheacht, cosaint sonraí agus an urraim don smacht reachta. Ar an drochuair, an-chuid d’fhorbairtí móra CDIS, tá siad á gcur chun cinn agus gníomhaithe atá lasmuigh de dhlínse an Aontais. Fágann sé sin gur gá don Aontas inniúlachtaí a fhorbairt le comhlíonadh a chuid forálacha rialála agus a luachanna Eorpacha a fhorfheidhmiú, maidir le gníomhaithe de chuid an Aontais agus gníomhaithe nach cuid den Aontas iad atá gníomhach i margadh an Aontais.

Ní mór don Aontas ceannas margaidh na gcuideachtaí móra, ar minic nach cuideachtaí Eorpacha iad, a laghdú, lena n-áirítear trí uirlisí an bheartais iomaíochta a chur chun tairbhe. Ní mór d’údaráis iomaíochta san Aontas leas a bhaint as an acmhainneacht atá iontu agus a áirithiú nach mbainfidh hipearscálaithe mí-úsáid as a suíomh ar an margadh gnólacht le gnólacht nó ar an margadh gnólacht le rialtas.

Is féidir leis na húdaráis phoiblí cuidiú le soláthraithe Eorpacha fheidhmchláir CDIS agus na bhfeidhmchláir intleachta saorga ach a dtáirgí a fháil agus a úsáid, rud a léireodh a iontaofacht d’úsáideoirí agus cliaint eile. Tá ag an Aontas na daoine cumasacha, an saineolas teicneolaíochta, agus an meon fiontraíochta a theastaíonn leis ‘an Eoraip áit a dhéanta’ a thabhairt i gcrích. Ar an drochuair, tá an easpa infheistíochta, a laghad bonneagar ábhartha teicneolaíochta faisnéise atá ann, agus ilroinnt leanúnach an mhargaidh aonair a chuireann bac ar an uas-scálú, ag cur isteach ar iomaíochas ghníomhaithe intleachta saorga na hEorpa.

An t-aoi speisialta

Is í an Dr Alexandra Borchardt, a bhí ina príomhchainteoir ag Seimineár ‘Connecting EU’ CESE 2024, an t-aoi speisialta atá againn. Mar phríomhúdar Thuarascáil Nuachta 2024 EBU  maidir le héifeachtaí IS ar an iriseoireacht, tá anailís déanta aici ar ionchais iriseoireachta cuntasaí i ndiaidh theacht chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí. Cé go bhfuil cuid acu i dtionscal na meán á mealladh cheana féin ag an ngealltanas neamhchruthaithe s’aici, is suntasach na rioscaí a bhaineann le IS giniúnach - ach tá deiseanna ann fosta.

Read more in all languages

Is í an Dr Alexandra Borchardt, a bhí ina príomhchainteoir ag Seimineár ‘Connecting EU’ CESE 2024, an t-aoi speisialta atá againn. Mar phríomhúdar Thuarascáil Nuachta 2024 EBU  maidir le héifeachtaí IS ar an iriseoireacht, tá anailís déanta aici ar ionchais iriseoireachta cuntasaí i ndiaidh theacht chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí. Cé go bhfuil cuid acu i dtionscal na meán á mealladh cheana féin ag an ngealltanas neamhchruthaithe s’aici, is suntasach na rioscaí a bhaineann le IS giniúnach - ach tá deiseanna ann fosta.

Is iriseoir sinsearach, comhairleoir neamhspleách, léachtóir ollscoile agus taighdeoir sna meáin í an Dr Borchardt a bhfuil níos mó ná 25 bliana de thaithí sa seomra nuachta aici, agus 15 de na blianta sin caite i róil cheannaireachta aici. Le cúig bliana anuas, chóitseáil sí 26 fhoilsitheoir Eorpacha sa chlaochlú digiteach do Chlár ‘Table Stakes Europe’ de chuid Chomhlachas Domhanda na bhFoilsitheoirí Nuachta. Is féidir leat a cuid oibre a fheiceáil anseo.

Iriseoireacht iontaofa i ré na hintleachta saorga giniúnaí

Le Alexandra Borchardt

I mbeagán focal, bíonn an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile. Tá an iriseoireacht bunaithe ar fhíricí; úsáidtear an intleacht shaorga ghiniúnach chun dóchúlachtaí a ríomh. B’fhéidir nach drochrud ann féin é go líonfadh tuairisceoirí bearnaí i scéalta le rud ar bith a bhfuil dealramh leis? Is é sin an dóigh a n-oibríonn an intleacht shaorga ghiniúnach.

Read more in all languages

Le Alexandra Borchardt

I mbeagán focal, bíonn an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile. Tá an iriseoireacht bunaithe ar fhíricí; úsáidtear an intleacht shaorga ghiniúnach chun dóchúlachtaí a ríomh. B’fhéidir nach drochrud ann féin é go líonfadh tuairisceoirí bearnaí i scéalta le rud ar bith a bhfuil dealramh leis? Is é sin an dóigh a n-oibríonn an intleacht shaorga ghiniúnach. Mar sin féin, cuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil leis an intleacht shaorga ghiniúnach chun feabhas a chur ar an iriseoireacht. Is féidir í a úsáid chun teacht ar smaointe úra, ar cheisteanna agallaimh agus ar cheannlínte agus tá ról aici freisin maidir le hiriseoireacht sonraí agus maidir le hanailís thapa a dhéanamh ar dhoiciméid. Lena chois sin, is féidir í a úsáid chun formáidí agus teangacha a shárú, téacsanna a thiontú ina bhfíseáin, ina bpodchraoltaí agus ina n-íomhánna, téacsanna a thras-scríobh agus a aistriú, léaráidí a dhéanamh agus ábhar a dhéanamh inrochtana i bhformáidí comhrá. A bhuí leis sin ar fad, d’fhéadfaí freastal ar dhaoine nach ndearnadh freastal ceart orthu roimhe seo, cuir i gcás: pobail ar leibhéal an-áitiúil, iad siúd nach bhfuil scileanna léitheoireachta ná tuisceana acu nó daoine a bhfuil laige eile acu, agus iad siúd nach bhfuil suim acu san iriseoireacht thraidisiúnta. Mar a deir Ezra Eeman, an Stiúrthóir Straitéise agus Nuálaíochta in NPO, craoltóir poiblí na hÍsiltíre: ‘A bhuí leis an intleacht shaorga ghiniúnach, is fearr is féidir linn ár misean seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; cuirfidh sí leis an idirghníomhaíocht, an inrochtaineacht agus an chruthaitheacht. Is féidir ábhar breise a chur ar fáil dár lucht féachana’.

Cé gur léir go bhfuil daoine áirithe sa tionscal seo dóchasach cheana féin faoin intleacht shaorga ghiniúnach, tá rioscaí suntasacha ag baint léi don iriseoireacht. Dhá riosca shuntasacha atá ann ná go gcaillfí muinín go ginearálta san fhaisnéis agus go dtiocfadh lagú breise ar shamhlacha gnó nó go gcuirfí deireadh leo, fiú. Is gné den teicneolaíocht seachas fabht iad ‘siabhránachtaí’, arb é sin an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chlaonadh na hintleachta saorga freagraí a chumadh, freagraí a bhfuil an chuma orthu a bheith bunaithe ar fhíricí agus ar fhoinsí. Is casta fós an dúshlán. Ós rud é go gcuireann an intleacht shaorga ghiniúnach ar chumas duine ar bith, laistigh de chúpla nóiméad, ábhar de chineál ar bith a chruthú, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe, is é an baol atá ann go gcaillfeadh an pobal muinín as an ábhar ar fad atá ar fáil. Leis an oiliúint i litearthacht sna meáin, moltar do gach duine a bheith amhrasach faoi ábhar atá ar líne. De réir mar a éiríonn ábhar bréige níos forleithne, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh mímhuinín as an amhras sin. Ní fios go fóill an rachaidh sé chun tairbhe do na meáin thraidisiúnta a bheith ina dtreoraithe i ndomhan nua na faisnéise nó an measfar go bhfuil na meáin go léir neamhiontaofa.

Cuireann an méadú ar líon na gcuardach giniúnach leis an ngéarchéim sin, ós rud é go bhfuil an baol ann go laghdófar an tábhacht atá ag baint leis an iriseoireacht de réir a chéile. Roimhe seo, dá ndéanfaí cuardach ar Google, thiocfaí ar naisc éagsúla chuig meáin iontaofa. Sa lá atá inniu ann, áfach, is mó an tionchar atá ag an intleacht shaorga ghiniúnach ar thorthaí cuardaigh. Faigheann daoine freagraí i bhfoirm téacs láithreach agus ní gá dóibh aon chuardach breise a dhéanamh. Ní haon ionadh go bhfuil eagla ar fheidhmeannaigh na meán. Tá an intleacht shaorga á cur chun feidhme go tapa ag cuid mhór díobh chun cur leis an éifeachtúlacht. Is léir, áfach, nach leor de réiteach é sin. Is éard atá de dhíth ná breis infheistíochta san iriseoireacht ar ardchaighdeán chun an difear idir ‘ábhar’, ar thaobh amháin, agus iriseoireacht a bhfuil taighde maith déanta uirthi agus atá cruinn iontaofa, ar an taobh eile, a thaispeáint don lucht féachana.

Tá gá le cur chuige eiticiúil maidir leis an intleacht shaorga a úsáid sna meáin. Ar an gcéad dul síos, tá straitéis intleachta saorga de dhíth ar eagraíochtaí meán agus ní mór díriú ar an méid is féidir leis an teicneolaíocht rannchuidiú le luach seirbhíse poiblí a sholáthar. Ní mór acmhainní a dhíriú ar a bhfuil inmhianaithe agus iad a chur chun feidhme dá réir. Ní mór cuimhneamh air i gcónaí go bhfuil costas suntasach comhshaoil agus sochaíoch ag baint leis an intleacht shaorga. Ba cheart a bheith in ann diúltú di i gcónaí. Ba cheart d’eagraíochtaí a gcumhacht agus a dtionchar a úsáid freisin agus táirgí á gceannach acu, brústocaireacht á déanamh acu le haghaidh rialála agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí maidir le cóipcheart agus cosaint sonraí. Tá cuid mhór i gceist. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach cuideachta grinnscrúdú rialta ar na táirgí a úsáideann siad le haghaidh claontachta agus steiréitíopaí d’fhonn díobháil a laghdú. Ar deireadh, sa timpeallacht seo atá ag athrú go tapa agus táirgí nua á gcur amach gach lá, níor cheart do chuideachta ar bith dul ar a chonlán féin. Tá sé ríthábhachtach comhoibriú le cuideachtaí eile sa tionscal féin agus le cuideachtaí teicneolaíochta eile agus an comhoibriú sin a chur chun cinn d’fhonn bealaí freagracha chun tosaigh a leagan amach.

Níl amhras ar bith ach go gcuirfidh an intleacht shaorga ghiniúnach go mór le spleáchas na meán ar mhórchuideachtaí teicneolaíochta. Dá mhéad cuideachtaí teicneolaíochta a chomhtháthaíonn uirlisí intleachta saorga i bhfeidhmchláir a úsáideann daoine ina saol laethúil, is lú smacht a bheidh ag eagraíochtaí meán ar chleachtais, ar phróisis agus ar tháirgí. D'fhéadfadh sé go mbreathnófaí ar a gcuid treoirlínte eiticiúla mar rud chomhlántach ar chinntí a rinneadh in áiteanna eile.

Ina fhianaise sin ar fad, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhíol iontais ná go bhféadfadh iriseoireacht an lae amárach a bheith an-chosúil le hiriseoireacht an ama atá caite, ach í níos fearr fós. Mar sin féin, ní fheicfear gnéithe áirithe d’iriseoireacht an lae inniu a thuilleadh. Mar a bhíodh i gcónaí, bainfidh an iriseoireacht le fíricí, iontas, scéalaíocht agus lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais. Bainfidh sí le caidrimh chobhsaí, dhílse, iontaofa a thógáil leis an lucht féachana trí threoir a sholáthar, comhráite a threorú agus tacaíocht a thabhairt do phobail. I ndomhan atá lán le hábhar saorga, an rud is luachmhaire is ea tuairimí, smaointe agus mothúcháin an duine. Is iad na tuairisceoirí is fearr is féidir an méid sin a nochtadh. Mar sin féin, a bhuí leis an intleacht shaorga, is féidir an iriseoireacht a fheabhsú trí fhreastal ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí de réir a riachtanas agus a ndálaí saoil, trína déanamh níos cuimsithí agus níos áitiúla agus trí shonraí a chur ar fáil nach raibh inacmhainne roimhe seo. Bhí an méid a leanas le rá ag Anne Lagercrantz, Leas-POF SVT, faoin intleacht shaorga: ‘Athrófar an iriseoireacht ó bhonn ach tá súil againn nach n-athrófar an ról atá againn sa tsochaí. Ní mór dúinn oibriú ar chreidiúnacht thionscal na meán. Ní mór spásanna sábháilte a chruthú don fhaisnéis.’ Is féidir a rá go bhfuil riosca móra ag baint le ré na hintleachta saorga, ní hamháin don iriseoireacht féin, ach freisin do na samhlacha gnó lena mbaineann freisin.

Tá an téacs seo bunaithe ar an tuarascáil ‘Trusted Journalism in the Age of Generative AI’ (ar féidir a íoslódáil saor in aisce) a d’fhoilsigh Aontas Craolacháin na hEorpa in 2024. Ba iad an Dr Alexandra Borchardt, Kati Bremme, an Dr Felix Simon agus Olle Zachrison a rinne an taighde agus a scríobh an tuarascáil.

Croí an scéil

Sa cholún ‘Croí an scéil’, tá sé molta ag Alain Coheur, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte gur cheart go mbeadh saincheisteanna sláinte ina n-ábhar tosaíochta don Choimisiún Eorpach amach anseo. Leag sé béim ar a aontaithí atá an Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte, rud ar cheart dó dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú trí chórais sláinte a neartú agus tríd an Aontas a chosaint ar ghéarchéimeanna amach anseo.

Read more in all languages

Sa cholún ‘Croí an scéil’, tá sé molta ag Alain Coheur, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte gur cheart go mbeadh saincheisteanna sláinte ina n-ábhar tosaíochta don Choimisiún Eorpach amach anseo. Leag sé béim ar a aontaithí atá an Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte, rud ar cheart dó dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú trí chórais sláinte a neartú agus tríd an Aontas a chosaint ar ghéarchéimeanna amach anseo.

Alain Coheur

Ba cheart tús áite a thabhairt don tsláinte i gclár oibre nua an Choimisiúin

Le Alain Coheur

Is colún bunúsach d’athléimneacht agus rathúnas an Aontais í an tsláinte. I bhfad ó bheith ina ábhar forimeallach, is príomhthosaíocht é do gach saoránach Eorpach, ós rud é go n-úsáideann muid uile na córais sláinte ag am éigin i gcaitheamh an tsaoil. Ba í an tsláinte an príomhfhócas le linn phaindéim COVID. Mar sin féin, ní mór a rá gur theip ar an Uachtarán von der Leyen leas a bhaint as an bpost atá aici chun deis uathúil a thapú agus gné riachtanach de gach réimse beartais eile a dhéanamh den tsláinte trí chomhtháthú leathan beartas sláinte a chur chun cinn. 

Read more in all languages

Le Alain Coheur

Is colún bunúsach d’athléimneacht agus rathúnas an Aontais í an tsláinte. I bhfad ó bheith ina ábhar forimeallach, is príomhthosaíocht é do gach saoránach Eorpach, ós rud é go n-úsáideann muid uile na córais sláinte ag am éigin i gcaitheamh an tsaoil. Ba í an tsláinte an príomhfhócas le linn phaindéim COVID. Mar sin féin, ní mór a rá gur theip ar an Uachtarán von der Leyen leas a bhaint as an bpost atá aici chun deis uathúil a thapú agus gné riachtanach de gach réimse beartais eile a dhéanamh den tsláinte trí chomhtháthú leathan beartas sláinte a chur chun cinn.

Ní mór dúinn na bacainní earnála a shárú agus samhail Eorpach níos comhleanúnaí, níos comhtháite agus níos cuimsithí a fhorbairt, lena dtacófar le haistriú cóir do chách, gan aon duine a fhágáil ar lár. Ní mór dúinn na geallsealbhóirí uile a aontú, an t-idirphlé sóisialta a neartú agus ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, ó cheapadh beartais go cur chun feidhme agus meastóireacht an bheartais.

Iarrann an Coiste go mbunófaí Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte: tionscnamh aontaitheach a bheidh fréamhaithe i ndlúthpháirtíocht na hEorpa chun ár gcórais sláinte a threisiú, éagothromaíochtaí sláinte a chomhrac agus cosaint a thabhairt ar ghéarchéimeanna amach anseo. Seo cuid de na gnéithe a bheidh i gcroílár an tionscnaimh uilechuimsithigh seo:

  • An Ráthaíocht Eorpach um Chúram agus Cúram Sláinte: gealltana do gach uile shaoránach den Aontas go rathófaí rochtain chothrom agus chomhchoiteann ar chúram sláinte ar ardchaghdeán.
  • Cur chuige na hAon Sláinte Amháin: faoina bhfuil sláinte an duine nasctha go dlúth le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil. Is bagairtí iad an t-athrú aeráide, paindéimí agus cailliúint na bithéagsúlachta a chuireann iallach orainn cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh.
  • I gcroílár an phróisis sin, ní mór dúinn ár gcórais sláinte a nuachóiriú trí uirlisí digiteacha agus intleacht shaorga a ghlacadh, lena n-áiritheofar go mbeidh an chibearshlándáil agus feabhsú scileanna digiteacha do shaoránaigh agus do ghairmithe sláinte.
  • Infheistíochtaí straitéiseacha sóisialta agus sláinte. Bíonn tionchar dearfach ag infheistíocht sa tsláinte ar fholláine na saoránach agus ar iomaíochas na hEorpa.
  • Rochtain ar chógais leighis a áirithiú agus tionscal nuálach iomaíoch de chuid an Aontais a fhorbairt nach mór tús áite a thabhairt don tsláinte agus do leas an phobail leis an dul chun cinn atá déanta aige agus ár spleáchas ar shlabhraí soláthair domhanda a laghdú. Tá sé ríthábhachtach táirgeadh a dhéanamh ar ithreacha na hEorpa chun ár gceannasacht sláinte a ráthú.
  • Líon leordhóthanach gairmithe sláinte dea-oilte dea-íoctha a áirithiú, trí dhálaí tarraingteacha oibre a chruthú, infheistíocht a dhéanamh san oiliúint, gairmeacha saibhrithe a fhorbairt agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’oibrithe sláinte.
  • Beartais sláinte agus sábháilteachta ceirde a neartú, go háirithe trí leigheas ceirde, cláir scagthástála san ionad oibre agus oibrithe a chosaint ar charcanaiginí agus ar shó-ghineacha.
  • Ní mór tús áite a thabhairt do dhul i ngleic le galair neamhtheagmhálacha agus le dúshlán na ngalar neamhchoitianta. I gcás na ngalar sin, is deacair an rud é a bheith ag streachailt i gcoinne éagothroime sláinte a eascraíonn as cúiseanna iomadúla.
EESC News

Tá tús curtha ag CESE le hiarratais ar an 15ú Duais don tSochaí Shibhialta le deighilt dhíobhálach shochaí na hEorpa a chomhrac

Is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, daoine aonair agus cuideachtaí príobháideacha cur isteach ar an duais ina dtionscadail neamhbhrabúis anois, duais arb éard is sprioc di an deighilt dhíobhálach shochaí na hEorpa a chomhrac.

Read more in all languages

Is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, daoine aonair agus cuideachtaí príobháideacha cur isteach ar an duais ina dtionscadail neamhbhrabúis anois, duais arb éard is sprioc di an deighilt dhíobhálach shochaí na hEorpa a chomhrac.

Is féidir iarratas a chur isteach anois do Dhuais na Sochaí Sibhialta 15th atá seolta ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Is é is cuspóir do dhuais na bliana seo go sonrach aitheantas a thabhairt do thionscnaimh agus do ghníomhaíochtaí neamhbhrabúsacha éifeachtacha, nuálacha agus cruthaitheacha san Aontas Eorpach, gníomhaíochtaí a théann i ngleic le polarú díobhálach shochaí na hEorpa.

Bronnfar EUR 50 000 ar an iomlán ar chúigear buaiteoirí ar a mhéad. 10 a.m. (am na Bruiséile) 07 Samhain 2024 an spriocdháta le haghaidh na n-iarratas. Beidh an searmanas bronnta ar siúl le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE i mí an Mhárta 2025.

Is féidir le heagraíochtaí uile na sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag obair ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach iarratas a chur isteach. Tá an duais oscailte freisin do dhaoine aonair a bhfuil cónaí orthu san Aontas, chomh maith le cuideachtaí atá cláraithe san Aontas nó atá ag feidhmiú ann, ar an gcoinníoll gur tionscadail neamhbhrabúis amháin atá ina dtionscadail.

Ní mór na tionscnaimh agus na tionscadail a dhéanamh san Aontas ionas go mbeidh siad incháilithe. Ní mór dóibh a bheith á gcur chun feidhme cheana, sin nó iad a bheith ar bun fós. Tá cur síos iomlán ar na riachtanais agus an fhoirm iarratais ar líne ar fáil ar leathanach gréasáin Dhuais na Sochaí Sibhialta in CESE.

Tá raon leathan ábhar sna cineálacha gníomhaíochtaí agus/nó tionscnamh atá beartaithe don duais: deitéarmanaint aonair agus deitéarmanaint chomhchoiteanna a shainaithint nuair is é an polarú díobhálach atá i gceist leo; an trédhearcacht a chothú i gcistiú na n-eagraíochtaí; An laghdú in iolrachas na meán a chomhrac; an tsaoirse, an éagsúlacht agus neamhspleáchas na meán a chur chun cinn; agus cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na bréagnuachta.

Is é is aidhm do Dhuais na Sochaí Sibhialta, duais shuaitheanta CESE, feasacht a mhúscailt faoin obair mhór a dhéanann an tsochaí shibhialta chun féiniúlacht agus saoránacht Eorpach a chruthú agus chun na luachanna coiteanna a chur chun cinn a theisíonn an lánpháirtiú san Eoraip. Gach uile bhliain, díríonn an duais ar théama éagsúil atá an-ábhartha don Aontas. (lm) 

Áitíonn CESE ar an Aontas gníomh níos láidre a dhéanamh ar son an smachta reachta agus leagann sé béim ar ardán na sochaí sibhialta, ardán a bhfuiltear ag súil leis le fada

Ó ainmníodh Coimisinéir Eorpach nua um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta a ainmniú, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an Aontas gníomh níos láidre a dhéanamh ar son an smachta reachta agus na gceart bunúsach. 

Read more in all languages

Ó ainmníodh Coimisinéir Eorpach nua um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta a ainmniú, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an Aontas gníomh níos láidre a dhéanamh ar son an smachta reachta agus na gceart bunúsach.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, reáchtáil CESE díospóireacht maidir leis an daonlathas. Lena linn sin, cuireadh smaointe chun cinn maidir le freagairt níos láidre ón Aontas ar sháruithe ar an smacht reachta agus ar an gcreimeadh daonlathach. Luadh mar shampla ardán na sochaí sibhialta a bhfuiltear ag súil leis le fada, ardán a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.

Tá ardán den sórt sin á mholadh ag CESE ó 2016 i leith. Meastar go dtabharfaidh an t-ardán sin guth níos láidre don tsochaí shibhialta agus beartais ón Aontas á múnlú. Cuirfidh an t-ardán spás ar fáil d’eagraíochtaí – spás atá ag teastáil go géar – chun dul i mbun plé le hinstitiúidí an Aontais. Anuas air sin, beidh sé ina chabhair chun cinntí a threorú maidir le príomh-shaincheisteanna amhail neamhspleáchas na mbreithiúna agus saoirsí daonlathacha.

Chuir Joachim Herrmann, ón Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas sa Choimisiún Eorpach, an Tuarascáil is déanaí maidir leis an Smacht Reachta i láthair. Leag sé béim ar leathnú an smachta reachta chuig tíortha aontachais an Aontais agus ar an tionchar atá aige ar an margadh aonair.

Mhol Kevin Casas-Zamora, ón Institiúid Idirnáisiúnta um Dhaonlathas agus Cúnamh Toghchánach, iarrachtaí an Aontais ach thug sé rabhadh a bheith cúramach faoin gcúlú daonlathach. D’iarr sé go mbeadh an tsochaí shibhialta níos rannpháirtí agus go ndéanfaí tuarascálacha níos mionsonraithe ar an smacht reachta. D’áitigh Alexandrina Najmowicz, ó Fhóram Eorpach na Saoránach, go ndéanfaí moltaí níos soiléire agus go bhforbrófaí córas luathrabhaidh chun tuilleadh creimthe daonlathaigh a chosc.

Le linn na díospóireachta, thug na rannpháirtithe rabhadh gan bheith bogásach. Leag siad béim freisin ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar an údarásaíochas, ar bhagairtí ar neamhspleáchas na mbreithiúna agus ar an spás sibhialta atá ag crapadh, trí rud atá ag cothú imní do dhaoine mó sa mhó. Thug Jerzy Pomianowski, ceann na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais, rabhadh gan an daonlathas a chur ar an méar fhada le díriú ar shaincheisteanna níos práinní amhail an imirce agus an tslándáil. Dar leis gur plean é sin a d’fhéadfaí dul in abar. Ar deireadh, d’iarr sé go ndéanfaí 5 % den chabhair um fhorbairt a dháileadh ar chláir dhaonlathacha.

Thar ní ar bith eile, leagadh béim i ndíospóireacht CESE ar ról fíor-riachtanach na sochaí sibhialta maidir leis an smacht reachta a chosaint agus iarradh go dtabharfaí ról níos mó di fós i gceapadh beartas an Aontais. Tá an-tábhacht go deo le hardán na sochaí sibhialta a sheoladh agus le tiomantas athnuaite do chearta bunúsacha chun go mairfidh an daonlathas i bhfad san Aontas Eorpach. (gb)

Chuir CESE agus ECOSOCC an Aontais Afracaigh dearbhú comhpháirteach i láthair ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí

An 20 Meán Fómhair, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC) dearbhú comhpháirteach i láthair ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí i Nua-Eabhrac. Leagtar béim ann ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Read more in all languages

An 20 Meán Fómhair, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC) dearbhú comhpháirteach i láthair ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí i Nua-Eabhrac. Leagtar béim ann ar an ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Leagtar amach sa dearbhú, faoi chuimsiú an Mheabhráin Tuisceana idir CESE agus ECOSOCC, fís chomhroinnte le haghaidh domhan níos córa, níos cuimsithí agus níos cothroime. Is é is aidhm don chomhpháirtíocht idir CESE agus ECOSOCC comhghuaillíochtaí agus tionscnaimh nua a spreagadh.

Bhí an méid a leanas le rá ag Uachtarán Röpke: ‘Ní fuighle fáis atá sa dearbhú seo. Tiomantas láidir atá ann dár gcomhluachanna, mar atá, an daonlathas, an chuimsitheacht agus an inbhuanaitheacht. Agus dúshláin phráinneacha dhomhanda ag bagairt orainn, tá iltaobhachas níos láidre de dhíth agus an tsochaí shibhialta ina chroílár de’.

Leagtar béim sa dearbhú comhpháirteach ar an méid a leanas:

  • Ní mór dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) agus straitéis chuimsitheach a chur le chéile chun na SFInna a chur chun cinn.
  • Is gá aistriú cothrom a dhéanamh i dtreo na haeráidneodrachta agus cuirtear i bhfáth a thábhachtaí atá sé obair chuibhiúil a chinntiú agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht san aistriú chuig geilleagair aeráidneodracha san am céanna.
  • Ní foláir athchóiriú airgeadais domhanda a dhéanamh sa chóras airgeadais domhanda chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe, go háirithe i dtíortha leochaileacha.
  • Ba chóir beartais inscne-fhreagrúla a cheapadh lena n-iarrfar beartais inscne-chuimsitheacha i gcláir um ghníomhú ar son na haeráide agus um fhorbairt.
  • Ní mór ról lárnach a bheith ag an tsochaí shibhialta maidir leis an rialachas domhanda a athchóiriú, lena n-áirítear comhlachtaí cinnteoireachta na Náisiún Aontaithe a athchóiriú.
  • Is gá daoine óga a mhealladh agus an nuálaíocht dhigiteach a chothú más uainn an rialachas domhanda a spreagadh amach anseo.

Cuireadh comhpháirtíocht CESE agus ECOSOCC ar bhonn foirmiúil nuair a síníodh Meabhrán Tuisceana an 17 Iúil 2024 in Accra, Gána. Leis an Meabhrán Tuisceana sin, neartaítear an comhar i bpríomhréimsí amhail an fhorbairt inbhuanaithe, an gníomhú ar son na haeráide agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí, lena n-áirítear cruinnithe rialta, rannchuidiú comhpháirteach le cruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach agus buansásra rannpháirtíochta don tsochaí shibhialta.

Is léiriú é an comhar sin ar thiomantas an dá institiúid SFInna na Náisiún Aontaithe agus rialachas cuimsitheach a chur chun cinn. Agus an Meabhrán Tuisceana dírithe ar ról na sochaí sibhialta sa chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a fheabhsú, leagtar béim ann ar an ngá atá le réitigh chomhpháirteacha ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus an athléimneacht dhaonlathach.

Tá sé d’aidhm ag CESE agus ECOSOCC an tsochaí shibhialta ar fud na hAfraice a chumhachtú. (at)

I rún iarthoghcháin an Choiste, tathantaítear ar institiúidí an Aontais díriú ar an tslándáil sa téarma reachtach nua

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE an Rún Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn daonlathach an Aontais: rún don chéad sainordú reachtach eile, arna dhréachtú ag an gcomhaltaí, Christa Schweng, Cinzia Del Rio agus Ioannis Vardakastanis.

Read more in all languages

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE an Rún Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn daonlathach an Aontais: rún don chéad sainordú reachtach eile, arna dhréachtú ag an gcomhaltaí, Christa Schweng, Cinzia Del Rio agus Ioannis Vardakastanis.

I bhfianaise na ngéarchéimeanna iomadúla atá ann faoi láthair, iarrann CESE ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún nua leas a bhaint as éagsúlacht ionadaíochta CESE chun an tAontas Eorpach a neartú.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an téarma reachtach nua seasamh idirnáisiúnta an Aontais a threisiú, déileáil leis na fadhbanna ina struchtúr institiúideach, bonn daingean a chur faoi luachanna coiteanna na hEorpa, agus an geilleagar a stiúradh i dtreo todhchaí inbhuanaithe a bheidh bunaithe ar shamhail shóisialta chuimsitheach ardfhorbartha – rud atá ríthábhachtach don dul chun cinn, don aontacht agus don iomaíochas.

Sa Rún, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais coincheap na slándála a bhfuil sé ghné ag baint leis a bhunú. Is mar a leanas a bheadh an tAontas sin:

  • dhéanfaí an pobal a chosaint ar bhagairtí seachtracha;
  • dhéanfaí daoine a chosaint ar rioscaí inmheánacha, go háirithe rioscaí a bhaineann le sláinte, athruithe déimeagrafacha agus bochtaineacht, a chuireann rochtain ar fáil ar chosaint shóisialta uilíoch agus a chinntíonn an dea-bhail ar fud na hEorpa;
  • ráthófaí geilleagar sóisialta margaidh iomaíoch atá tógtha ar éiceachórais lena n-áirithófaí táirgiúlacht, nuálaíocht, poist ardcháilíochta agus lánfhostaíocht;
  • chruthódh sé geilleagar athléimneach do chách;
  • chinnteofaí go bhfuil idirphlé ann agus chinnteofaí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta eagraithe agus an phobail ionas gur féidir dul i ngleic leis na dúshláin agus athruithe forleathana an lae inniu agus sna blianta beaga amach romhainn.
  • chuirfí cosaint ar fáil i gcoinne na bagairtí atá ann faoi láthair, agus a bheidh ann amach anseo, ó thaobh an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta de.

Is toradh é an Rún ar an gcéad Seachtain na Sochaí Sibhialta riamh, a reáchtáil CESE i mí an Mhárta 2024 chun tuairimí mhuintir na hEorpa de gach aois, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur in iúl. (mp)

An bhithéagsúlacht: iarrann CESE go nglacfaí cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach.

Agus an 16ú ceann de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ag teannadh linn (COP16), ag díriú an uair seo ar an mbithéagsúlacht, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go nglacfaí cur chuige comhtháite domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhithéagsúlachta atá ann faoi láthair.

Read more in all languages

Agus an 16ú ceann de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ag teannadh linn (COP16), ag díriú an uair seo ar an mbithéagsúlacht, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go nglacfaí cur chuige comhtháite domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhithéagsúlachta atá ann faoi láthair.

Agus cúrsaí ar fud an domhain ag éirí níos teannasaí, tá CESE ag tathant ar na rialtais díriú ar an mbithéagsúlacht mar phríomhréiteach ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach (an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an gaineamhlú. Deis chinniúnach a bheidh in COP16 chun dlús a chur le hiarrachtaí ar fud an domhain éiceachórais ár bpláinéid a chosaint, rud a chuir CESE i dtábhacht sa tuairim a ghlac sé i mí Mheán Fómhair.

‘Gan bhithéagsúlacht, chlisfeadh ar éiceachórais agus ar gheilleagair mar tá breis agus leath de OTI an domhain agus 40 % de phoist ag brath go díreach ar an dúlra,’ arsa Arnaud Schwartz, rapóirtéir na tuairime.

Tuigeann CESE gurb í an bhithéagsúlacht bunús na n-éiceachóras, dhea-bhail an chine dhaonna agus na ngeilleagar í. Dá réir sin, cuireann sé in iúl nach mór í a phríomhshruthú ar fud an iliomad earnálacha beartais, beartais aeráide, talmhaíochta agus trádála cuir i gcás, seachas dul i ngleic léi ina haonar. Tógaimis mar shampla comhaontuithe trádála: ba cheart an inbhuanaitheacht a chur chun cinn i gcomhaontuithe trádála trína chinntiú nach gcuireann earraí agus teicneolaíochtaí le dífhoraoisiú agus scriosadh gnáthóg.

Is práinneach freisin tacaíocht airgeadais a áirithiú do chaomhnú na bithéagsúlachta. Ní leor an cistiú poiblí leis féin. Seachas sin, teastaíonn meascán de shásraí nuálacha airgeadais poiblí agus príobháideacha.

Tathantaíonn CESE ar an Aontas tacú leis na tíortha sa Domhan Theas agus iad ag cosaint na bithéagsúlachta. Iarrann sé freisin go gcuirfí deireadh de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don bhithéagsúlacht, go háirithe na fóirdheontais sin a chuireann breoslaí iontaise chun cinn. Má dhéantar na fóirdheontais sin a atreorú le héiceachórais a athchóiriú, d’fhéadfadh sé go rachfaí i ngleic leis an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta araon, agus sin mar thoradh ar réitigh dhúlrabhunaithe amhail an t-athfhoraoisiú, talmhaíocht inbhuanaithe agus athchóiriú na mbogach.

Chomh maith leis sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an cur chuige Aon Sláinte Amháin, a thugann le chéile sláinte an duine, na n-ainmhithe agus an chomhshaoil. Cuireann éiceachórais shláintiúla seirbhísí criticiúla ar fáil, ina measc sin pailniú, ceapadh carbóin agus scagachán uisce, trí rud a chuireann le dea-bhail an duine. Agus an bhithéagsúlacht ag dul ar gcúl, tá athléimneacht na n-éiceachóras i mbaol agus tá riosca níos airde ann go scaipfidh galair zónóiseacha amhail COVID-19.

Iarrann CESE freisin go dtabharfaí ról ní ba mhó do dhaoine óga sa phróiseas cinnteoireachta. Chuige sin, molann sé go gceapfaí Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach do na glúnta atá le teacht chun a chinntiú go dtabharfaí tús áite don inbhuanaitheacht fhadtéarmach thar thorthaí nach mairfidh i bhfad. (ks) 

Gradam an Aontais maidir le táirgeadh orgánach 2024: an Iodáil, an Spáinn agus an tSualainn chun tosaigh leis an FBM orgánach is fearr, an miondíoltóir orgánach is fearr agus an bhialann orgánach is fearr de réir CESE

An 23 Meán Fómhair 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach buaiteoirí an tríú ceann de Ghradaim Orgánacha an Aontais. Is i dtrí phríomhchatagóir a roghnaigh agus a bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na buaiteoirí: an FBM Próiseála Bia Orgánach is Fearr, an Miondíoltóir Bia Orgánach is Fearr, agus an Bialann Orgánach is Fearr.

Read more in all languages

An 23 Meán Fómhair 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach buaiteoirí an tríú ceann de Ghradaim Orgánacha an Aontais. Is i dtrí phríomhchatagóir a roghnaigh agus a bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na buaiteoirí: an FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach, an Miondíoltóir Bia Orgánach is Fearr, agus an Bialann Orgánach is Fearr.

Seo a leanas na buaiteoirí:

  • An FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach: Gino Girolomoni Cooperativa Agricola (an Iodáil), comharchumann a tháirgeann pasta orgánach i réigiún Marche ag baint leas as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus ag tacú le níos mó ná 300 feirmeoir áitiúla.
  • An Miondíoltóir Bia Orgánach is Fearr: SAiFRESC (an Spáinn), tionscnamh atá treoraithe ag feirmeoirí ag táirgeadh níos mó ná 70 cineál torthaí agus glasraí orgánacha ar 30 heicteár de thalamh talmhaíochta orgánaí, ag cur an geilleagar ciorclach chun cinn agus ceardlanna oideachasúla á gcur ar fáil acu.
  • An Bhialann Orgánach/an tSeirbhís Bia Orgánach is Fearr: Kalf & Hansen (an tSualainn), sraith bialanna a dhíríonn ar bhia séasúrach Nordach atá 100 % orgánach a chur ar fáil, agus cáil ar na bialanna as an bhfoinsiú inbhuanaithe agus naisc láidre acu le táirgeoirí áitiúla.

Mhol Peter Schmidt, cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) in CESE, na buaiteoirí, agus thug sé dá aire go dtugtar aitheantas sna gradaim don nuálaíocht agus don bharr feabhais in earnáil orgánach an Aontais. Chuir sé i dtábhacht go bhfuil sé ríthábhachtach inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí orgánacha a mhéadú ionas go dtiocfaidh fás ar an earnáil agus chun cuidiú leis an Aontas an sprioc maidir le 25 % den fheirmeoireacht orgánach a bhaint amach faoi 2030. ‘Mar sin féin, ní é an cur chuige ceart iarracht a dhéanamh fadhbanna sóisialta a réiteach trí bheartais talmhaíochta. Le beartais shóisialta, ní mór saoránaigh na hEorpa a chumhachtú chun táirgí orgánacha a íoc’, a dúirt sé freisin.

Tá Gradam an Aontais maidir le táirgeadh orgánach mar chuid de thionscnamh níos leithne Lá Orgánach an Aontais, a seoladh in 2021 chun aird a tharraingt ar na tairbhí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Tháinig fás suntasach ar an bhfeirmeoireacht orgánach, a fhaigheann tacaíocht ó Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais, ó 5.9 % de thalamh talmhaíochta an Aontais in 2012 go 10.5 % faoi 2022, agus shroich díolacháin mhiondíola €45 bhilliún in 2022. D’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch, tá an tAontas fós ar an dara margadh orgánach is mó ar domhan, i ndiaidh na Stát Aontaithe. (ks) 

CESE ag COP29

I mbliana, glacfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt arís in COP29, Comhdháil 2024 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bheidh ar siúl i bpríomhchathair na hAsarbaiseáine, Baki.

Read more in all languages

I mbliana, glacfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt arís in COP29, Comhdháil 2024 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bheidh ar siúl i bpríomhchathair na hAsarbaiseáine, Baki.

Déanfaidh Peter Schmidt, cathaoirleach an Ghrúpa Ad Hoc maidir le COP, agus toscaire óige CESE chuig COP, Diandra Ní Bhuachalla, ionadaíocht ar CESE. Ag an gcomhdháil, athdhearbhóidh CESE na teachtaireachtaí a léirigh sé sa tuairim uaidh a glacadh le déanaí maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus iarrfaidh sé an athuair go mbeadh aistriú cuimsitheach agus cothrom ann, lena n-áiritheofar nach méadófar an neamhionannas sóisialta leis an ngníomhú ar son na haeráide. Tacóidh CESE freisin le córais agraibhia inbhuanaithe, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, teicneolaíochtaí glasa agus ailíniú spriocanna bithéagsúlachta agus aeráide. Trí pháirt a ghlacadh in COP29, tá sé d’aidhm ag CESE a áirithiú go gcloisfear guth shochaí shibhialta na hEorpa agus go léireofar le torthaí na comhdhála réitigh chothroma atá cóir ó thaobh na sochaí de ar an ngéarchéim aeráide. (ks) 

D’eagraigh CESE imeacht de chuid an Tionscnaimh ó na Saoránaigh lasmuigh den Bhruiséil

An 4 Deireadh Fómhair, reáchtáil an grúpa ad hoc in CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an díospóireacht ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ i Ságrab. Ba é ab aidhm don díospóireacht go rachadh comhaltaí an ghrúpa i dteagmháil le páirtithe leasmhara áitiúla chun a dtaithí, a dtuairimí agus a smaointe a phlé. Dhírigh siad go háirithe ar infheictheacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh sa Chróit agus an fheasacht ina leith, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea-chleachtais a sainaithníodh go dtí seo. Is uirlis é an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ligeann do shaoránaigh an Aontais tionchar díreach a imirt ar bheartas an Aontais trí reachtaíocht nua a mholadh.

Read more in all languages

An 4 Deireadh Fómhair, reáchtáil an grúpa ad hoc in CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an díospóireacht ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ i Ságrab. Ba é ab aidhm don díospóireacht go rachadh comhaltaí an ghrúpa i dteagmháil le páirtithe leasmhara áitiúla chun a dtaithí, a dtuairimí agus a smaointe a phlé. Dhírigh siad go háirithe ar infheictheacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh sa Chróit agus an fheasacht ina leith, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea-chleachtais a sainaithníodh go dtí seo. Is uirlis é an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ligeann do shaoránaigh an Aontais tionchar díreach a imirt ar bheartas an Aontais trí reachtaíocht nua a mholadh.

Ba í an díospóireacht i Ságrab ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ an chéad imeacht den chineál sin a d’eagraigh an grúpa ad hoc lasmuigh den Bhruiséil. D’óstáil Comhlachas Ceirdeanna agus Ceardaíochta na Cróite (Hrvatska Obrtnička Komora) an t-imeacht agus chuir comhaltaí an ghrúpa ad hoc in CESE fáilte roimh na daoine a leanas:  Margareta Mađerić (Státrúnaí Aireacht Saothair na Cróite), Dino Zorić (an Aireacht Dlí), ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón bhFóram um an Tionscnamh ó na Saoránaigh, roinnt mhaith ionadaithe ó lárionaid Europe Direct, ó ollscoileanna, ó na húdaráis áitiúla agus ó Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta, Ambasadóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, eagarthóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, mic léinn ollscoile agus páirtithe leasmhara eile na dTionscnamh ó na Saoránaigh.

Tar éis na díospóireachta, bhí gnáthchruinniú ag an ngrúpa ad hoc maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus reáchtáladh siúlóid i lár Shágraib. Lena linn sin, bhí deis ag comhaltaí an ghrúpa teagmháil dhíreach a dhéanamh le muintir na Cróite trí eolas maidir leis an bPas Eorpach um Daonlathas de chuid CESE, a bhfuil an-tóir air, a thabhairt amach.

Faoina chlár oibre do 2023-2025, tá sé d’aidhm ag an ngrúpa ad hoc cur le rannpháirtíocht ghníomhach CESE i bpróiseas an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Tá sé beartaithe aige tuilleadh cruinnithe a eagrú lasmuigh den Bhruiséil, ós deis mhaith iad chun díospóireacht a dhéanamh le geallsealbhóirí áitiúla an Tionscnaimh agus feasacht a mhúscailt ina thaobh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

Bunaíodh an grúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh in 2013 chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin. Is í Violeta Jelić, comhalta de chuid CESE, cathaoirleach an ghrúpa faoi láthair.

Tugadh an Tionscnamh ó na Saoránaigh isteach le Conradh Liospóin agus tháinig sé ar an bhfód in 2012. Ba é an chéad ionstraim um an daonlathas rannpháirteach ar an leibhéal trasnáisiúnta. A bhuí leis, is féidir le níos mó ná aon mhilliún saoránach de chuid an Aontais ó sheacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh. Dá bhrí sin, is é an rud is gaire atá againn do thionscnamh reachtach ó na saoránaigh. 

Ón gcéad lá riamh, tá ról an-ghníomhach ag CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a fhorbairt agus a chur chun cinn. (ep)

D’óstáil CESE agus CnaR Laethanta Cibearshlándála sa Bhruiséil

Ón 2-4 Deireadh Fómhair, d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM) sa Bhruiséil. Ag an imeacht, tugadh le chéile príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, ó rialtais réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh thimpeallacht na cibearshlándála atá ag athrú go tapa sa lá atá inniu ann. ​

Read more in all languages

Ón 2-4 Deireadh Fómhair, d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM) sa Bhruiséil. Ag an imeacht, tugadh le chéile príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, ó rialtais réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh thimpeallacht na cibearshlándála atá ag athrú go tapa sa lá atá inniu ann. ​

Díríodh an 12ú heagrán de ECSM ar an innealtóireacht shóisialta, bagairt atá ag dul i méid agus a dhíríonn ar iompar an duine chun rochtain neamhúdaraithe a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí agus, dá bharr sin, slándáil a shárú.

Is iad seo a leanas na príomhphointí a tugadh chun suntais in imeacht na bliana seo:

  1. Bunaítear leis an rialachán nua cibearshlándála bonnlíne choiteann d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit.
  2. Tá measúnuithe riosca rialta ríthábhachtach chun leochaileachtaí a shainaithint agus chun tús áite a thabhairt do straitéisí maolaithe.
  3. Teastaíonn frithbhearta nuálacha chun dul i ngleic le bagairtí atá le teacht, amhail ionsaithe faoin tiomáint IS agus ríomhaireacht chandamach.
  4. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis réigiúnacha maidir le tacaíocht a thabhairt d’eintitis áitiúla trí chomhroinnt eolais, trí chúnamh teicniúil agus trí chláir oiliúna saincheaptha a chur ar fáil.
  5. Tá méadú ag teacht ar ionsaithe innealtóireachta sóisialta faoin tiomáint IS, agus teastaíonn cur chuige ilghnéitheach agus comhoibríoch chun iad a chomhrac.

Tá tuilleadh eolais faoin imeacht le fáil anseo. (lp)

CESE Info – Léiriú scannáin – The Teachers' Lounge

Dé Máirt, an 17 Meán Fómhair, d’óstáil CESE léiriú den scannán The Teachers' Lounge, buaiteoir Ghradam LUX — Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa. 

Read more in all languages

Dé Máirt, an 17 Meán Fómhair, d’óstáil CESE léiriú den scannán The Teachers' Lounge, buaiteoir Ghradam LUX — Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa.

Leis an stiúrthóir Gearmánach İlker Çatak, fiosraítear sa scannán na dúshláin a bhíonn ag múinteoir agus tugtar aghaidh ar shaincheisteanna níos leithne laistigh den chóras oideachais ag an am céanna. Tar éis an léirithe, ghlac an lucht freastail páirt i ndíospóireacht a rinne Laurențiu Plosceanu, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid, a mhodhnú. Sa phlé fuarthas léargas ó na cainteoirí Jan Wilker agus Tatjana Babrauskienė, a rinne plé ar théamaí an scannáin agus ar an tábhacht a bhaineann leo i ndáil le saincheisteanna sóisialta reatha.

Bhí an léiriú sin mar chuid de shraith a d’eagraigh CESE i gcomhar le Ghradam LUX — Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa de chuid Pharlaimint na hEorpa, ina leagtar béim ar rannpháirtíocht CESE agus ar an ról atá aige maidir leis an idirphlé ar ábhair shóisialta ríthábhachtacha a chur chun cinn agus a chothú. 

News from the Groups

Leagtar amach an bealach chun cinn i dtuarascáil Draghi: an bhfuil an misneach agus an toil pholaitiúil ann chun iomaíochas an Aontais a athbhunú?

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

Tá béim leagtha sa tuarascáil ó Mario Draghi ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha na hEorpa. Tugtar rabhadh i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi araon: tá cor cinniúnach roimh an Eoraip agus ní féidir na maidí a ligean le sruth.

Read more in all languages

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

Tá béim leagtha sa tuarascáil ó Mario Draghi ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha na hEorpa. Tugtar rabhadh i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi araon: tá cor cinniúnach roimh an Eoraip agus ní féidir na maidí a ligean le sruth.

Tá cuid mhór i ngeall leis seo, murab ionann is riamh. Le fiche bliain anuas, tá fás eacnamaíoch an Aontais de shíor chun deiridh ar na Stáit Aontaithe, fad atá an bhearna á dúnadh go tapa ag an tSín. Ó 2002 go 2023, mhéadaigh an bhearna idir leibhéil OTI an Aontais agus leibhéil OTI na Stát Aontaithe (ag praghsanna 2015) ó bheagán os cionn 15 % go 30 %, rud ar cúis imní é. Is mó fós an chodarsnacht sa phaireacht cumhachta ceannaigh. Tá an bhearna sin méadaithe ó 12 % go 34 %, ar cuid suntais é.

Ceann de na dúshláin is mó atá ann ná timpeallacht rialála na hEorpa. Tá na figiúirí an-soiléir: ó 2019 go 2024, rith an tAontas thart ar 13 000 gníomh reachtach i gcomparáid le 3 500 gníomh sna Stáit Aontaithe.

De dheasca an ualaigh rialála sin, is suntasach na costais chomhlíontachta atá ar ghnólachtaí, rud a bhaineann acmhainní ón nuálaíocht agus ón bhfeabhsú feidhmíochta. Thairis sin, is cúis imní an treocht atá ann go bhfuil cuideachtaí ag athlonnú lasmuigh den Aontas. D’imigh 30 % d’aonbheannaigh na hEorpa idir 2008 agus 2021.

Mar a chuireann Draghi i bhfáth, ní leor an infheistíocht amháin chun an Eoraip a bhrú ar aghaidh. Is gá a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn fóinteach de thoradh na n-athchóirithe. Ní mór díriú ar an margadh aonair a thabhairt chun críche, bacainní a bhaint, tús áite a thabhairt do chur chuige comhleanúnach chun an t-ualach a laghdú agus rialacháin a chuíchóiriú. Is príomhchéimeanna iad sin is féidir a ghlacadh láithreach gan cathanna móra polaitiúla agus rachadh siad chun tairbhe ar dhóigh nithiúil do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, arb iad cnámh droma na ngeilleagar iad.

Thairis sin, ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar idirnascthacht na n-earnálacha agus na ngeilleagar. Má dhéantar feabhsuithe i réimse amháin, is féidir tionchar dearfach a imirt ar réimsí eile. Mar shampla, le comhtháthú na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí sonraíbhunaithe, is féidir tacú le bainistiú cliste fuinnimh ar fud na dtionscal, rud a laghdódh costais agus astaíochtaí go suntasach, ón ardmhonaraíocht go dtí an fheirmeoireacht bheacht. Is iad sin na cineálacha sineirgí nach mór a shaothrú.

Tá an bealach chun tosaigh soiléir. Tá an acmhainneacht, an tallann agus an acmhainneacht nuálaíochta san Eoraip chun a buntáiste iomaíoch a fháil ar ais. Mar sin féin, beidh gá le toil láidir pholaitiúil agus le comhar, agus ní mór díriú ar chuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha. Is fúinne (institiúidí an Aontais agus na Ballstáit) atá sé anois na deiseanna sin a chur i ngníomh más uainn fíorathrú a dhéanamh.

Bearna sna scileanna? Tá an Coimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta in easnamh sa Choimisiún nua

le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tá coláiste nua na gcoimisinéirí foilsithe. Níl neart againne air ach a fhógairt go bhfuil deireadh curtha le post an choimisinéara um chearta sóisialta agus poist. Ina ionad sin, is coimisinéir atá againn anois le haghaidh ‘Daoine, Scileanna agus Ullmhacht’. Is iomaí tuiscint agus míthuiscint atá le baint as an bhfocal ‘daoine’. 

Read more in all languages

le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tá coláiste nua na gcoimisinéirí foilsithe, agus ní féidir linn ach fógra a thabhairt go bhfuil deireadh curtha le post an choimisinéara um chearta sóisialta agus poist. Ina ionad sin, is coimisinéir atá againn anois le haghaidh ‘Daoine, Scileanna agus Ullmhacht’. Is iomaí tuiscint agus míthuiscint atá le baint as an bhfocal ‘daoine’. Tar éis an tsaoil, nár cheart go mbainfeadh beagnach gach ceann de na punanna eile dírithe ar dhaoine freisin? D’fhéadfaimis trácht a dhéanamh freisin ar bhéarlagar trom an fhocail ‘Ullmhacht’, focal atá le feiceáil i bpunann amháin eile freisin.

Baineann sé sin, áfach, leis an méid atá in easnamh, agus leis an méid atá fágtha ar lár. Tá deireadh tagtha leis an mbeartas sóisialta agus leis an bhfostaíocht, in ainm an iomaíochais. The cryptic and sometimes colourful nature of some other job titles speaks for itself: from Implementation and Simplification to Prosperity and Water Resilience, to name but a few.

Tá punann um Fhostaíocht agus Beartas Sóisialta ann ó na 1970idí, ach athainmníodh é agus Poist agus Cearta Sóisialta a tugadh air in 2019. Áiríodh ann príomhbheartais, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a thionscnaimh fhorleathana. Is saincheisteanna bunúsacha i gcónaí iad poist ardcháilíochta, comhionannas, idirphlé sóisialta agus dálaí oibre agus maireachtála chun go mairfidh ár ndaonlathais.

Mar sin féin, in ionad fostaíochta, tá scileanna againn anois. Is cosúil go nglactar go forleathan i gciorcail áirithe leis an smaoineamh go n-eascraíonn go leor dár bhfadhbanna reatha as bearnaí scileanna. Bíonn sé deacair ar chuideachtaí an lucht saothair oilte a theastaíonn uathu a fháil. Agus ní hiontas ar bith é. Teastaíonn roinnt blianta de thaithí oibre i bpoist iontrála, agus níl sé neamhchoitianta riachtanais do PhDanna, roinnt teangacha éagsúla, agus liosta fada deimhnithe do scileanna a d'fhéadfaí a fhoghlaim ar an bpost i gceann cúpla mí. Ina theannta sin, is minic gur ar éigean a chlúdóidh na tuarastail a thairgtear costais mhaireachtála. Agus tá sé seo le haghaidh poist cháilithe, a fháil cheana féin ar an deireadh níos fearr ar an bata.

Is cúis mhór imní é, mar a deir an Coimisiún go minic, breathnú ar dháileadh guaiseach seo an bhéarlagair mar aon le hinsint ina bhfuil an t-iomaíochas go mór chun tosaigh. Dealraíonn sé go dtugtar le fios go bhfuil misean curtha i gcrích cheana féin chun dea-bhail, poist ardcháilíochta agus pá cuibhiúil a áirithiú agus anois is é an t-aon saincheist atá fágtha an bhearna scileanna a dhúnadh. Mar sin féin, is cosúil gur i gcoláiste nua na gcoimisinéirí atá an bhearna sin ann go príomha, gan tuiscint ar an staid reatha, í a chur i bpeirspictíocht, agus réitigh réalaíocha a chur ar fáil. Tá súil againn gur féidir linn teacht ar thograí daingne chun cearta sóisialta agus saothair, an daonlathas agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a neartú, thar na punanna tosaigh agus faoi bhun an dromchla.

Na glúnta a nascadh le chéile: an t-idirphlé, an ceartas agus an dlúthpháirtíocht idirghlúine a chothú

Le Krzysztof Balon, rapóirtéir na tuairime ó CESE - An dlúthpháirtíocht idir na glúnta a chur chun cinn san Eoraip – i dtreo cur chuige cothrománach AE.

Luaitear an méid a leanas sa Chonradh ar an Aontas Eorpach: ‘Cuirfidh (...) an tAontas (...) an dlúthpháirtíocht idir na glúnta chun cinn.’

Read more in all languages

Le Krzysztof Balon, rapóirtéir na tuairime ó CESE - An dlúthpháirtíocht idir na glúnta a chur chun cinn san Eoraip – i dtreo cur chuige cothrománach AE.

Luaitear an méid a leanas sa Chonradh ar an Aontas Eorpach: ‘Cuirfidh (...) an tAontas (...) an dlúthpháirtíocht idir na glúnta chun cinn.’

Mar sin féin, tá an t-aosachas, dearcthaí diúltacha i leith aoisghrúpaí áirithe agus treochtaí déimeagrafacha in éineacht leis an iliomad géarchéimeanna ag deighilt sochaithe na hEorpa agus ag cruthú bacainní ar an gcuimsiú i bhfírinne agus ar an rannpháirtíocht. Ní leis na glúnta níos sine amháin a bhaineann na saincheisteanna sin, beidh tionchar acu freisin ar na glúnta óga atá ann faoi láthair.

Ag an am céanna, an t-idirphlé idirghlúine agus na tionchair dhearfacha a bheidh aige ar an bhforbairt eacnamaíoch, chumhdóidís riachtanais na nglúnta éagsúla ar bhealach inbhuanaithe, rud a neartódh an daonlathas agus an comhtháthú sóisialta. D’oibreodh an t-idirphlé idirghlúine mar chineál idirphlé shibhialta.

Dá bhrí sin, tá cur chuige polaitiúil nua de dhíth orainn anois láithreach maidir leis an dlúthpháirtíocht idirghlúine.

Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach páipéar uaine a fhoilsiú maidir leis an dlúthpháirtíocht idirghlúine. Ba cheart a áireamh leis sin tograí a luaitear sa tuairim ó CESE An dlúthpháirtíocht idir na glúnta a chur chun cinn san Eoraip, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le saol na hoibre, córais phinsin agus seirbhísí sláinte agus cúraim. Iarrtar ar na Ballstáit, dá réir sin, dea-chleachtais a mhalartú sna réimsí sin. D'fhonn tacú leis na hiarrachtaí sin, ba cheart an dlúthpháirtíocht idirghlúine a bhunú mar cheann de chuspóirí rialacháin Chiste Sóisialta na hEorpa 2027-2034.

Tá ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais shonracha a phleanáil agus a chur chun feidhme. Ba cheart do CESE Fóram Dlúthpháirtíochta idirghlúine a bhunú, lena gcuirfí ardán ar fáil chun faisnéis agus taithí a mhalartú agus smaointe nua a fhorbairt i ndlúthchomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Le rannpháirtíocht an Choimisiúin Eorpaigh, d’fhéadfadh an fóram faireachán a dhéanamh freisin ar chur chun feidhme agus ar fhorbairt chur chuige na dlúthpháirtíochta idirghlúine ar fud an Aontais.

Soon in the EESC/Cultural events

Seimineár ‘Connecting EU’ de chuid CESE: Is leas poiblí í an iriseoireacht nach mór don Aontas a chosaint

An 17 agus an 18 Deireadh Fómhair, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a phríomhimeacht cumarsáide bliantúil dar teideal‘Connecting EU’, inar tugadh le chéile oifigigh chumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. An teideal a bhí ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ agus díríodh ann ar staid reatha na meán agus ar an ról atá ag na meáin sa tsochaí. 
Tarraingíodh aird ar an mbrú méadaitheach atá ar iriseoirí mar gheall ar na rialtais agus leasanna príobháideacha a chuireann srian le saoirse na meán. Anuas ar na constaicí coitianta, tá méadú ag teacht anois ar an intleacht shaorga ghiniúnach, rud a chuireann bunchlocha eacnamaíocha na hiriseoireachta i mbaol in ainneoin na dtairbhí a bhaineann léi.

Read more in all languages

An 17 agus an 18 Deireadh Fómhair, thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a phríomhimeacht cumarsáide bliantúil dar teideal‘Connecting EU’, inar tugadh le chéile oifigigh chumarsáide ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. An teideal a bhí ar sheimineár na bliana seo ná ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ agus díríodh ann ar staid reatha na meán agus ar an ról atá ag na meáin sa tsochaí. Tarraingíodh aird ar an mbrú méadaitheach atá ar iriseoirí mar gheall ar na rialtais agus leasanna príobháideacha a chuireann srian le saoirse na meán. Anuas ar na constaicí coitianta, tá méadú ag teacht anois ar an intleacht shaorga ghiniúnach, rud a chuireann bunchlocha eacnamaíocha na hiriseoireachta i mbaol in ainneoin na dtairbhí a bhaineann léi.

Céard í an fhírinne? Le forbairt na hintleachta saorga, tagann an cheist sheanbhunaithe sin chun cinn as an nua, ós rud é go mbaineann an bhréagnuacht, teoiricí comhcheilge agus réimis fhorlámhacha an bonn go córasach ó dhíospóireachtaí atá bunaithe ar fhíricí, ón gcruinneas agus ó mhalartú measúil tuairimí. Is mithid, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na ceisteanna agus ar na freagraí a bhaineann linn go léir’, arsa Uachtarán CESE Oliver Röpke.

Fiche bliain ó shin, is beag duine a d’fhéadfadh a thuar nach léifeadh an chuid is mó againn an nuachtán lenár gcaife ar maidin a thuilleadh in 2024, ach go n-úsáidfimis ár bhfóin chun an nuacht a sheiceáil ar shuíomhanna gréasáin nuachta agus, níos mó ná riamh, ar na meáin shóisialta’, arsa Aurel Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. ‘Ach taobh amuigh de na dúshláin nua, tá na seandhúshláin fós ann. Leanann iriseoirí de bheith ag troid i gcoinne a seannaimhde, lena n-áirítear an chinsireacht, easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán, tearcmhaoiniú agus dlíthe i gcoinne na meán.’

Chuir Ricardo Gutiérrez, Ard-Rúnaí na Cónaidhme Eorpaí Iriseoirí, i bhfios go láidir gur cheart caitheamh le hobair iriseoirí mar ‘sheirbhís phoiblí’ nó mar ‘leas poiblí’ atá faoi bhagairt ag dúshláin eacnamaíocha, ag ciapadh trí imeachtaí breithiúnacha (cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí) agus ag foréigean díreach (maraíodh 14 iriseoir san Aontas ó 2015 i leith).

‘Tá an iriseoireacht ag éirí níos contúirtí ná riamh,’ a d’áitigh Jerzy Pomianowski, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais. Luaigh sé an ghéarleanúint atá á déanamh ar iriseoirí sa Bhealarúis. Dúirt Andrey Gnyot, scannánóir, gníomhaí agus iriseoir ón mBealarúis, a cuireadh faoi bhraighdeanas baile i mBéalgrád agus atá i mbaol an eiseachadta, i dteachtaireacht físe gurb é ‘an rún an fhírinne agus an cuibheas a scriosadh, trí fhorneart brúidiúil’ an bhagairt is tromchúisí atá os comhair na hiriseoireachta. Ar an gcaoi chéanna, thug an t-iriseoir ón mBealarúis Hanna Liubakova, ar gearradh téarma príosúnachta 10 mbliana uirthi in absentia, faoi deara go bhfuil 33 iriseoir i bpríosún sa Bhealarúis, agus go bhféadfadh téarma príosúnachta a ghearradh ar dhuine dá gcláródh an duine sin lena cainéil ar na meáin shóisialta.

Ina heochairóráid Trusted Information in the Age of Generative AI, rinne Alexandra Borchardt, iriseoir sinsearach, comhairleoir neamhspleách, taighdeoir sna meáin agus príomhúdar thuarascáil Aontas Craolacháin na hEorpa maidir le hiriseoireacht iontaofa in aois na hintleachta saorga giniúnaí, ‘maíomh conspóideach’, mar a thug sí air. Chuir sí in iúl go bhfuil ‘an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile toisc go dtagraíonn an iriseoireacht d’fhíricí agus go ríomhann an intleacht shaorga ghiniúnach dóchúlachtaí, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí bunaithe ar fhíricí’. ‘Sin an fáth nach mór na fíricí a sheiceáil,’ a dúirt sí.

Thug Alexandra Borchardt rabhadh do na meáin faoin ‘deighilt dhigiteach’ a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Sa chás sin, ghlacfadh cuid den tsochaí le haois na hintleachta saorga agus chuirfeadh an chuid eile ina coinne. Má theipeann ar na meáin iad féin a chur in oiriúint, chaillfeadh siad an deis an intleacht shaorga a úsáid chun iad féin a nuachóiriú agus chun dul i dteagmháil lena lucht féachana. I measc na ndúshlán a eascraíonn as an intleacht shaorga ghiniúnach nach mór do na meáin aghaidh a thabhairt orthu tá cailliúint infheictheachta d’iriseoirí i samhail ghnó atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus an easpa smachta maidir le hábhar.

D’fhéadfadh sé go gcuirfí ró-ualach ar an bpobal mar gheall ar an iomarca faisnéise ar féidir leis an intleacht shaorga a olltáirgeadh. ‘An mbeidh fonn ar dhaoine óga a bheith ina n-iriseoirí más rud é gur gá dóibh dul in iomaíocht leis an intleacht shaorga?’ a d’fhiafraigh Alexandra Borchardt. (ll)

Gan beann ar dhúnmharú iriseora, ní bheidh ceilt ar an bhfírinne riamh

Bhí Lukáš Diko, stiúrthóir Ionad Imscrúdaithe Ján Kuciak, ar dhuine de na cainteoirí ar an bpainéal maidir le hiriseoireacht iniúchach a bhí ag ‘Connecting EU’ 2024. Labhair Diko linn faoi obair na dtuairisceoirí iniúchacha sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann. Sna laethanta a lean dúnmharú Ján Kuciak, léiríodh tacaíocht do shaoirse an phreasa agus don chomhrac in aghaidh an éillithe. Tá athrú tagtha ar an scéal sin ó shin, áfach, agus muinín ar éigean á cur sna meáin neamhspleácha agus atmaisféar naimhdeach tagtha chun cinn i leith iriseoirí.

Read more in all languages

Bhí Lukáš Diko, stiúrthóir Ionad Imscrúdaithe Ján Kuciak, ar dhuine de na cainteoirí ar an bpainéal maidir le hiriseoireacht iniúchach a bhí ag ‘Connecting EU’ 2024. Labhair Diko linn faoi obair na dtuairisceoirí iniúchacha sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann. Sna laethanta a lean dúnmharú Ján Kuciak, léiríodh tacaíocht do shaoirse an phreasa agus don chomhrac in aghaidh an éillithe. Tá athrú tagtha ar an scéal sin ó shin, áfach, agus muinín ar éigean á cur sna meáin neamhspleácha agus atmaisféar naimhdeach tagtha chun cinn i leith iriseoirí.

1.  B’eachtra a bhain croitheadh ní hamháin as muintir do thíre féin, ach as muintir an Aontais trí chéile é dúnmharú do chomhghleacaí Ján Kuciak, an chéad iriseoir a feallmharaíodh sa tSlóvaic ó bhain an tír neamhspleáchas amach. Cad í an nuacht is déanaí sa chás dlithiúil faoi dhéantóirí na coire?

Tá sé bliana go leith imithe tharainn ó dúnmharaíodh Ján Kuciak agus an bhean a bhí sé le pósadh, Martina Kušnírová, mar gheall ar obair imscrúdaithe Ján. Dá fhad uainn anois é sin, tá an triail fós ar siúl agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh sí tamall eile fós. Go dtí seo, tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar an bhfeallmharfóir, ar a thiománaí agus ar an idirghabhálaí. Tá achomharc déanta, áfach, i gcás thrialacha sin phríomhúdair na coire, an fear gnó Marian Kočner, agus a dhlúthchomhlaigh Alena Zsuzsová. Táthar ag fanacht le cinneadh ina leith sin ón gCúirt Uachtarach. De réir an imscrúdaithe, ba iad an bheirt acu sin a d’ordaigh an dúnmharú. Tá Zsuzsová faighte ciontach agus Kočner faighte neamhchiontach ag an gcúirt chéadchéime. D’fhéadfadh atrial a bheith ann, ach braitheann sé sin ar an gcinneadh atá le teacht. Tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar Kočner agus ar Zsuzsová cheana féin as coireanna eile. Tá súil ghéar á coinneáil againn anseo i Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK) ar an triail mar is é ceann dár bpríomhspriocanna é leagáid Ján a choinneáil beo trí leanúint dá chuid oibre imscrúdaithe.

2. Tar éis an uafáis a bhí ar dhaoine ar dtús agus na hagóidí a tháinig sna sála ar na dúnmharuithe, rud a thug ar an bPríomh-Aire ag an am éirí as a phost, cad, dar leat féin, a d’athraigh sa tuairim phoiblí a lig don Uasal Fico teacht i gcumhacht arís?

Tar éis dhúnmharú Ján agus Martina in 2018, fágadh an tsochaí ar fad trína chéile. Chuaigh na daoine i mbun na n-agóidí is mó a bhí sa tSlóvaic ó bhí Réabhlóid na Veilbhite ann in 1989, nuair a tugadh an ruaig ar an gcumannachas. Mar thoradh ar na hagóidí is déanaí sin, bhí ar an bPríomh-Aire Robert Fico agus ar an Aire Gnóthaí Baile Robert Kaliňák éirí as a bpost. Thacaigh na daoine le hiriseoirí, theastaigh ó gach mac máthar a bheith ina iriseoir iniúchach agus ba mhór i gceist an éillithe do dhaoine. Thapaigh lucht an fhreasúra an deis sin agus d’éirigh leo sa toghchán a bhí ann in 2020, agus clár oibre in aghaidh an éillithe acu. Tamall beag ina dhiaidh sin, áfach, tháinig paindéim COVID-19 ar an bhfód agus na fadhbanna, drochbhainistiú agus rí-rá polaitiúil ar fad a ghabh léi sin. Agus seantaithí ag Robert Fico ina pholaiteoir, tháinig sé i dtír ar na hagóidí in aghaidh na vacsaíní agus d’éirigh leis móiminteam nua a chruthú. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh tús leis an gcogadh san Úcráin, thosaigh sé ag labhairt amach mó sa mhó i bhfabhar na Rúise, rud a chuidigh lena pháirtí, Smer, tacaíocht a fháil ar ais. Is tír í an tSlóvaic atá an-leochaileach i leith bolscaireachta agus foláirimh bhréige. Is fachtóirí iad sin ar fad a chuidigh le Robert Fico agus lena pháirtí na toghcháin in 2023 a bhuachan.

3. Cé chomh dainséarach is atá sé a bheith i d’iriseoir iniúchach sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann? Cad iad na bagairtí nua a gcaithfidh tú dul i ngleic leo i do chuid oibre?

Le blianta beaga anuas, dúnmharaíodh ceathrar iriseoirí iniúchacha i mBallstáit de chuid an Aontais: Daphne Caruana Galizia i Málta in 2017; Ján Kuciak sa tSlóvaic in 2018; Giorgos Karaivaz sa Ghréig in 2021; agus Peter de Vries san Ísiltír in 2021. Tá an iriseoireacht iniúchach tagtha chun bheith ina gairm dhainséarach san Eoraip sa lá atá inniu ann. É sin ráite, tá sé feicthe againn go dtagann an fhírinne chun solais luath nó mall, gan beann ar dhúnmharú iriseora. Sin rud a chonaiceamar sna tíortha sin go léir.

In ainneoin na ndúnmharuithe uafásacha sin, tá ionsaithe ó bhéal nó ionsaithe ar líne ar iriseoirí sa tSlóvaic fós ag dul i méid. Is minic gurb iad na polaiteoirí féin, an príomh-aire san áireamh, a tharraingíonn an ciapadh sin. Níl leisce orthu ach oiread feachtais clúmhillte in aghaidh iriseoirí a spreagadh. Ar ndóigh, bíonn impleachtaí eile ag an atmaisféar naimhdeach sin in aghaidh iriseoirí agus na meán neamhspleách. Tá méadú tagtha le déanaí ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. Tá cás á thabhairt, mar shampla, ag an bPríomh-Aire Fico in éadan phríomheagarthóir Aktuality.sk mar gheall ar a ghrianghraf a úsáid ar chlúdach leabhair. Ar na samplaí is déanaí de sin atá againn, baineadh mí-úsáid as forfheidhmiú an dlí chun imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí. Duine dár gcomhghleacaithe féin ag ICJK a bhí i gceist leis sin. Mar thoradh ar na hionsaithe sin go léir, baintear an bonn de mhuinín an phobail as na meáin neamhspleácha agus cothaítear atmaisféar naimhdeach i leith iriseoirí ar an iomlán. Mar gheall ar an méid sin, tá líon na n-iriseoirí iniúchacha sa tír ag dul i laghad, agus níl fonn ar mhórán daoine óga a bheith ina n-iriseoirí iniúchacha. Rud maith amháin b’fhiú a lua ná an tionscadal Safe.journalism.sk ar chuireamar tús leis anseo in ICJK. Cuireann an tionscadal sin oiliúint ar fáil d’iriseoirí maidir le slándáil phearsanta agus slándáil dhigiteach, chomh maith le cúnamh dlíthiúil agus síceasóisialta d’iriseoirí atá ag dul i ngleic le bagairtí agus ionsaithe.

Is é Lukáš Diko príomheagarthóir agus cathaoirleach Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK). Is iriseoir iniúchach agus ceannaire meán é Lukáš a bhfuil níos mó ná 20 bliain de thaithí aige. D’oibrigh sé mar stiúrthóir nuachta, spóirt agus gnóthaí poiblí ar an gcraoltóir poiblí Slóvacach RTVS. Is comhúdar é Lukáš freisin ar Chód Eitice iriseoirí na Slóvaice a glacadh in 2011.

Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht – Sármhaitheas iriseoireachta a spreagadh

Eagraíodh an seimineár ‘Connecting EU 2024’le tacaíocht ó Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Is í Parlaimint na hEorpa a bhronann an duais i mí Dheireadh Fómhair gach bliain agus aithnítear léi iriseoireacht mhisniúil iniúchach. Gheofar thíos tuilleadh eolais faoin duais agus searmanas bronnta 2024 a bheidh ar siúl an 23 Deireadh Fómhair!

Read more in all languages

Eagraíodh an seimineár ‘Connecting EU 2024’le tacaíocht ó Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Is í Parlaimint na hEorpa a bhronann an duais i mí Dheireadh Fómhair gach bliain agus aithnítear léi iriseoireacht mhisniúil iniúchach. Gheofar thíos tuilleadh eolais faoin duais agus searmanas bronnta 2024 a bheidh ar siúl an 23 Deireadh Fómhair!

Sracfhéachaint

Seoladh Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht in 2021 mar chomhartha ómóis don iriseoir/blagálaí as Málta a feallmharaíodh in 2017. Bronntar í ar bhonn bliantúil ar shárobair iriseoireachta a léiríonn croíphrionsabail agus croíluachanna an Aontais Eorpaigh, amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine.

Fógrófar buaiteoir 2024 sa Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl ag 6.00 p.m. an 23 Deireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg. Féach ar an imeacht beo anseo. Roghnaigh giúiré neamhspleách uile-Eorpach, ar a raibh iriseoirí agus saineolaithe cumarsáide, 13 chraobhiomaitheoir.

Cuirfidh Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pina Picierno (atá freagrach as an duais) fáilte roimh na rannpháirtithe agus tabharfaidh sí cead cainte d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le gur féidir léi ráiteas tosaigh a dhéanamh. Tabharfaidh ball den ghiúiré forléargas ansin ar an duais agus, ina dhiaidh sin, tabharfaidh ionadaí thar cheann bhuaiteoirí na bliana seo caite an trófaí don bhuaiteoir.

Ag breathnú siar

Bronnadh an chéad duais riamh ar ‘The Pegasus Project’, arna chomhordú ag an gcuibhreannas Forbidden Stories. Bronnadh an duais ar Clément Di Roma agus Carol Valadein 2022 as an gclár faisnéise ar ‘The Central African Republic under Russian Influence’. In 2023, bronnadh an duais ar an imscrúdú comhpháirteach maidir le Pylos migrant boat shipreck – lehionad imscrúdaitheach na Gréige, Solomon, i gcomhar le Forensis, craoltóir poiblí na Gearmáine, StrgF/ARD, agus an nuachtán Briotanach, The Guardian.

Seimineár preasa

Roimh an searmanas bronnta, reáchtálfaidh Aonad Seirbhísí na Meán i bParlaimint na hEorpa seimineár preasa maidir le ‘Saoirse na Meán a Chosaint’ (23 Deireadh Fómhair, 3.00 p.m.). Táthar ag súil go mbeidh thart ar 65 iriseoir i láthair a ghlacfaidh páirt in óráidí agus i bpléití géarchúiseacha agus beidh Matthew Caruana Galizia, iriseoir agus mac Daphne Caruana Galizia, ann freisin.

Beidh teistiméireachtaí ó iriseoirí a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar bhagairtí san obair mar chuid den chlár. Duine de na hiriseoirí sin is ea Stefania Battistini, iriseoir Iodálach a cuireadh le liosta na Rúise de na daoine a bhfuiltear sa tóir orthu le déanaí tar éis di tuairisc a thabhairt ar an gcogadh. Déanfar sruthú gréasáin ar an seimineár anseo.

Tionscnamh Hannah Arendt in aois a dhá bhliana: Iriseoirí i réigiúin ghéarchéime agus ar deoraíocht a chosaint

Ar cheann de na cláir a cuireadh i láthair i seimineár ‘Connecting EU’ 2024 a bhí dírithe ar an iriseoireacht, bhí Tionscnamh Hannah Arendt. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh líonra d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a chuireann idir thacaíocht agus chosaint ar fáil d’iriseoirí a bhíonn ag obair faoi bhrú millteanach agus atá faoi réir cinsireachta, ciapadh agus géarleanúna. Clár cosanta atá ann a mhaoiníonn Rialtas Cónaidhme na Gearmáine. Cuireann an tionscnamh tacaíocht luachmhar den uile shórt ar fáil d’iriseoirí ar fud an domhain – ón Afganastáin agus ón tSúdáin go dtí an Rúis agus an Úcráin – bídís ina dtíortha dúchais nó ar deoraíocht.

Read more in all languages

Ar cheann de na cláir a cuireadh i láthair i seimineár ‘Connecting EU’ 2024 a bhí dírithe ar an iriseoireacht, bhí Tionscnamh Hannah Arendt. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh líonra d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a chuireann idir thacaíocht agus chosaint ar fáil d’iriseoirí a bhíonn ag obair faoi bhrú millteanach agus atá faoi réir cinsireachta, ciapadh agus géarleanúna. Clár cosanta atá ann a mhaoiníonn Rialtas Cónaidhme na Gearmáine. Cuireann an tionscnamh tacaíocht luachmhar den uile shórt ar fáil d’iriseoirí ar fud an domhain – ón Afganastáin agus ón tSúdáin go dtí an Rúis agus an Úcráin – bídís ina dtíortha dúchais nó ar deoraíocht.

Nuair a chuirtear guthanna criticiúla ina dtost, nuair a chuirtear iriseoirí i bpríosún agus nuair a dhéantar eagraíochtaí iomlána na meán a dhúnadh síos, fágtar an pobal gan rochtain ar fhaisnéis neamhspleách. Gan fianaise den sórt sin, ní bhíonn daoine in ann tuairimí dá gcuid féin a fhorbairt ná ní bhíonn córais dhaonlathacha in ann feidhmiú.

Agus dhá bhliain imithe thart ó sheol Rialtas Cónaidhme na Gearmáine Tionscnamh Hannah Arendt, níl feabhas tagtha ar na cúrsaí sin go fóill, nó is measa fós iad fiú. Léiríonn an tInnéacs Domhanda is déanaí de Shaoirse an Phreasa a tharraing na Tuairisceoirí gan Teorainneacha (RSF) anuas go bhfuil na dálaí do ghairmithe sna meáin tar éis dul in olcas ar fud an domhain. Ní raibh a oiread céanna tíortha sa chatagóir íochtair le breis agus deich mbliana anuas agus atá anois (36 san iomlán). Déantar cur síos ar staid na dtíortha sa chatagóir úd mar bheith ‘an-tromchúiseach’. Faigheann iriseoirí ó roinnt tíortha sa chatagóir sin, ina bhfuil an Rúis, an Afganastáin agus an tSúdáin mar shampla, tacaíocht ó thionscadail le heagraíochtaí comhpháirtíochta Thionscnamh Hannah Arendt.

A bhuí le Tionscnamh Hannah Arendt – clár cosanta a mhaoiníonn Oifig Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Coimisinéir Rialtas Cónaidhme na Gearmáine do Chultúr agus do na Meáin – cuirtear a lán tacaíochtaí éagsúla ar fáil do lucht oibrithe na meán, bídís ina dtír dhúchais nó ar deoraíocht. Tarlaíonn sé in amanna gur féidir lámh chúnta a thabhairt fiú nuair a ceapadh ar dtús nach bhféadfaí rud ar bith a dhéanamh. Mar shampla, tá tionscadal ann faoin tionscnamh a chuireann tacaíocht ar fáil d’iriseoirí ban san Afganastáin, cuir i gcás oiliúint sábháilteachta, scoláireachtaí agus meantóireacht teanga dúchais. Tá líon suntasach ban ann a bhí ag obair sna meáin a chaill an post a bhí acu ó tháinig an Talaban i gcumhacht in 2021. Is ar éigean atá aon bhean ag obair ar an raidió nó ar an teilifís sa lá atá inniu ann mar gheall air sin. Go deimhin, ó tharla an méid sin ar fad, tá crapadh suntasach tagtha ar an earnáil trí chéile.

Is féidir le lucht oibrithe na meán ón Rúis agus ón tSúdáin tacaíocht a fháil faoi Thionscnamh Hannah Arendt i dtíortha comharsanachta. Tá lárionaid speisialta curtha ar bun atá mar phointí teagmhála d’oibrithe na meán atá ar deoraíocht. Eagraíonn comhpháirtithe an tionscnaimh na lárionaid sin nó tacaíonn siad leo. Is spásanna sábháilte iad na moil sin d’oibrithe na meán atá ar deoraíocht chomh maith le Casa para el Periodismo Libre (.i. spás d’iriseoirí ar deoraíocht) i Meiriceá Láir ina gcuirtear comhairle shíceolaíoch agus dhlíthiúil ar fáil. Ní hamháin sin ach cuirtear oiliúint bhreise ar fáil sna moil sin agus is túsphointe maith chun líonraithe iad do lucht sin na meán a ndéantar géarleanúint orthu ina dtíortha dúchais ar chúiseanna éagsúla.

Cur chuige eile a leantar faoi Thionscnamh Hannah Arendt is ea struchtúir eagarthóireachta inbhuanaithe a atógáil agus na hoibrithe sin ar deoraíocht. An sprioc atá aige sin ar fad ná a chinntiú gur féidir le daoine i dtíortha ollsmachtacha dúchais na n-iriseoirí faisnéis neamhspleách a fháil i gcónaí.

Ní d’iriseoirí ón Afganastáin, ón Rúis agus ón tSúdáin amháin a thugtar tacaíocht. Tá an tionscnamh gníomhaíoch ar fud an domhain agus tá sé solúbtha a dhóthain le freagairt do chásanna slándála atá ag dul in olcas. Is d’oibrithe na meán ón mBealarúis, Mheiriceá Láir, Maenmar, an Afraic Thuaidh agus an Úcráin atá tacaíocht á tabhairt den chuid is mó faoi láthair. Is cás speisialta í an Úcráin mar is é sprioc obair sin an tionscadail a chinntiú go leanfar den tuairisciú ar an gcogadh leanúnach. Teastaíonn cúnamh ábhartha agus teicniúil chuige sin, i dteannta le hoiliúint agus árachas sonrach le haghaidh oibríochtaí ar an líne thosaigh.

Tá na ceithre eagraíocht seo a leanas ón tsochaí shibhialta ina gcomhpháirtithe de Thionscnamh Hannah Arendt: DW Akademie, Ciste na hEorpa d’Iriseoirí ar Deoraíocht (JX-Fund), Na Meáin i gComhar agus i mbun Aistriú (MiCT), agus an Lárionad Eorpach um Shaoirse an Phreasa agus na Meán (ECPMF) Caithfidh an clár a bheith saor ó rialú stáit. Teastaíonn neodracht stáit uaidh freisin. Is ar bhonn critéir neamhchlaonta amháin a dheonaítear maoiniú, agus is giúiréithe neamhspleácha atá saor ó thionchar an stáit a dhéanann a cinneadh maoiniú a dheonú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://hannah-arendt-initiative.de/hannah-arendt-initiative-english/ nó is féidir scríobh chuig info@hannah-arendt-initiative.de.

Is líonra é Tionscnamh Hannah Arendt chun iriseoirí agus na meáin ar fud an domhain a chosaint. Bunaíodh é in 2022 ar thionscnamh Oifig Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Coimisinéir Rialtas Cónaidhme na Gearmáine do Chultúr agus do na Meáin. 

Cúrsaí éagsúlachta sna meáin: an fíor a rá go dtugtar aird orainn ar fad?

Is féidir le hiriseoirí faoi mhíchumas a bpost a dhéanamh chomh maith céanna agus is féidir leo peirspictíochtaí éagsúla agus úra a thabhairt. Cén fáth más ea a bhfuil a laghad sin díobh ag obair sna meáin? Alt le Lars Bosselmann ó Aontas na nDall Eorpach faoin easpa daoine faoi mhíchumas i dtionscal na meán agus an gá atá le stop a chur leis an léiriú steiréitipiciúil a dhéantar orthu sa nuacht.

Read more in all languages

Is féidir le hiriseoirí faoi mhíchumas a bpost a dhéanamh chomh maith céanna agus is féidir leo peirspictíochtaí éagsúla agus úra a thabhairt. Cén fáth más ea a bhfuil a laghad sin díobh ag obair sna meáin? Alt le Lars Bosselmann ó Aontas na nDall Eorpach faoin easpa daoine faoi mhíchumas i dtionscal na meán agus an gá atá le stop a chur leis an léiriú steiréitipiciúil a dhéantar orthu sa nuacht.

Tá gach daonlathas bunaithe ar prionsabail phríomha, agus tá saoirse an phreasa ar cheann de na cinn is tábhachtaí díobh. Cuidíonn an tsaoirse sin lena chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí na gceannairí polaitiúla trédhearcach don phobal. Cuireann sé ar ár gcumas freisin rochtain a fháil ar fhaisnéis gan cur isteach orainn ón taobh amuigh.

Mar sin féin, tá gnéithe ann fós de chleachtas na meán a chaithfear a fheabhsú, go háirithe maidir leis an éagsúlacht. Maidir le hionadaíocht sna meáin nó clúdach ábhar a bhaineann le grúpaí sóisialta éagsúla, táimid fós i bhfad ó bheith comhionann.

Léirítear sna figiúirí reatha nach ndéantar ionadaíocht shásúil ar dhaoine faoi mhíchumas ar fhoireann na nuachtán, na stáisiún raidió agus na gcraoltóirí teilifíse. Cúis mhór imní sin nó tá suas le 16 % de dhaonra an domhain faoi mhíchumas de chineál éigin. Thairis sin, mar a cuireadh i bhfios go láidir i dtuarascáil ó UNESCO, is minic a dhéantar dochar do dhaoine faoi mhíchumas mar gheall ar léirithe steiréitipiciúla ar ár bpobail sna meáin, os comhair lucht féachana ar fud an domhain.

Chun dearcadh an phobail ar dhaoine faoi mhíchumas a athrú, ní mór dúinn béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé iad a bheith gníómhach sna seomraí nuachta agus i bpróisis cruthaithe ábhair.

Ní mór don tsochaí a thuiscint nach mbeidh tionscal na meán go hiomlán cuimsitheach go dtí go mbeidh daoine faoi mhíchumas mar chuid de na sreafaí oibre. Ina theannta sin, ní mór ábhair a bhaineann le míchumas a chumhdach le cur chuige eile: ba cheart d’eagraíochtaí na meán a aithint gur daoine aonair iad daoine faoi mhíchumas, daoine maille le cearta ar aon bhonn le daoine eile. Thairis sin, de réir mar a bhíonn formáidí an ábhair ag síorathrú leo, teastaíonn saineolaithe uainn chun na formáidí sin a dhearadh ionas go mbeidh siad inrochtana agus cuimsitheach. 

Ainneoin go bhfuil easpa daoinel faoi mhíchumas i dtionscal na meán, is féidir linn samplaí an-inspioráideach a fháil fós a léiríonn gur féidir le daoine faoi mhíchumas barr feabhais a bhaint amach mar chruthaitheoirí ábhair.

Le déanaí, i sraith podchraoltaí, chraol Cumann na nDall san Eoraip mír dár fócas Cluichí Parailimpeacha Pháras 2024. Sa chlár sin, labhair muid le Laetitia Bernard, iriseoir dall Francach atá ag obair do Radio France. Seachas Parailimpigh na bliana seo, bhí eagráin 2012 agus 2016 i Londain agus in Rio clúdaithe cheana féin ag Laetitia Bernard. Chomh maith leis sin, chlúdaigh sí Cluichí Parailimpeacha Geimhridh Sochi 2014 agus PyeongChang 2018.

‘Tá tionchar dearfach ag imeachtaí ar nós na gCluichí Para-Oilimpeacha ar bhacainní a bhaint anuas agus ar steiréitíopaí a cheistiú,’ arsa Bernard le linn an agallaimh. ‘Fiú má tá iriseoir faoi mhíchumas, is féidir leis nó léi obair go héifeachtúil agus fiú cur síos ar leith a dhéanamh ar chúrsaí,’ ar sí. Is éard is léir dúinn ó aistear gairmiúil Bernard, chomh maith lena machnamh ar an ábhar seo, gur gá aghaidh a thabhairt ar an ngné sin freisin chun sochaí níos cuimsithí a thógáil: Ní mór an comhionannas a bheith i gcroílár thionscal na meán.

Is é Lars Bosselmann Stiúrthóir Feidhmiúcháin Aontas Eorpach na nDall (EBU).

Editors

Ewa Haczyk-Plumley (editor-in-chief)
Laura Lui (ll)

Contributors to this issue

Christian Weger (cw)
Daniela Vincenti (dv)
Erika Paulinova (ep)
Ewa Haczyk-Plumley (ehp)
Giorgia Battiato (gb)
Jasmin Kloetzing (jk)
Katerina Serifi (ks)
Laura Lui (ll)
Marco Pezzani (mp)
Margarita Gavanas (mg)
Margarida Reis (mr)
Millie Tsoumani (mt)
Pablo Ribera Paya (prp)
Simran Grewal (sg)
Thomas Kersten (tk)

Coordination

Agata Berdys (ab)
Giorgia Battiato (gb)

 

 

Address

European Economic and Social Committee
Jacques Delors Building,
99 Rue Belliard,
B-1040 Brussels, Belgium
Tel. (+32 2) 546.94.76
Email: eescinfo@eesc.europa.eu

EESC info is published nine times a year during EESC plenary sessions. EESC info is available in 24 languages
EESC info is not an official record of the EESC’s proceedings; for this, please refer to the Official Journal of the European Union or to the Committee’s other publications.
Reproduction permitted if EESC info is mentioned as the source and a link  is sent to the editor.
 

October 2024
08/2024

Follow us

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • Instagram