Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá. Ní mór don Aontas gníomhú anois chun na heagraíochtaí sin agus an daonlathas a chosaint. Ag an díospóireacht iomlánach a bhí aige ar Lá Idirnáisiúnta na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) teachtaireacht shoiléir in iúl: tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta i gcosaint an daonlathais. Agus ciorruithe cistiúcháin ag bagairt orthu, ní mór don Aontas gníomhú láithreach bonn chun iad a chosaint agus chun tacú leo.

An 27 Feabhra, bhí díospóireacht ag CESE dar teideal An tAontas Eorpach agus an tSochaí Shibhialta: an Daonlathas agus an Rannpháirtíocht a neartú, lenar tugadh deis d’ionadaithe agus do shaineolaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa plé agus meastóireacht a dhéanamh ar ról na n-eagraíochtaí sin sa réimse ríthábhachtach seo.

Chuir Raquel García Hermida-Van Der Walle, Feisire ó Renew Europe, in iúl gur minic a rannchuidíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta le srianta agus ceartúcháin. Cuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta modhanna éagsúla idirghníomhaíochta sóisialta ar fáil freisin, rud a d’fhéadfadh teacht in ionad seirbhísí rialtais a d’fhéadfadh a bheith in easnamh. Mar thoradh air sin, is iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta na chéad eagraíochtaí ar díríodh orthu, toisc gur féidir leo a bheith míchaoithiúil ó thaobh na polaitíochta de do roinnt rialtas.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nicholas Aiossa, Stiúrthóir Transparency International Europe: ‘Tá feachtas polaitiúil eagraithe ar bun i bParlaimint na hEorpa chun míchlú a tharraingt ar ról agus ar fheidhm eagraíochtaí na sochaí sibhialta, iad a dhíchistiú agus cur isteach orthu. Níor aimsíodh aon fhianaise ar neamhrialtachtaí airgeadais.’

I mí Eanáir, chuir Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) i bParlaimint na hEorpa, páirtí atá ar dheis ón lár, i leith eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus aeráide go raibh siad á maoiniú ag an gCoimisiún Eorpach chun stocaireacht a dhéanamh ar an bParlaimint, ar institiúidí eile de chuid an aontais agus ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, rud a spreag racht feirge i measc eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa.

Ní rud nua é an cáineadh a dhéantar ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ach tá méadú tagtha ar na hionsaithe le déanaí mar gheall ar an mbréagnuacht agus ar an mífhaisnéis. Mar a dúirt Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE, is oscailt súl atá ann d’eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta gur gá dóibh seasamh le chéile agus athrú a dhéanamh. ‘Ba cheart na daoine a chur ar an eolas go mbraitheann an chuid is mó d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar obair dheonach. Níl airgead na gcáiníocóirí á chur amú againn.’

D’iarr na rannpháirtithe ar an gCoimisiún Eorpach freisin labhairt amach ar bhealach níos láidre faoin ábhar sin, agus mhol siad roinnt réiteach chun ról na n-eagraíochtaí sin a threisiú.

Dúirt Raquel García Hermida-Van Der Walle go n-iarrfadh sí go ndéanfaí ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta a aithint agus a neartú níos mó sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta agus sa chóras coinníollachta mar choinníoll cumasúcháin.

Dúirt Michał Wawrykiewicz, Feisire ó PPE, gurbh é a mhisean feasacht a mhúscailt faoi na hábhair ríthábhachtacha seo laistigh dá ghrúpa. Pointe eile a tharraing sé anuas ná gur gá cinnteoirí a chur ar an eolas gur eagraíochtaí iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a fheidhmíonn ar an láthair agus a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha a mbíonn tionchar díreach acu ar shaol na ndaoine.

D’fhormhuinigh Uachtarán CESE, Oliver Röpke, seasaimh ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne na n-iarrachtaí atá á ndéanamh chun na heagraíochtaí sin a dhídhlisteanú nó chun srian a chur ar an rochtain atá acu ar acmhainní atá riachtanach don rannpháirtíocht dhaonlathach. Mar gheall ar shrianta cistiúcháin agus brúnna polaitiúla atá ag dul i méid, is léir go dteastaíonn tacaíocht níos láidre agus níos intuartha ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun leanúint dá gcuid oibre ríthábhachtaí.’ (at)