European Economic
and Social Committee
Ní beag na dúshláin atá romhainn, ach ní beag cumhacht na sochaí sibhialta ach oiread
Bhí os cionn 800 rannpháirtí a ghlac páirt i Seachtain na Sochaí Sibhialta, ina measc sin rannpháirtithe ó eagraíochtaí saoránach agus páirtithe leasmhara éagsúla ó gach cearn den Eoraip, ó eagraíochtaí óige go heagraíochtaí neamhrialtasacha, iriseoirí agus tuilleadh eile nach iad. Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an t-imeacht ar siúl an 17-20 Márta 2025. Bhí seisiún tosaigh an imeachta tiomanta don spás sibhialta a chosaint trí dhul i muinín an dlí. I rith an tseisiúin, athdhearbhaíodh an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta: lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais, athmhuintearas a chothú, tacú le hathléimneacht shóisialta agus ardán a thabhairt dóibh siúd a ndéantar neamhaird orthu go rómhinic.
Ba é téama eagrán 2025 de Sheachtain na Sochaí Sibhialta An comhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí atá scoilte go mór. Bhí trí mhórthionscnamh i gceist leis an tSeachtain i mbliana: Grúpaí Idirchaidrimh CESE, an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus Duais na Sochaí Sibhialta. Bhí sé d’aidhm ag an imeacht:
- aghaidh a thabhairt ar an scoilteadh méadaitheach a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais, ar an athrú aeráide agus ar na neamhionannais ioncaim atá ag dul in olcas;
- béim a leagan ar an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag an tsochaí shibhialta sa chomhthéacs sin;
- réitigh agus éilimh na sochaí sibhialta ar lucht ceaptha beartas an Aontais a bhailiú chun cuidiú leis an scoilteadh san Eoraip a réiteach tríd an gcomhtháthú sóisialta agus an rannpháirtíocht dhaonlathach i bpríomhréimsí don tsochaí a threisiú.
Ag tús an tseisiúin, thug Uachtarán CESE, Oliver Röpke, óráid inar chuir sé i bhfáth nach mór don tsochaí shibhialta a bheith inchurtha leis an dúshlán atá roimhe, ‘Ní hé gur idéil iad an rannpháirtíocht, an t-idirphlé agus an dlúthpháirtíocht agus sin a bhfuil. Is iad is bonn le hEoraip athléimneach aontaithe. Agus muid tagtha le chéile le haghaidh Sheachtain na Sochaí Sibhialta, athdhearbhaímid go bhfuilimid tiomanta don chuimsiú agus don tsaoránacht ghníomhach. Braitheann daonlathas láidir ní hamháin ar institiúidí, ach ar rannpháirtíocht a muintire uile leis.’
Thug Albena Azmanova, Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil agus Shóisialta in City Saint George’s, University of London, eochairaitheasc inar labhair sí faoin éiginnteacht eacnamaíoch atá ag dul i méid i gcás fhormhór na ndaoine. Chuaigh sí chomh fada le rá gur ‘eipidéim na héiginnteachta’ atá ann. Mhínigh sí cén fáth gurb í an tsochaí shibhialta is féidir an tsáinn a fhuascailt tráth a bhíonn éiginnteacht ollmhór ann.
‘Níl de thoil ag an gcuid is mó de dhaoine dul ag troid toisc iad a bheith thíos le héiginnteacht ollmhór airgeadais. Ach tá an toil sin ag an tsochaí shibhialta. Tá cuspóir ag gníomhaithe na sochaí sibhialta a spreagann chun gnímh iad: cur i gcoinne na héagóra. Is iad cosa agus airm infheicthe an daonlathais iad,’ arsa Azmanova.
Mar a dúirt Younous Omarjee, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ‘Tá an tsochaí shibhialta ag teastáil uainn chun na saoránaigh a thabhairt le chéile, go háirithe na laethanta seo agus méadú ag teacht ar an indibhidiúlachas, agus chun cur i gcoinne na smaointe atá i bhfad amach ar an eite dheis atá ag scaipeadh.’
Tharraing Adriana Porowska, Aire Sochaí Sibhialta le hUachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, aird ar an ról ríthábhachtach a bhí ag eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le hathléimneacht shóisialta a thógáil agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus iargúlta. Labhair sí freisin faoi shampla na sochaí sibhialta sa Pholainn, a bhfuil an athléimneacht náisiúnta á cinntiú aici sa tír.
Chuir Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE le líonraí Eorpacha na sochaí sibhialta, i bhfios go láidir go gcothaítear aontacht san éagsúlacht ar leibhéal an phobail, is é sin mantra an Aontais agus tá sé bródúil as. Mar sin féin, luaigh Xhomaqi go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi ionsaí, agus go bhfuil amhras ann faoina maoiniú agus faoina ról. ‘Gan acmhainní, ní féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta feidhmiú. Caithfidh na hinstitiúidí an tsochaí shibhialta a chosaint; teastaíonn cosaint dhlíthiúil uainn don spás sibhialta chun ár tsochaí a choinneáil le chéile agus aontaithe san éagsúlacht.’