Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí na Bealtaine, pléadh an méid a foghlaimíodh ó mhéadú an Aontais in 2004. I bhfianaise na gcúinsí reatha geopholaitiúla agus slándála atá ann, is práinní fós don Eoraip méadú eile a dhéanamh. 

Ag an díospóireacht iomlánach a bhí ag CESE faoin méadú mór a bhí ann in 2004, bhí áthas ar CESE cloisteáil ó roinnt daoine a raibh ról suntasach acu sa phróiseas caibidlíochta. Ina measc sin, bhí Jarosław Pietras, iar-Státrúnaí de chuid na Polainne a raibh Aontachas leis an Aontas Eorpach de chúram air, László Andor ón Ungáir, arb é is Ardrúnaí na Fondúireachta um an Staidéar Forásach Eorpach, agus Štefan Füle ón tSeicia, arb é is iarChoimisinéir um Méadú agus Cathaoirleach an Tascfhórsa um Méadú an Aontais. 

Le linn an phlé, chuir na rannpháirtithe i bhfios go láidir gur gá don Aontas – nach le fada a bhfuil méadú curtha ar ais ar an gclár oibre aige – treochlár soiléir i dtreo aontachais a leagan síos do na tíortha is iarrthóirí. Tá an baol ann, má fhágtar ar leac an dorais ar feadh i bhfad eile iad, nach mbeidh an próiseas um méadú creidiúnach a thuilleadh. 

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Ní hamháin gur cloch mhíle shuntasach an ceiliúradh seo 20 bliain, ach léiríonn sé freisin go mbíonn toradh fós ar phróiseas méadaithe an Aontais, agus níos mó tíortha ann ag iarraidh teacht isteach’. 

Seo a bhí le rá ag an Uasal Pietras: ‘Is próiseas claochlaithe dhá threo é an méadú, próiseas a ngabhann buntáistí leis ní hamháin do na tíortha is iarrthóirí, ach do Bhallstáit an Aontais chomh maith’. 

Chuir an tUasal Füle i bhfáth, ar cathaoirleach anois é ar an Tascfhorsa um Méadú an Aontais in Ionad Beartais na hEorpa, ‘gur gá dúinn na tíortha is iarrthóirí agus Ballstáit an Aontais araon a ullmhú do rabharta nua méaduithe’. 

Labhair an Dr Tinatin Akhvlediani, comhalta taighde den Aonad um Beartas Eachtrach an Aontais Eorpaigh, an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), faoi phríomhspreagadh an mhéadaithe in 2004. Leag sé béim go háirithe ar na príomhghnéithe eacnamaíocha a bhaineann le méadú, á chur san áireamh nach raibh cúinsí airgeadais na dtíortha is iarrthóirí ag an am sin thar mholadh beirte. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, is ar chúiseanna slándála is mó is gá méadú a dhéanamh. 

Dar leis an Uasal Andor, bhí an smacht reachta ar cheann de na laigí is mó a bhain leis an méadú in 2004, toisc nár éirigh leis an Aontas na huirlisí cearta a chruthú chun aghaidh a thabhairt air sin. Is mar gheall air sin a rinneadh coinníollacht an smachta reachta a chruthú le deireanas. 

I mí Mheán Fómhair, beidh Seisiún Iomlánach na Sochaí Sibhialta maidir le Méadú ann in CESE. Tá iarrtha ag CESE, den chéad uair riamh, ar gach comhalta as na tíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh sa Seisiún Iomlánach sin.