Le Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

D’ainneoin go bhfuil an tAontas níos saibhre ná an chuid is mó den domhan, tá na milliúin leanbh fós ag brath ar an scoil chun bia a thabhairt dóibh ar bhonn laethúil. Go deimhin, tá méadú ag teacht ar líon na mBallstát a thugann bia do leanaí le linn laethanta saoire scoile. Tuigtear ón méid sin amháin go bhfuil an bhochtaineacht fós ann ar an leibhéal is bunúsaí agus go bhfuil sí ag dul in airde freisin agus nach mór don Choimisiún Eorpach nuacheaptha dul i ngleic leis an bhfadhb sin ar bhealach láidir agus diongbháilte.

Is gruama é staidreamh bochtaineachta na hEorpa. Tá thart ar 21 % de dhaonra an Aontais i mbaol bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta (de réir shonraí ó Eurostat le haghaidh 2023) agus tá baol ann go dtitfidh thart ar 25 % de leanaí i sáinn na bochtaineachta (de réir shonraí ó Eurostat le haghaidh 2023). D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhadhb ní ba mheasa fós gan na tionscnaimh Eorpacha atá i bhfeidhm faoi láthair chun athrú a spreagadh, ach caithfear a admháil nach leor iad ach an oiread. Sin an fáth gur údar sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go mbeidh an Coimisiún ag obair ar straitéis AE i gcoinne na bochtaineachta lena dtabharfar aghaidh ar bhunchúiseanna na bochtaineachta le linn théarma oifige 2024-2029. Tá CESE, agus mo ghrúpa féin go háirithe, ag iarraidh straitéis den sórt sin le fada an lá.

Faraor, ní ‘ganntanas’ acmhainní bunúsacha amháin a bhíonn de dhíth ar theaghlaigh ar bhonn laethúil. Is í an bhochtaineacht an toradh ar shraith cúinsí fadtéarmacha atá fite fuaite le díothacht fhadtéarmach. Tá nasc idir an díothacht sin agus córais pholaitiúla, lena ndéantar neamhaird ar dhéimeagrafaic áirithe sa chás is fearr agus lena ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh sa chás is measa.

Maidir leis na réitigh a bheidh againn ar an bhfadhb amach anseo, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna doimhne stairiúla a bhaineann leis an mbochtaineacht. Ciallaíonn sé sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar gach céim de shaol daoine, ón mbreith go an bás. Is amhlaidh an cás maidir le soláthar tithíochta, saincheist atá ag éirí chun bheith ar cheann de na fadhbanna is tromchúisí atá roimh shochaithe na hEorpa. Sin an fáth ar choimisiúnaigh CESE, arna iarraidh sin do mo ghrúpa féin, staidéar ar thithíocht inbhuanaithe inacmhainne san Aontas Eorpach. Cuireadh an staidéar sin i láthair ag ár gcomhdháil an 21 Samhain inar díríodh ar na daoine is leochailí san Eoraip a chosaint trí thithíocht inbhuanaithe agus inacmhainne a sholáthar dóibh. Leis an gcomhdháil sin, léiríomar go bhfuil tithíocht inacmhainne ar cheann de na príomhuirlisí chun an bhochtaineacht a chomhrac.

Tá áthas orainn go mbeidh Coimisinéir atá freagrach as fuinneamh agus tithíocht san áireamh sa Choimisiún Eorpach nua, rud a chabhróidh leis an mbochtaineacht a dhíothú. Is cúis imní é, áfach, go bhféachann formhór na bpolaiteoirí fós ar dhíothú na bochtaineachta mar fhadhb atá le réiteach ag buiséid mhóra atá faoi bhainistíocht mhaorlathach. Ní bheidh tionchar ag na hacmhainní atá againne ar na daoine a ndéantar difear dóibh ach amháin má athraíonn na polaiteoirí an meon sin. Is saincheist thrasearnála í an bhochtaineacht agus ní mór do na Coimisinéirí Eorpacha nua um fhuinneamh agus tithíocht, um an gcomhionannas, um an gcomhtháthú agus um athchóirithe agus um an aistriú cóir freagracht a ghlacadh as an athrú sin a chur chun cinn mar ábhar práinne.