Uair sna cúig bliana, caitheann saoránaigh na hEorpa vóta chun a gcuid ionadaithe a thoghadh i bParlaimint na hEorpa, an t-aon institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a dtoghtar na hionadaithe ann ar an modh díreach. In 2024, beidh 720 comhalta nuathofa sa deichiú parlaimint. Le linn an téarma cúig bliana, beidh ról cinntitheach acu i múnlú na hEorpa gona hinstitiúidí agus gona cuid beartas, i múnlú an róil atá aici i saol an domhain mhóir maille le gach deighilt dá bhfuil ann faoi láthair, agus i múnlú na dtiomantas atá aici do na luachanna coiteanna.

Tá tábhacht dá chuid féin le gach uile thoghchán. Ag seo tús an daonlathais. Is maith is eol dúinn gur mó atá i gceist leis an daonlathas ná toghcháin. Tá samplaí ann de rialtais a thoghtar go daonlathach a chleachtann an daonlathas ach a bhaineann cor as an smacht reachta. Na toghcháin a bheith cóir agus cead vótála a bheith ag cách, ní leor sin le rath a chur ar an daonlathas, agus tá fachtóirí eile le cur san áireamh i múnlú an daonlathais. Sin é an fáth ar cheart do na vótálaithe a bheith rannpháirteach go gníomhach sna toghcháin.

Le cúig bliana anuas, bhí dúshlán éagsúla le sárú ag an Aontas Eorpach, dúshláin a bhfuil beatha an Aontais ag brath orthu a bheag nó a mhór. B’éigean déileáil le Brexit agus leis na hiarmhairtí a bhí leis. Ina dhiaidh sin bhí paindéim COVID ann, sin agus an t-ionradh brúidiúil mídhaonna a rinne an Rúis ar an Úcráin, mar aon leis dúshláin eacnamaíocha a tháinig sna sála air, ina measc sin an ghéarchéim fuinnimh agus leibhéil arda bhoilscithe. Tháinig sin aniar aduaidh orainn, ach chuamar i ngleic leis de réir mar a bhí ár gcuid príomhchuspóirí straitéiseacha á saothrú againn, is é sin an t-aistriú dúbailte chuig geilleagar glas a bheas iomaíoch sa saol digiteach. De bharr an timpeallacht gheopholaitiúil a bheith ag athrú, chuir an tAontas gona chomhpháirtithe daonlathacha smachtbhannaí móra eagsúla ar an Rúis agus chun an riosca a bhaint dár gcuid spleáchais ar an tSín agus chun ár gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe a chur ar bhonn láidir nach raibh a leithéid ann cheana. Tá an tAontas tar éis an chéad chlár Eorpach um thionscal cosanta na hEorpa a sheoladh freisin, clár a chuirfear i gcrích sna blianta atá romhainn.

Is comhrac ar son na hEorpa a bheidh i dtoghcháin 2024. Beidh ar an bhfeachtas toghcháin freastal ar ionchais na saoránach, agus an ról atá acu i gcinnteoireacht na hEorpa a urramú. Ceisteanna mar an imirce, an t-athrú aeráide agus an tacaíocht don Úcráin lena dtír dhúchais a chosaint ar ionsaí na Rúise, is ceisteanna iad a bhaineann le gach uile dhuine inár measc atá buartha faoin tsaoirse, faoin daonlathas agus faoin tsíocháin. Beidh ar na polaiteoirí tofa a seacht ndícheall a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear tús as an nua leis an mbeartas um méadú ar bhealach éifeachtach. Nuair a bheidh díospóireacht á déanamh acu leis na hiarrthóirí faoin gcúram a bheidh le cur díobh acu go ceann cúig bliana eile, caithfidh na feisirí a thoghfar a thuiscint go bhfuil an tóin ag titim as saol a bhfuil an tAontas Eorpach páirteach ann, é ar scaradh gabhail idir an daonlathas agus réimis an fhorlámhais. Beidh toghcháin á ngairm ar fud an domhain in 2024, agus tá daonra 4 mhilliún duine sna tíortha a mbeidh vóta á chaitheamh iontu.

Beimidne Eorpaigh ag tabhairt aird ar leith ar an vóta a chaithfidh na Meiriceánaigh i dtoghchán na huachtaránachta. Beidh an caidreamh trasatlantach ina cheist thábhachtach le linn na ndíospóireachtaí sna toghcháin Eorpacha. Tá sé de dhualgas ar pholaiteoirí agus ar pháirtithe polaitiúla na hEorpa a seacht ndícheall a dhéanamh le dul i gcaidreamh leis na saoránaigh agus iad a spreagadh chun a dtuairim a chur in iúl. Fágann an éiginnteacht gheopholaitiúil gur tábhachtaí sin anois ná riamh. Na páirtithe polaitiúla a chuireann a gcuid iarrthóirí i láthair sna toghcháin, is minic tuairimí éagsúla acu faoi cheisteanna atá ríthábhachtach ar na saolta seo. Is féidir guth a bheith againn féin agus is féidir dúinn tionchar a imirt ar thodhchaí na hEorpa, is é sin ár dtodhchaí féin, ach cúrsaí a phlé leis na hiarrthóirí inár saoránaigh dúinn vóta a chaitheamh. Cuid den am bíonn fearg agus frustrachas orainn. Ach sin é go díreach an fáth a bhfuil ár rannpháirtíocht ghníomhach san idirphlé polaitiúil toghcháin chomh tábhachtach.

In 2019, den chéad uair riamh, bhí líon na ndaoine a chaith vóta sna toghcháin Eorpacha os cionn 50 faoin gcéad de bheagán. Is é vóta na nEorpach óg ba chúnamh leis an ráta rannpháirtíochta a ardú. Ar bhealach amháin, is dea-scéala gur bhain leath na ndaoine atá i dteideal vótáil úsáid as a gceart chun vótála. Ach ar bhealach eile, ciallaíonn sé nár vótáil leath na saoránach san Eoraip a bhfuil ceart chun vótála acu. In 2024, is mairg a ligfí do dhaoine eile a chinneadh cé a dhéanann ionadaíocht orainn i gcinnteoireacht agus i reachtaíocht na hEorpa. Laghdaíonn rannpháirtíocht íseal dlisteanacht na ndaoine a thoghtar agus is laigide í an ról atá acu i bParlaimint na hEorpa. Is den fhreagracht mhór atá ar na páirtithe polaitiúla a gcuid vótálaithe a mhealladh amach chun vótála.

Le blianta fada anuas, mheas muintir na hEorpa gurb iad rialtais na mBallstát ab ionadaithe dóibh san Aontas Eorpach. Tabharfaidh toghcháin 2024 deis dúinn cumhacht Pharlaimint na hEorpa a léiriú iarbhír mar ghuth na saoránach. Beidh vótálaithe ann nár chaith vóta cheana. I gcúig Bhallstát, vótálfaidh daoine atá 16 bliana d’aois. Beidh na daoine óga ag súil le rudaí éagsúla ó na daoine óga. Chonaiceamar a leithéid chéanna cheana le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus is rud é atá á chloisteáil againn anois le linn na bpainéal leantach a reáchtáil an Coimisiún Eorpach. Ba cheart do pholaiteoirí leas a bhaint as na toghcháin Eorpacha mar phróiseas chun glúin nua vótálaithe agus polaiteoirí a chothú, mar dheis chun feabhas a chur ar an oideachas polaitiúil trédhearcach, chomh maith le cothú na féiniúlachta agus na muiníne.

Tá straitéis chumarsáide Pharlaimint na hEorpa le haghaidh thoghcháin AE 2024 ag díriú ar dhaoine a staon ón vótáil go deireanach agus ar vótálaithe nua a shlógadh, ar chuidiú le daoine eile lena mbaineann, lena n-áirítear na meáin, eagraíochtaí neamhrialtasacha, cuideachtaí agus daoine aonair, ar thacú le rannpháirtíocht shibhialta neamhpháirtíneach shaoránaigh agus eagraíochtaí na hEorpa chun an tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh a chur chun cinn.

Feicimid cheana féin ladar na n-eachtrannach sna toghcháin Eorpacha, oibríochtaí hibrideacha sa bhréagaisnéis ag scriosadh na muiníne atá ag cuid againn as na hinstitiúidí agus as na polaiteoirí agus ag cur chaol na dinge eadrainn lena gcuid scéalta claonta. Tá sé seo ag tarlú roimh na toghcháin; beidh tuilleadh ann le linn na dtoghchán, agus beidh na paiteolaíochtaí iar-thoghcháin ann. Ní mór dlíthe i gcoinne na bréagaisnéise a fhorfheidhmiú. Ní leor iontu féin na gníomhaíochtaí náisiúnta agus Eorpacha. Tá cistiú ar fónamh ag teastáil uainn chun tacú leis an gcur chuige ‘uile-shochaí’ chun bréagaisnéis agus lucht scaipthe na bréagaisnéise a aimsiú arae tá tionchar acu sin ar shaol laethúil na ndaoine agus ar a gcuid roghanna straitéiseacha.

Faoi scáth na dtoghchán seo, tá cinniúint an daonlathais, cinniúint na saoirse agus cinniúint na slándála idir dhá cheann na meá. Agus tá tábhacht leis an vóta.

Danuta Hübner, Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa (Grúpa PPE)