Tá a lántacaíocht tugtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don idirphlé sóisialta éifeachtach a chothú sna Ballstáit óir tá ról lárnach aige maidir le beartais eacnamaíocha, saothair agus shóisialta a mhúnlú lena gcruthaítear dálaí maireachtála agus oibre níos fearr ar fud an Aontais. Tá ról lárnach aige, dá bhrí sin, maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch a chur chun cinn agus a bhaint amach.

Sa tuairim dar teideal An t-Idirphlé Sóisialta mar Cholún Tábhachtach den Inbhuanaitheacht Shóisialta agus d’Athléimneacht na nGeilleagar, agus Aird á tabhairt ar Thionchar na Díospóireachta Poiblí Bríomhaire sna Ballstáit, tugann CESE forbhreathnú ar chleachtais náisiúnta i dtaca leis an idirphlé sóisialta trí iad a scrúdú i gcomhthéacs géarchéimeanna a bhí ann roimhe seo. Pléadh freisin coincheap an idirphlé shóisialta, go háirithe an t-idirphlé trípháirteach, a mbíonn údaráis phoiblí rannpháirteach ann, agus an chaoi a bhféadfadh níos mó a bheith i gceist leis ná an chómhargáil agus gur ionstraim lárnach é chun aon phróiseas athraithe a rialú go fónta.

Dhréachtaigh Vladimíra Drbalová, iarchomhalta de CESE, agus Cinzia Del Rio, comhalta CESE, an tuairim arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach.

Is fearr agus is gasta a fhreagraíonn tíortha a bhfuil sásraí seanbhunaithe um an idirphlé sóisialta acu ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear géarchéimeanna domhanda ar nós phaindéim COVID-19. Mar sin féin, tugadh le fios sa tuairim go bhfuil an t-idirphlé sóisialta fós ilroinnte i roinnt mhaith tíortha agus nach dtarlaíonn sé ach corruair, nó go bhfuil sé lagaithe agus go bhfuil an bonn bainte de neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Liostaítear sa tuairim roinnt moltaí ar mhaithe le bainistiú fónta i ndiaidh na paindéime sna mblianta beaga amach romhainn, lena n-áirítear rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le pleananna téarnaimh náisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme agus maidir le rialachas corparáideach fónta a spreagadh atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta agus ar an gcómhargáil.

Mar sin féin, má tá sé chun bheith éifeachtach ní mór do chomhpháirtithe sóisialta ionadaíocha agus dlisteanacha a bheith rannpháirteach san idirphlé sóisialta agus ba cheart do rialtais a bheith tiomanta páirt a ghlacadh ann chomh maith. Ar an mbealach céanna, is dén tábhacht é neamhspleáchas, saoirse comhlachais agus ceart chun cómhargála na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.

Tá an t-idirphlé sóisialta Eorpach leagtha síos i gConarthaí an Aontais agus ní mór do na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha an leas is fearr is féidir a bhaint as an méid a chuirtear ar fáil dóibh a bhuí leis sin.

Ní mór dóibh a bheith rannpháirteach sa Seimeastar Eorpach de rialachas eacnamaíoch agus, go háirithe, ó thaobh athchóirithe agus beartais fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha a cheapadh agus a chur chun feidhme.

“Is éard atá uainn sásra comhairliúcháin ceangailteach do chomhpháirtithe sóisialta sa Seimeastar Eorpach. Ar an aimsir seo, agus aird á tabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gceapadh pleananna téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear uirlisí do thuairisciú rialtais,” a dúirt Cinzia Del Rio. (ll)