Faoi láthair táimid i ngreim ag géarchéim sláinte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo i stair na hEorpa ná i stair na cruinne: tá an cine daonna buailte go dona léi i ngach cearn den domhan, rud a fhágann nach mór dúinn aghaidh a thabhairt ar a dhíomuaine is atá saol an duine. D’ionsaigh orgánach micreascópach sinn, ach cé nach bhfuilimid in ann é a shárú go fóill, beidh an lá linn.

Den chéad uair sna mílte bliain dár stair, tharla sé go bhfuil ar an gcine daonna a lán gníomhaíochtaí daonna agus sóisialta a dhéanamh gan teagmháil fhisiciúil, gan bheith san áit chéanna, gan caidreamh díreach daonna a bheith ann. Táimid tar éis a fhoghlaim conas maireachtáil “go fíorúil”, rud a athróidh ó bhonn ár modh maireachtála mar dhaoine, ó thaobh na hantraipeolaíochta de. Tá athrú ag teacht ar an domhan agus, dá bhrí sin, ní mór dúinn athrú freisin: ní mór dúinn a fhoghlaim conas uirlisí digiteacha a úsáid chun nascadh le daoine i bhfíschruinnithe, ní mór dúinn foghlaim conas cumarsáid a dhéanamh ar bhealach difriúil, gan bheith le chéile go fisiciúil in aon chor nó ag cleachtadh scaradh sóisialta agus sinn ag teacht le chéile; tá an tsoghluaisteacht ag athrú freisin agus sinn ag iarraidh dul ó áit go háit ar bhealach nua, amhail ar scútair. Níl ansin ach cúpla sampla de na hathruithe móra a tháinig ar ár saol.

Is é an dúshlán atá roimh an nglún seo againne ná dul i ngleic leis na hathruithe agus teacht ar réitigh.

D’ainneoin na ndeacrachtaí, áfach, is daoine sinn, táimid ábalta oiriúnú do na hathruithe. Tá a fhios againn nach bhfuil i gceist anseo ach tamaillín inár stair fhada, agus, luath nó mall, beimid an ann filleadh ar ghnásanna ár nádúir bunaidh mar ainmhithe sóisialta.

Ar bhealach, ba bhrónach an rud é gur go cianda a tionóladh seisiún Iomlánach bunaidh CESE don téarma nua oifige, agus is dóchúil go bhfuil roinnt mhaith daoine den tuairim sin. Ní hionann teacht le chéile go cianda agus bualadh le duine go pearsanta agus aithne a chur ar na comhaltaí nua, dul i gcomhair caife le linn sosa nó dul le haghaidh gloine fíona tar éis lá fada oibre, ní hionann iad ar chor ar bith. Is deiseanna tábhachtacha agus idirghníomhaíochtaí sóisialta iad, ar ndóigh, atá ríthábhachtach chun aithne a chur ar a chéile agus chun barúlacha a mhalartú le chomhghleacaithe nach mór dúinn rudaí a phlé leo agus teacht ar chomhdhearcadh chun ár dtuairimí a thabhairt.

Tuigimid nach mór dúinn na gníomhaíochtaí sin a chur ar fionraí ar feadh tamaill eile, ach fillfimid, luath nó mall, ar na rudaí a fhágann gur neacha daonna ar an uile bhealach sinn.