Tá sé an-tábhachtach do gheilleagar na hEorpa go mbeadh amhábhair, lena n-áirítear miotail, mianraí tionsclaíocha agus amhábhair foirgníochta, agus go háirithe amhábhair chriticiúla, ar fáil go hinbhuanaithe sábháilte toisc go bhfuil ar a laghad 30 milliún post ag brath ar na hamhábhair sin a bheith ar fáil. Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 go bhfuil ríthábhacht leis an gclaochlú digiteach. 

Ag seisiún iomlánach Mheán Fómhair, i dtréimhse a bhfuil tábhacht le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus an phlean téarnaimh don Eoraip, ghlac CESE tuairim féintionscnaimh dar teideal An Mhianadóireacht Dhigiteach san Eoraip: Réitigh nua do tháirgeadh inbhuanaithe amhábhar.

Tá sé á mholadh ag CESE sa tuairim sin earnáil na n-amhábhar san Eoraip a dhigitiú toisc gur deis a bheadh ann cur leis an seasmhacht atá i slabhraí soláthair thionscail na hEorpa, feidhmíocht chomhshaoil earnáil na mianraí a fheabhsú agus cur leis an trédhearcacht agus leis an bplé le saoránaigh agus pobail a mbíonn tionchar ag gníomhaíochtaí mianadóireachta orthu.

Bhí an méid seo le rá ag Marian Krzaklewski, rapóirtéir na tuairime: “Chun claochlú digiteach earnáil na mianadóireachta a bhaint amach, teastóidh iarracht mhór a dhéanamh chun na hathruithe dlí agus rialála a chur i bhfeidhm, agus ba cheart an iarracht sin a dhéanamh faoi scáth eagraíochtaí fornáisiúnta agus ar leibhéal an dlí idirnáisiúnta”.

Tá sé tugtha le fios ag CESE go bhfuil tábhacht le líonra cuimsitheach domhanda faisnéise mianraí a chuirfeadh bonn faoin gclaochlú digiteach agus faoin gcinnteoireacht eolach ar leibhéal na hEorpa. Tá córas faisnéise amhábhar á fhorbairt agus á chothabháil ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus aithníonn CESE an méid sin.

Creideann CESE gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú go gníomhach le claochlú digiteach earnáil na mianadóireachta san Eoraip. Is céim ríthábhachtach sin chun cur le seasmhacht thionscail an Aontais agus le slabhra luacha na n-amhábhar. Bíonn mianaigh ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí digiteacha, e.g. uathoibriú comhtháite, líonraí cognaíocha agus anailísíocht fíor-ama, níos éifeachtúla, níos glaine agus níos sábháilte. Bíonn sé níos éasca lorg comhshaoil laghdaithe agus timpeallachtaí níos sábháilte a bhaint amach i “mianaigh chliste”, agus tá an méid sin ina bhunriachtanas le gur féidir an “cead sóisialta” a fháil chun dul i mbun gnó san Eoraip. (ks)