European Economic
and Social Committee
Ar an gcéad ‘lá orgánach’ de chuid an Aontais, tá sé curtha i bhfáth ag CESE an tábhacht a bhaineann le córais bhia atá níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos cuimsithí a bheith ann
Agus an Eoraip á cur ar bhóthar a leasa de réir a chéile tar éis ghéarchéim COVID-19, is mithid di beart a dhéanamh de réir a briathair agus an straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ a chur chun feidhme. Molann CESE go láidir tacú le córais bhia na hEorpa a athrú ó bhonn ionas go mbeidh siad níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de. Cuireann sé i dtábhacht freisin go bhfuil comhar, seachas iomaíocht, iomlán riachtanach i measc oibreoirí sa bhiashlabhra d’fhonn córas bia níos athléimní agus níos cuimsithí a chothú agus cion cothrom a áirithiú do chách.
Rinne an tAontas Eorpach ceiliúradh ar a chéad ‘lá organach’, an 23 Meán Fómhair 2021 agus tá tuairimí díreach glactha ag CESE i dtaca leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach agus I dtreo Slabhra Soláthair Bia Cothrom.
Beidh deiseanna iontacha ag teacht chun cinn lenar féidir le cinnteoirí na hathruithe atá de dhíth a chur i gcrích. Tá uair na cinniúna sroichte againn maidir le beartas cuimsitheach bia a chur chun feidhme.
Sprioc uaillmhianach: méadú ó 8.5 % go 25 % ar an talamh talmhaíochta a úsáidfear le haghaidh feirmeoireacht orgánach san Aontas a bhaint amach
Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sprioc leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le táirgeadh orgánach san Aontas Eorpach mar chuid den Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus den Straitéis Bhithéagsúlachta: beidh 25 % ar a laghad den talamh talmhaíochta in úsáid le haghaidh feirmeoireacht orgánach faoi 2030.
‘Tá ról ag an bhfeirmeoireacht orgánach maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Beidh cur chuige atá dírithe ar an margadh ríthábhachtach maidir le héileamh tomhaltóirí a mhéadú agus an mhuinín as táirgí orgánacha a fheabhsú,’ a dúirt Andreas Thurner, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le táirgeadh orgánach.
Mar sin féin, cuireann CESE i dtábhacht gur gá acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ann chun a áirithiú go mbainfidh saoránaigh uile an Aontais tairbhe as an móraistriú seo chuig an bhfeirmeoireacht orgánach. (mr)