European Economic
and Social Committee
Kinga Joó: tá an teaghlach in ann córas imdhíonachta na sochaí a láidriú
An 10 Márta, bhí rud éigin coimhthíoch trom san aer le linn chruinniú Chomhchoiste Comhairliúcháin AE-na Seirbia a tionóladh sa Bhruiséil. Nuair a tháinig deireadh leis an gcruinniú sin, ba léir go raibh deabhadh abhaile ar gach éinne. Agus mé ag filleadh ar an mbaile dom, thuig mé go raibh suaitheadh mór amach romhainn agus d’airigh mé gurbh í an eitilt sin an eitilt dheireanach a dhéanfadh mé go ceann scaitheamh fada. Le linn na tréimhse sin san Ungáir, ba é a bhí le sonrú i measc an phobail an éiginnteacht agus an easpa tuisceana ar an méid a bhí ag titim amach. Ach tuigeadh cé chomh tromchúiseach agus a bhí an cás, áfach, nuair a d’fhógair an rialtas go gcuirfí imeachtaí an cheiliúrtha náisiúnta a bhí beartaithe don 15 Márta ar ceal.
Ar nós a lán tíortha eile san Eoraip, dhún an Ungáir teorainneacha na tíre agus glacadh bearta sriantacha éagsúla. Cuireadh na ranganna scoile ar líne. Aon duine a bhí in ann oibriú ón mbaile, rinne siad amhlaidh. Agus ní raibh ach ciúnas uaidh sin amach sna sráideanna agus sna spásanna poiblí a mbíonn tarraingt mhór orthu de ghnáth. Cé gur fógraíodh stádas éigeandála go luath ina dhiaidh sin, níor cuireadh dianghlasáil iomlán i bhfeidhm sa tír mar sin féin. Níor dhún na spásanna poiblí go léir agus níor cuireadh bac iomlán ar dhaoine a dtithe a fhágáil. An díoltóir uachtar reoite is ansa linn, atá suite ar chúinne na sráide, d’fhan sé ar oscailt, rud a raibh mo pháistí féin an-sásta leis.
Agus bhí an-tábhacht leis na rudaí sin a thug faoiseamh éigin don dream óg le linn thréimhse sin an choraintín. Chun an fhírinne a rá, chabhraigh na páistí go mór linn, de réir mar a d’fhéadfaidís, chun cosaint éifeachtach a thabhairt dár dteaghlach. Laistigh de bhallaí an tí, rinne siad a ndícheall cluichí a imirt gan mórán torainn a dhéanamh, ghlac siad leis nach mbeadh aon chóisir acu dá mbreithlá agus chaithidís na huaireanta an chloig os comhair an scáileáin (cé go mbímis ag bagairt orthu roimhe sin dá ndéanfaidís a leithéid). Ach an oiread leis na páistí, bhí ar an dream aosta freisin iad féin a choimeád ar leithlis ar an mórgóir. In a lán áiteanna, tháinig na comharchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta le chéile chun cúnamh a thairiscint do na daoine sin nach raibh in ann a dteach féin a fhágáil. In a lán cásanna, áfach, ba bhaill dá dteaghlach féin a raibh orthu sin a dhéanamh dóibh.
Ó mo thaobhsa de, is é a d’fhoghlaim mé ó na seachtainí sin atá imithe thart an ról tábhachtach atá ag ár dteaghlach agus ár ngaolta in éigeandáil den chineál seo. Is léir go bhfuil an teaghlach in ann córas imdhíonachta na sochaí a láidriú, ach tuigimid freisin anois cé chomh leochaileach is atá an teaghlach agus an méid cúnaimh a theastaíonn uaidh. Chuige sin, tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. San eagraíocht a bhfuil mé féin i mo bhall di, ba spéisiúil a fheiceáil cé chomh mór agus a bhí an gá le cúnamh meabhairshláinte, sa bhreis ar an gcúnamh praiticiúil, m.sh. síntiúis, tacaíocht lóistíochta agus cúnamh oideachais.