Oibrím do Chónaidhm Fheirmeoirí na Sualainne (LRF) agus, ag tús na paindéime, d'oibríomar go crua chun soláthar bia a chinntiú.

Tá scéim againn in LRF d’fheirmeoirí atá i ngátar. Má éiríonn feirmeoir tinn, tá grúpaí ann atá in ann cuidiú le haire a thabhairt d'ainmhithe nó déileáil le praiticiúlachtaí eile le linn an tinnis. Bunaíodh an scéim sin go gasta siar i mí an Mhárta.

Tá LRF ag cuidiú le gnólachtaí chun lucht cuardaithe post agus feirmeoirí nach bhfuil a ndóthain lucht saothair acu a chur i dteagmháil le chéile – mar shampla, thairg táirgeoir glasraí daoine ó óstán in aice láimhe a dúnadh a fhostú agus tá an iliomad samplaí eile den chineál sin ann. A bhuí le tionscnaimh dá leithéid agus ó tharla go raibh a lán oibrithe séasúracha ó thíortha eile in ann teacht chun na Sualainne, tá an lucht saothair atá ag teastáil ó na hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta, a bhí gann i bhfoireann ar dtús, faighte acu anois, a bheag nó a mhór.

Bhí ar roinnt mhaith feirmeacha, go háirithe táirgeoirí glasraí, barra eile a fhás i mbliana agus bhí ar fhoraoiseoirí gníomhaíochtaí áirithe a chur ar athlá. Ina ainneoin sin, ar an iomlán, is beag dochar a rinneadh d’earnáil na talmhaíochta (lena n-áirítear earnáil na gairneoireachta) sa tSualainn i gcomparáid le tíortha Eorpacha eile.

Mar sin féin, creideann ár n-eagraíocht nach mór dúinn ár ndlúthpháirtíocht a léiriú lasmuigh de shaol na feirmeoireachta. Rud amháin a bhíomar in ann a dhéanamh ná bileoga plaisteacha ó na hosteilgeoirí inár n-oifig i Stócólm a dheonú chun scáthláin chosanta a dhéanamh d’oibrithe sláinte.

Ó mo thaobh féin de, tá an t-ádh dearg orm. Níor tháinig COVID-19 ar aon duine muinteartha liom.

Is féidir liom a bheith chomh táirgiúil céanna is cuma más ag obair ón mbaile nó san oifig atáim. Is féidir liom cuid de mo chomharsana a chloisteáil ag argóint san fhoirgneamh a bhfuil cónaí orm ann agus cuireann sé mé ag smaoineamh orthu siúd nach bhfuil chomh maith céanna as sa ghaibhniú seo ‒ is é sin daoine a bhfuil a bpost caillte acu, leanaí nach féidir leo dul ar scoil agus nach raibh béile scoile acu ar feadh tamall fada agus teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu in árasáin bheaga gan mórán spáis acu chun obair ná obair bhaile a dhéanamh.

Braithim uaim mo theaghlach, go háirithe mo thuismitheoirí a bhfuil aois mhór acu. Airím uaim gnáthrudaí, mar shampla, bualadh le cuid mhór daoine ag an aon am amháin. Agus, dar ndóigh, braithim uaim an oifig agus mo chuid comhghleacaithe.

In ainneoin na péine, an chumha agus an tsuaite atá ann de dheasca COVID-19, creidim go bhfuil ceachtanna á bhfoghlaim againn uaidh. Thar aon ní eile, measaim go bhfuilimid ag foghlaim cén chaoi ar cheart dul i ngleic leis an éiginnteacht. Táimid cleachta le bheith in ann ár saol a phleanáil ach, de dheasca na paindéime, go háirithe ag an tús, ní raibh an dara rogha againn ach ár nósanna a athrú. Anois, tá nósanna nua againn ach níl a fhios againn cá fhad a mhairfidh an tréimhse éiginnteachta seo.

Nuair a thiocfaidh deireadh léi, is é an chéad rud ba mhaith liom a dhéanamh ná bualadh le mo thuismitheoirí agus le muintir mo chéile. Bhí picnic agam le mo thuismitheoirí sa pháirc lá, agus scaradh sóisialta á chleachtadh againn, ach táim ag súil go mór le ham a chaitheamh leo san fhíorshaol, faoi mar a rinneamar sna laethanta a bhí.