Beidh sé níos éasca earraí a aistriú trí úsáid a bhaint as meascán d'iompar ar uisce agus d’iompar ar talamh san Eoraip a luaithe a réiteofar fadhbanna a bhaineann leis an idirmhódúlacht. Sa tuairim a dhréachtaigh Stefan Back agus a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Iúil, tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dá aire go mbíonn tionchar mór ag an easpa idir-inoibritheachta agus ag droch-bhonneagar ar fhorbairt iompair lastais chomhtháite, rud a fhágann gur minic nach bhfuil an dara rogha ag oibreoirí ach iompar de bhóthar a úsáid. Bíonn toradh iarmhartach diúltach aige sin ar an gcomhshaol.

Agus é ag labhairt ar ghlacadh na tuairime, dúirt Stefan Back go raibh cur chuige pragmatach agus tíosach ar acmhainní ó thaobh na rialála de dhíth ar an Aontas: ‘Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt go díreach ar na saincheisteanna atá ar feitheamh agus réiteach tapa a fháil orthu. Ní mór don iompar ilmhódach agus don lóistíocht a bheith éifeachtúil agus inbhuanaithe, agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an iompar aonmhódúil de bhóthar go háirithe, níor cheart go mbeadh siad níos costasaí, níos moille ná níos neamhiontaofa. Ní leor creat rialála tiomnaithe a chur ar bun nó níos mó airgid a infheistiú chun réiteach inmharthana fadtéarmach a bhaint amach.’

I láthair na huaire, tá an t-iompar lastas ilmhódach ar díth éifeachtúlachta agus inbhuanaitheachta. Bíonn costas suntasach ag baint le modhanna éagsúla iompair ar uisce agus ar talamh a chomhcheangal mar gheall ar chostais trasloingsithe agus idirbhirt. Ina theannta sin, bíonn míbhuntáistí amhail tréimhsí fada seachadta, castacht, leibhéal riosca níos airde agus níos lú iontaofachta i gceist. Mar gheall ar an méid sin, níl an t-iompar ilmhódach tarraingteach faoi láthair. D’fhonn páirt iomlán a ghlacadh sa chóras iompair, ní mór don iompar ilmhódach a bheith iomaíoch ann féin agus ní mór dó sreafaí éifeachtúla agus rianúla a bhaint amach ar an gcostas céanna leis an iompar aonmhódúil. (mp)