An intleacht shaorga: is as an Eoraip iad 18 % de thaighdeoirí ardleibhéil an domhain cé nach n-oibríonn ach 10 % díobh san Eoraip

Tharraing Jayant Narayan ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda aird ar na figiúirí sin le linn díospóireacht ar an Intleacht Shaorga (IS) ag seisiún iomlánach mhí Iúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Dúirt sé go mbeidh ar an Eoraip infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha ionas gur féidir léi a bheith iomaíoch agus éiceachóras a chruthú inar féidir le IS dul chun cinn suntasach a dhéanamh.

Mar chuid de sheisiún iomlánach deireanach CESE roimh shos an tsamhraidh, tionóladh díospóireacht dar teideal An Intleacht Shaorga agus fíorluachanna: ár dtodhchaí dhigiteach agus bhí Jayant Narayan, ceannaire na Comhghuaillíochta Domhanda um Intleacht Shaorga san Fhóram Eacnamaíoch Domhanda i láthair.

Agus é ag díriú ar na dúshláin atá roimh na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar mhaith leo úsáid a bhaint as IS, chuir Jayant Narayan i bhfios go láidir go raibh réitigh nua ag teacht chun cinn, amhail IS gan cód, lenar féidir le comhlachtaí agus daoine aonair oibriú ar réitigh IS gan eolaithe sonraí atá oilte go hiomlán a bheith fostaithe acu, ach nár cheart a mheas gur réiteach gasta é an méid sin. Chuir sé in iúl go láidir gur gá díriú go meántéarmach agus go fadtéarmach ar FBManna a chumhachtú chun an cumas áitiúil agus inmheánach is gá a fhorbairt d’fhonn IS a chur in úsáid. Tá gnéithe éagsúla, amhail scileanna, ag teastáil chuige sin agus, i gcás IS agus na heolaíochta sonraí, ní féidir na scileanna is gá a fhorbairt thar oíche. Tá ról lárnach ag an gcistiú agus ag nuálaíocht sa phróiseas sin, dar le Narayan.

Nuair a cuireadh ceist ar Narayan maidir leis an bhfáth a bhfuil an Eoraip ag titim chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín, dúirt sé cé go raibh iomaí cúis leis sin; bhí ról tábhachtach ag tacaíocht na rialtas agus ag an gcisitiú, mar shampla, ó theacht chun cinn Silicon Valley go dtí an Gníomh um Nuálaíocht agus Iomaíochas a formheasadh go dépháirteach le déanaí agus lena leagtar síos go leithdháilfear USD 250 billiún ar an teicneolaíocht agus an nuálaíocht.

‘Le cistiú den chineál sin, cruthaítear an cineál margaidh ina n-oibreoidh formhór na dtaighdeoirí agus na n-eolaithe sonraí ardleibhéil sa deireadh. Agus ní réiteach gearrthéarmach é sin. Is dearcadh meántéarmach agus fadtéarmach é maidir le héiceachóras a chruthú ina ndírítear ní hamháin ar luach áitiúil a ghiniúint, ach ar a bheith ar thús cadhnaíochta laistigh den éiceachóras sin chomh maith.’ Luaigh sé staidéir a rinneadh le déanaí ina léirítear gur as an Eoraip iad 18 % de thaighdeoirí ardleibhéil an domhain cé nach n-oibríonn ach 10 % díobh san Eoraip.

Thug Narayan aghaidh ar an gceist maidir le IS agus an tsochaí shibhialta agus ar cé acu atá nó nach bhfuil forbairt IS ag dul chun leasa na sochaí ina hiomláine nó chun leasa grúpaí áirithe amháin.

Agus é ag lua staidéar ina léirítear gurbh as moltaí faoi thiomáint IS a d’eascair idir 30 % agus 40 % d’ioncam Amazon a gineadh le déanaí, chuir Narayan i bhfáth a rábaí atá IS agus gurb é sin a fáth a bhfuil an stóinseacht, an inmhínitheacht, an mhuinín agus an trédhearcacht chomh ríthábhachtach sin. Dúirt sé go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an inmhínitheacht agus leis an tsábháilteacht, ach go raibh sé sin á dhéanamh trí réitigh ceannródaíocha agus nach féidir a bheith ag súil leis go mbeadh rochtain ag gach duine ar a leithéid de réitigh.

Cé gur admhaigh sé nach raibh easpa prionsabal ‘ann’, dúirt sé gurb é an imní is mó atá romhainn féachaint an bhfuil na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm go fírinneach agus an bhfuil leasanna na sochaí sibhialta á gcosaint acu. Thuar sé go n-eascródh dul chun cinn as meascán de chreataí rialála san earnáil phoiblí agus de chreataí tionscail. Dar leis, tiocfadh athrú ar chúrsaí trí idirphlé idir an lucht tionscail agus na rialtóirí agus go mb’fhéidir go gcuirfeadh an lucht tionscail tús leis an ngníomhaíocht, fiú ar bhonn deonach, amach anseo.