le comhalta CESE, Cristian Pîrvulescu

Níl amhras ar bith ann ach gur imithe le sruth iad na laethanta úd sin a bhíomar in ann talamh slán a dhéanamh de chearta bunúsacha, den smacht reachta, agus den daonlathas ar an mór-roinn. Is léire ná riamh nach mór na luachanna sin a chosaint go réamhghníomhach i gcoinne an phobalachais, na fuathchainte, ionsaithe ar mhionlaigh, an laghdaithe spáis don tsochaí shibhialta, agus an chlaonta atá ar roinnt rialtas díriú ar chumhacht. Tá an Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE dírithe ar chultúr a chothú san Eoraip atá bunaithe ar na cearta bunúsacha.

Le blianta beaga anuas, bhí ar mhór-roinn na hEorpa seo againne aghaidh a thabhairt ar an iliomad géarchéimeanna, géarchéimeanna a d’fhág gur caitheadh amhras ar luachanna uile an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh. Ó thús na mílaoise nua, bhí ar mhuintir na hEorpa dul i ngleic leis an uafás dúshlán de dheasca na ngéarchéimeanna sin. Gan ach dornán de na cinn ba mheasa a lua, bhí géarchéim airgeadais na bliana 2008 agus na bearta déine, danartha a tháinig ina diaidh, na bagairtí slándála agus sceimhlitheoireachta a chuaigh i méid, an mórdhúshlán daonnúil a chonacthas i stadanna uafásacha na n-iarrthóirí tearmainn, agus an ghéarchéim sláinte ba mheasa dá bhfacthas le céad bliain anuas.

Ní fhéadfadh CESE a bheith díomhaoin, gan dada a dhéanamh. Bhunaigh sé Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta (FRRL) in 2018, grúpa a bhfuil 21 bhall air agus a bhfuil sé d’onóir agam a bheith i mo chathaoirleach air tar éis dom teacht i gcomharbas ar mo chomhghleacaí dílis, José Antonio Moreno Díaz. Sa ghrúpa sin, is féidir leis an tsochaí shibhialta a cuid tuairimí maidir le forbairtí i réimse na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta sna Ballstáit a roinnt.

Eagraíonn Grúpa FRRL cuairteanna tíre ar gach Ballstát den Aontas ionas gur féidir leis buaileadh leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le gairmithe sa dlí agus sna meáin, agus leis na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit éagsúla. Agus a mbarúlacha á gcur san áireamh, cuireann an grúpa tuarascálacha i dtoll a chéile ina ndéantar cur síos ar an staid i ngach tír.

Ní hé anailís dhlíthiúil a chur ar fáil bun agus barr an ghrúpa. Seachas sin, is é cur chuige foriomlán an ghrúpa féachaint le hidirphlé cuiditheach a éascú maidir leis na saincheisteanna sin a mbíonn ina gcnámh spairne scaití. Tá aiseolas an-dearfach ar fad faighte againn ó ionadaithe ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil sé tugtha faoi deara acu gur spreagadh malartuithe náisiúnta a bhuí leis na tuarascála a chuirimid le chéile.

Is príomhchuspóir eile de chuid Ghrúpa FRRL é tógáil ar na cuairteanna tíre sin chun treochtaí a thagann chun cinn san Eoraip a thabhairt chun léire. Ag éirí as sin, d’eagraíomar ár gcéad chomhdháil i mí na Samhna 2019 ar mhaithe le forléargas foriomlán a thabhairt ar a bhfuil ag teacht chun cinn sa tuarascáil sintéise maidir leis na chéad chuairteanna tíre. Reáchtálfar an dara comhdháil i mí na Samhna 2021 agus, an tráth sin, tabharfar na geallsealbhóirí le chéile ar mhaithe le plé a dhéanamh ar na Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Smacht Reachta.

Is é an sprioc mheántéarmach atá againn fóram níos leithne na sochaí sibhialta a fhorbairt a fhágfaidh go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí cuimsitheacha oscailte maidir le luachanna an Aontais a chosaint. Is é an chéad chéim eile atá amach romhainn rannán gréasáin nua a sheoladh go luath ar a mbeidh na geallsealbhóirí in ann barúlacha scríofa a roinnt.

Ba mhaith le Grúpa FRRL a chion féin a dhéanamh maidir le cultúr comhroinnte Eorpach na gceart bunúsach, an smachta reachta, agus an daonlathais a fhorbairt. I dteannta cuairteanna tíre agus comhdhálacha, tá aird ar leith tugtha ag Grúpa FRRL ar ghéarchéim COVID-19 agus d’eagraigh sé éisteachtaí maidir le tionchar na géarchéime agus an téarnamh uaithi. Tá dhá thuairim féintionscnaimh seolta aige freisin, ceann maidir le cur i gcoinne thionchar na géarchéime agus ceann eile maidir le gné an smachta reachta sna cistí téarnaimh.

Ar an iomlán, is é an buntáiste is mó luach a bhaineann le Grúpa FRRL ná go gcuireann sé le dearcadh socheacnamaíoch na gceart bunúsach agus an smachta reachta, agus go gcruthaíonn sé comhghuaillíocht ina bhfuil gach sórt eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta, á gcur san áireamh na comhpháirtithe sóisialta. Tá an tuairim a foilsíodh maidir le tionchar an smachta reachta ar an bhfás eacnamaíoch ina léiriú ar an gcur chuige sin agus ar an spéis mhéadaitheach atá ag fostóirí agus oibrithe, mar aon le fórsaí na sochaí sibhialta a ndéantar ionadaíocht orthu sa Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE, sna ceisteanna sin. Is cuid lárnach d’obair Ghrúpa FRRL é rannpháirtíocht ghníomhach gach grúpa.